User manual
deimhnithe.
7.2
Cuntas Google
Sínigh isteach
Is féidir leat síniú isteach go Google le do Chuntas
Google chun an leas is fearr a a bhaint as cumais do
Philips Android TV.
Nuair a shíníonn tú isteach, beidh tú in ann na cluichí
is ansa leat a imirt ar d'fhón, do thaibleád nó ar do
theilifís. Gheobhaidh tú moltaí pearsantaithe físe agus
ceoil freisin ar scáileán baile do theilifíse chomh maith
le rochtain ar YouTube, Google Play agus
feidhmchláir eile.
Sínigh isteach
Úsáid an Google Account atá agat cheana féin chun
síniú isteach go Google ar do theilifís. Seoladh
ríomhphoist agus pasfhocal atá i gceist le Cuntas
Google. Mura bhfuil Cuntas Google agat fós, úsáid do
ríomhaire nó do thaibléad chun ceann a chruthú
(accounts.google.com). Teastaíonn próifíl Google+
uait chun cluichí a imirt ar Google Play. Murar shínigh
tú isteach i rith chéad shuiteáil na teilifíse, is féidir leat
síniú isteach níos déanaí.
Chun síniú isteach tar éis suiteáil na teilifíse a bheith
déanta …
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe Android agus brúigh OK.
3 - Brúigh (síos) agus
roghnaigh Pearsanta > Cuir cuntas leis an
liosta agus brúigh OK.
4 - Brúigh OK ar SIGN IN.
5 - Cuir isteach do sheoladh ríomhphoist leis an
méarchlár ar an gcianrialtán agus brúigh an eochair
bheag OK ar thaobh na láimhe deise den
mhéarchlár.
6 - Cuir isteach do phasfhocal agus brúigh an
eochair bheag chéanna OK chun síniú isteach.
7 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Má tá uait síniú isteach le Cuntas Google eile, sínigh
amach ar dtús agus ansin sínigh isteach leis an
gcuntas eile.
Socruithe Android
Is féidir leat roinnt socruithe sonracha nó eolas
Android a shocrú nó a fheiceáil. Is féidir leat liosta na
bhfeidhmchlár atá suiteáilte ar do theilifís a aimsiú,
agus an spás stórála atá ag teastáil uathu. Is féidir leat
an teanga a úsáideann tú a shocrú le Cuardach
Gutha. Is féidir leat an méarchlár ar an scáileán a
chumrú nó cead a thabhairt d'fheidhmchláir do
shuíomh a úsáid. Bain triail as na socruithe éagsúla
Android. Is féidir leat dul go
dtí www.support.google.com/androidtv chun
tuilleadh eolais a fháil faoi na socruithe seo.
Chun na socruithe seo a oscailt…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe Android.
3 - Bain triail as na socruithe éagsúla Android.
4 - Brúigh BACK arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
7.3
Gailearaí na bhFeidhmchlár
Philips
Feidhmchláir Philips
Nasc an teilifís leis an Idirlíon chun leas a bhaint as na
feidhmchláir atá roghnaithe ag Philips. Rinneadh na
feidhmchláir in Gailearaí na bhFeidhmchlár Philips go
sainiúil don teilifís. Tá íoslódáil agus suiteáil
feidhmchlár ó Ghailearaí na bhFeidhmchlár in aisce.
Tá Gailearaí na bhFeidhmchlár Philips in ann a bheith
éagsúil i dtíortha nó réigiúin éagsúla.
Bíonn roinnt feidhmchlár ó Ghailearaí na
bhFeidhmchlár suiteáilte ar do theilifís roimh ré. Iarrfar
ort glacadh leis na Téarmaí Úsáide sula mbeidh tú in
ann feidhmchláir eile ó Ghailearaí na bhFeidhmchlár
a shuiteáil. Is féidir leat na Socruithe Príobháideachta
a shocrú de réir mar a fheileann duit.
Chun feidhmchlár a shuiteáil ó Ghailearaí na
bhFeidhmchlár…
1 - Brúigh HOME.
2 - Scrolláil síos agus roghnaigh Bailiúchán
Philips > Gailearaí na bhFeidhmchlár agus brúigh
OK.
3 - Roghnaigh deilbhín feidhmchláir agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh Suiteáil agus brúighOK.
41










