User manual
8
Feidhmchláir
8.1
Maidir le Feidhmchláir
Is féidir leat gach feidhmchlár atá suiteáilte a aimisú
sa rannán Feidhmchláir den roghchlár Baile.
Díreach cosúil le feidhmchláir ar d'fhón cliste nó do
thaibléad, tairgeann na feidhmchláir ar do theilifís
feidhmeanna sonracha chun d'eispéireas teilifíse a
shaibhriú. Feidhmchláir cosúil le YouTube, cluichí
teilifíse nó tuartha aimsire (i measc feidhmchlár eile).
Is féidir leat úsáid a bhaint as an bhfeidhmchlár Idirlín
chun brabhsáil ar an Idirlíon.
Tá Feidhmchláir in ann teacht ó Gailearaí na
bhFeidhmchlár Philips nó ó Google Play™ Store. Tá
roinnt Feidhmchlár praiticiúil réamhshuiteáilte ar do
theilifís.
Chun feidhmchláir a shuiteáil ó Gailearaí na
bhFeidhmchlár Philips nó ón Google Play Store, ní
mór don teilifís a bheith nasctha leis an Idirlíon. Ní mór
duit glacadh leis na Téarmaí Úsáide chun feidhmchláir
ó Ghailearaí na bhFeidhmchlár a úsáid. Ní mór duit
síniú isteach le Cuntas Google chun na feidhmchláir
Google Play agus Google Play Store a úsáid.
8.2
Google Play
Scannáin agus teilifís
Is féidir leat scannáin nó cláir teilifíse a thógáil amach
ar cíos nó a cheannach le Google Play Movies & TV.
A bhfuil de dhíth ort
• ní mór do do theilifís a bheith nasctha leis an Idirlíon.
• ní mór duit síniú isteach le do Chuntas Google ar an
Teilifís
• cuir cárta creidmehasa le do Chuntas Google chun
scannáin agus clár teilifíse a cheannach
Chun scannán nó clár teilifíse a thógáil amach ar cíos
nó a cheannach…
1 - Brúigh HOME.
2 - Scrolláil síos agus roghnaigh Feidhmchláir >
Google Play Movies & TV agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh scannán nó clár teilifíse agus brúigh
OK.
4 - Roghnaigh an t-earra atá uait agus brúigh OK.
Treorófar tríd an bpróiseas ceannacháin tú.
Chun féachaint ar scannán nó clár teilifíse atá ar cíos
nó ceannaithe…
1 - Brúigh HOME.
2 - Scrolláil síos agus roghnaigh Feidhmchláir >
Google Play Movies & TV agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh an scannán nó an clár teilifíse ó do
leabharlann san fheidhmchlár, roghnaigh an teideal
agus brúigh OK.
4 - Is féidir leat úsáid a bhaint as na heochracha
(stop), (cuir ar sos), (atochras) nó
(mearchasadh) ar an gcianrialtán.
5 - Chun an feidhmchlár Movies & TV a
stopadh, brúigh BACK arís agus arís eile nó
brúigh EXIT.
Tá roinnt táirgí agus gnéithe Google Play nach bhfuil
ar fáil i ngach tír.
Faigh tuilleadh eolais ar
support.google.com/androidtv
Ceol
Is féidir leat an ceol is ansa leat a sheinnt ar an teilifís
le Google Play Music.
Is féidir leat ceol nua a cheannach ar do ríomhaire nó
ar do ghléas soghluaiste le Google Play Music. Nó is
féidir leat liostaáil le All Access ar do theilifís, an
suibscríbhinn do Google Play Music. Mar rogha air
sin, is féidir leat an ceol ar leat é cheana féin agus atá
stóráilte ar do ríomhaire a sheinnt.
A bhfuil de dhíth ort
• ní mór do do theilifís a bheith nasctha leis an Idirlíon.
• ní mór duit síniú isteach le do Chuntas Google ar an
Teilifís
• cárta creidmheasa a chur ar do Chuntas Google
chun suibscríbhinn ceoil a thógáil
Chun Google Play Music a thosú…
1 - Brúigh HOME.
2 - Scrolláil síos agus roghnaigh Feidhmchláir >
Google Play Music agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh an ceol atá uait agus brúigh OK.
4 - Chun an feidhmchlár Ceoil a stopadh,
brúigh BACK arís agus arís eile nó
brúigh EXIT.
Tá roinnt táirgí agus gnéithe Google Play nach bhfuil
ar fáil i ngach tír.
Faigh tuilleadh eolais ar
support.google.com/androidtv
Cluichí
Is féidir leat cluichí a imirt ar an teilifís le Google Play
Games. Ar líne nó as líne.
Is féidir leat an cluiche atá á imirt ag do chairde faoi
láthair a fheiceáil nó páirt a ghlacadh. Is féidir leat a
bhfuil bainte amach agat a thaifeadadh nó tosú ón áit
ar chríochnaigh tú an uair dheireanach.
44










