User manual

Socruithe monarchan
Is féidir leat an teilifís a athrú ar ais go dtí na socruithe
teilifse a bhí ann ó thús (na socruithe monarchan).
Chun athrú ar ais go dtí na socruithe bunaidh…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe Ginearálta agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Socruithe monarchan.
4 - Roghnaigh OK.
5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Athshuiteáil an teilifís
Is féidir leat suiteáil iomlán teilifíse a dhéanamh arís.
Déanfar an teilifís a athshuiteáil go hiomlán.
Chun suiteáil iomlán teilifíse a athdhéanamh…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe Ginearálta agus
roghnaigh Athshuiteáil teilifís.
3 - Lean na treoracha ar an scáileán. D'fhéadfadh an
tsuiteáil roinnt nóiméad a thógáil.
12.7
Clog, Réigiún agus Teanga
Teanga teilifíse
Chun teanga na roghchlár agus teachtaireachtaí
teilifíse a athrú…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Réigiúin agus Teanga agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Teanga > Teanga Roghchláir.
4 - Roghnaigh an teanga atá uait agus brúigh OK.
5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Roghanna Teanga
Socruithe Fuaime Teanga
Is féidir le cainéil dhigiteacha teilifíse fuaim a
chraoladh i gcás roinnt teangacha labhartha do chlár.
Is féidir leat an phríomhtheanga fuaime agus an
teanga thánaisteach fuaime is fearr leat a shocrú. Má
tá fuaim ar fáil i gceann de na teangacha sin, athróidh
an teilifís go dtí an fhuaim sin.
Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fuaime is
fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fuaime eile atá ar
fáil a roghnú.
Chun an phríomhtheanga agus an teanga
thánaisteach fuaime a shocrú…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Reigiún agus Teanga agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Teangacha > Fuaim
Phríomhúil Fuaim Thánaisteach.
4 - Roghnaigh an teanga atá uait.
5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Fotheidil
Cas As
Chun Fotheidil a chasadh air, brúigh SUBTITLE.
Is féidir leat fotheidil a chasadh Air, As Air i rith
Balbhaithe.
Nó chun fotheidil a thaispeáint go huathoibríoch nuair
nach bhfuil an clár atá á chraoladh i dteanga na tíre –
an teanga atá socraithe don teilifís – roghnaigh
Uathoibríoch. Taispeánfaidh an socrú seo freisin
Fotheidil go huathoibríoch nuair a bhalbhaíonn tú an
fhuaim.
Socruithe Teanga Fotheideal
Is féidir le cainéil dhigiteacha roinnt teangacha
fotheideal a thairiscint do chlár. Is féidir leat
príomhtheanga fotheideal agus teanga thánaisteach
a shocrú d'fhotheidil. Má tá fotheidil ar fáil i gceann
de na teangacha sin, taispeánfaidh an teilifís iad.
Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fotheideal
is fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fotheideal eile
atá ar fáil a roghnú.
Chun an phríomhtheanga agus teanga thánaisteach
fhotheideal a shocrú…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Réigiúin agus Teanga agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Teangacha > Fotheidil
Phríomhúla Fotheidil Thánaisteacha.
4 - Roghnaigh an teanga atá uait.
5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
66