User manual

Fotheidil ó Théacs
Má thiúnann tú do chainéal analógach, ní mór duit na
fotheidil a chur ar fáil de láimh do gach cainéal.
1 - Athraigh go dtí cainéal agus brúigh TEXT chun
Téacs a oscailt.
2 - Cuir isteach uimhir an leathanaigh a bhfuil na
fotheidil orthu, 888 go hiondúil.
3 - Brúigh TEXT arís chun Téacs a dhúnadh.
Má roghnaíonn tú Air i roghchlár na bhFotheideal
nuair atá tú ag féachaint ar chainéal analógach,
taispeánfar fotheidil má tá siad ar fáil.
Teangacha Téacs / Teilithéacs
Leathanaigh Téacs
Chun Téacs/Teilitéacs a oscailt agus tú ag féachaint
ar chainéil teilifíse, brúigh TEXT.
Chun Téacs a dhúnadh, brúigh TEXT arís.
Roghnaigh leathanach téacs
Chun leathanach a roghnú... . .
1 - Cuir isteach uimhir an leathanaigh leis na
heochracha uimhreacha.
2 - Úsáid na heochracha saighde chun nascleanúint.
3 - Brúigh eochair datha chun ábhar atá
dathchódaithe a roghnú ag bun an scáileáin.
Foleathanaigh téacs
Tá roinnt foleathanach in ann a bheith ag leathanach
téacs. Taispeántar uimhreacha na bhfoleathanach ar
bharra in aice le huimhir an phríomhleathanaigh.
Chun foleathanch a roghnú, brúigh .
T.O.P. Leathanaigh téacs
Tairgeann roinnt craoltóirí Téacs T.O.P. Téacs.
Chun T.O.P. a oscailt Leathanaigh Téacs laistigh de
Théacs, brúigh OPTIONS agus roghnaigh
forbhreathnú T.O.P.
Leathanaigh ceanán
Déanann an teilifís liosta den 10 leathanach Téacs
deireanacha a d'oscail tú. Is féidir leat iad a athoscailt
sa cholún Leathanaigh Téacs Ceanán.
1 - In Téacs, roghnaigh an réalta ar bharr an scáileáin
ar thaobh na láimhe clé chun colún na leathanach
ceanán a thaispeáint.
2 - Brúigh (síos) nó (suas) chun uimhir
leathanaigh a roghnú agus brúigh OK chun an
leathanach a oscailt.
Is féidir leat an liosta a ghlanadh leis an rogha Glan
leathanaigh ceanán.
Téacs a chuardach
Is féidir leat focal a roghnú agus Téacs a scanadh le
haghaidh gach ásc den fhocal sin.
1 - Oscail leathanach Téacs agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh focal nó uimhir leis na méaracha
saighde.
3 - Brúigh OK arís chun dul díreach go dtí an chéad
ásc eile den fhocal nó den uimhir sin.
4 - Brúigh OK arís chun dul go dtí an chéad ásc eile.
5 - Chun an cuardach a stopadh, brúigh (suas)
go dtí nach bhfuil aon rud roghnaithe.
Téacs ó ghléas nasctha
Tá roinnt gléasanna a fhaigheann cainéil teilifíse in
ann Téacs a thairgeadh freisin.
Chun Téacs a oscailt ó ghléas nasctha . . .
1 - Brúigh , roghnaigh an gléas agus brúigh OK.
2 - Agus tú ag féachaint ar chainéal ar an ngléas,
brúigh OPTIONS , roghnaigh Taispeáin eochracha
an ghléis agus roghnaigh an eochair agus
brúighOK.
3 - Brúigh BACK chun na heochracha gléis a
chur i bhfolach.
4 - Chun Téacs a dhúnadh, brúigh BACK arís.
Téacs (Ríocht Aontaithe amháin)
Tairgeann roinnt craoltóirí teilifíse digití Téacs
Digiteach nó teilifís idirghníomhach ar a gcainéil
dhigiteacha teilifíse. Áirítear leis seo gnáth-Théacs a
úsáidtear leis na heochracha uimhreacha, dathanna
agus nascleanúna chun roghanna a dhéanamh agus
chun bogadh.
Chun Téacs Digiteach a dhúnadh, brúigh BACK.
Roghanna Téacs
Brúigh OPTIONS in Téacs/Teilitéacs chun na rudaí
seo a leanas a roghnú…
Reoigh leathanach
Chun rothlú uathoibríoch fo-leathanach a stopadh.
Déscáileán / Scáileán iomlán
Chun an cainéal teilifíse agus Téacs a thaispeáint in
aice a chéile.
Forbhreathnú T.O.P.
Chun T.O.P. a oscailt Téacs.
Méadaigh
Chun an leathanach Téacs a mhéadú le go mbeidh sé
éasca é a léamh.
Nocht
Chun eolas atá i bhfolach ar an leathanach a
thaispeáint.
Timthriall foleathanach
Chun fo-leathanaigh a thimthriall nuair atá fáil orthu .
Teanga
Chun an grúpa carachtar a mbaineann Téacs úsáid
astu chun taispeáint i gceart a athrú.
Téacs 2.5
Chun Téacs 2.5 a ghníomhachtú le haghaidh tuilleadh
dathanna agus grafaicí níos fearr.
67