User manual

2 - Airde fuaime
Chun airde na fuaime a athrú.
3 - Eochracha uimhreach
Chun cainéal a roghnú go díreach.
4 - SUBTITLE
Chun Fotheidil a chasadh air, as nó air i rith
balbhaithe.
5 - Athsheinm agus Taifead
• Brúigh , chun athsheinm.
• Cuir ar sos , chun athsheinnt a chur ar sos
• Brúigh , chun athsheinnt a stopadh
• Brúigh , chun athochras.
• Brúigh , chun mearchasadh
• Brúigh , chun taifeadadh a thosú
6 - Cainéal
Chun athrú go dtí an chéad chainéal eile nó an
cainéal roimhe sin, chun an chéad leathanach eile nó
an leathanach roimhe sin in Téacs/Teilithéacs a
oscailt nó chun an chéad chaibidil eile nó an chaibidil
roimhe sin ar dhiosca a thosú. Chun an chéad
leathanach eile nó an leathanach roimhe sin a oscailt
in Téacs/Teilithéacs. Chun an chéad chaibidil eile nó
an chaibidil roimhe sin ar dhiosca a thosú.
7 - Balbhaigh
Chun an fhuaim a chasadh as, nó chun í a chasadh air
arís.
8 - TEXT
Chun Téacs/Teilithéacs a oscailt nó a dhúnadh.
3.2
Cuardach Gutha
Íoslódáil Feidhmchlár ó Google play
Úsáid d'fhón cliste Android nó do thaibléad mar
chianrialtán do do Android TV. Athraigh go héasca idir
móid d-pad, ceap tadhaill, agus ceap stiúrtha chun
ábhar a nascleanúint agus chun cluichí a imirt ar do
ghléas teilifíse Android. Tapáil an micrifón chun
cuardach gutha a dhéanamh, nó úsáid an méarchlár
chun téacs a chur isteach ar an Android TV.
I dtosach, nasc d'fhón nó do thaibléad Android leis an
líonra céanna le do ghléas Android TV nó aimsigh do
Android TV via bluetooth.
Oibríonn sé le gach gléas Android TV.
*Teastaíonn fón nó taibléad Android a bhfuil Android
4.3 nó níos airde suiteáilte air chun an feidhmchlár
Android TV Remote Control a úsáid.
Péireáil le do theilifís
Níl aon mhicrifón ar do chianrialtán. Má tá uait an
cuardach gutha a úsáid, ní mór duit an feidhmchlár
Android TV Remote Control a shuiteáil ar d'fhón
cliste nó do thaibléad Android ar dtús.
1 - Déan cuardach do "Android TV Remote Contorl"
sa Google Play store ar d'fhón cliste nó do thaibléad
Android.
2 - Íoslódáil agus suiteáil an feidhmchlár Android TV
Remote Control* ar d'fhón nó do thaibléad Android.
3 - Nasc d'fhón Android nó do thaibléad leis an
líonra céanna le do ghléas Android TV.
4 - Roghnaigh "PhilipsTV"** ar d'fhón nó do
thaibléad Android. Taispeánfar cód ar scáileán an
Android TV ansin.
5 - Cuir isteach an cód ar d'fhón nó do thaibléad
Android chun péireáil le do Android TV.
*Teastaíonn fón nó taibléad Android a bhfuil Android
4.3 nó níos airde suiteáilte air chun an feidhmchlár
Android TV Remote Control a úsáid.
**Braitheann ainm do Android TV ar an ainm a
shocraigh tú in Ainm Líonra Teilifíse. Is é an t-ainm atá
réamhsocraithe ainm mhúnla na teilifíse seo.
.
Cuardach Gutha a Úsáid
Is féidir leat cuardach a dhéanamh d'fhíseáin, ceol nó
rud ar bith eile ar an Idirlíon leis an deilbhín ar
bharr an roghchlár Baile. Is féidir leat Cuardach Gutha
a úsáid am ar bith. Mar rogha air sin, is féidir leat
méarchlár an chianrialtáin a úsáid chun téacs a chur
isteach.
Chun Cuardach Gutha a úsáid…
1 - Tapáil an deilbhín ar d'fhón cliste chun tús a
chur le cuardach gutha.
2 - Nuair atá an deilbhín dearg ar an scáileán, tá
an micrifón beo.
3 - Abair an rud atá uait go soiléir. D'fhéadfadh sé
roinnt ama a thógáil sula dtaispeánfar na torthaí.
4 - Is féidir leat an rud atá uait a roghnú ar an
scáileán leis na torthaí ar an gcuardach.
Féach ar www.support.google.com/androidtv freisin
8