User manual
Socruithe Cuardach Gutha
Is féidir leat an teanga a úsáideann tú a shocrú le
Cuardach Gutha.
Chun an teanga a shocrú do Chuardach Gutha…
1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe Android agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Roghanna > Caint agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh an teanga atá uait agus brúigh OK.
5 - Brúigh BACK chun dul siar céim amháin nó
brúigh EXIT chun an roghchlár a dhúnadh.
3.3
Méarchlár
Forbhreathnú
Qwerty agus Azerty
Forbhreathnú ar mhéarchlár Qwerty / Azerty.*
1 - carachtar Azerty
Suíomh carachtair má tá leagan amach an
mhéarchláir athraithe go Azerty.
2 - Iomlaoid
Chun carachtair a chlóscríobh i gcás uachtair.
3 - Eochair Fn
Chun uimhir nó carachtar poncaíochta a chlóscríobh.
4 - Spásbharra
5 - Nascleanúint agus OK
6 - Roinn é seo
Chun a bhuil tú ag féachaint air faoi láthair a roinnt ar
líne.
* Tá méarchlár Qwerty / Azerty nó Qwerty /
Coireallach ar do chianrialtán, ag brath ar do réigiún.
Qwerty agus Coireallach
Forbhreathnú ar mhéarchlár Qwerty / Coireallach.*
1 - Carachtair Choireallacha
Na carachtair atá ar fáil nuair a athraítear an
méarchlár go Coireallach.
2 - Lascadh méarchláir Coireallach
Chun an méarchlár a athrú go carachtair
Choireallacha nó ar ais go Qwerty.
3 - Iomlaoid
Chun carachtair a chlóscríobh i gcás uachtair.
4 - Eochair Fn
Chun uimhir nó carachtar poncaíochta a chlóscríobh
5 - Spásbharra
6 - Roinn é seo
Chun a bhuil tú ag féachaint air faoi láthair a roinnt ar
líne.
7 - Nascleanúint agus OK
* Tá méarchlár Qwerty/Azerty nó Qwerty/Coireallach
ar do chianrialtán, ag brath ar do réigiún.
Téacs a Scríobh
Is féidir leat an méarchlár ar chúl an chianrialtáin a
úsáid chun téacs a scríobh in aon réimse téacs ar an
scáileán.
Chun téacs a scríobh…
1 - Roghnaigh réimse téacs mura bhfuil sé roghnaithe
fós.
2 - Athraigh méarchlár an chianrialtáin i do threo
chun na heochracha a ghníomhachtú. Beir ar an
gcianrialtán le do dhá láimh agus úsáid do dhá ordóg
chun clóscríobh.
3 - Chun an méarchlár ar scáileán a chur i bhfolach,
brúigh BACK .
Brúigh OK chun an téacs a dhearbhú.
Méarchlár ar an Scáileán
Má úsáideann tú an méarchlár an an scáileán chun
téacs a chur isteach, is féidir leat leagan amach an
mhéarchláir a athrú go ceann a bhfuil taithí agat air.
Chun na socruithe seo a oscailt…
Brúigh HOME, roghnaigh Gach Socrú agus
brúigh OK.
5 - Roghnaigh Socruithe Android agus brúigh OK.
6 - Roghnaigh Roghanna > Méarchlár agus
brúigh OK.
7 - Roghnaigh Cumraigh > Teanga agus brúigh OK.
Is féidir leat teanga do mhéarchláir a shocrú anseo.
8 - Brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh
chun dul siar céim amháin.
• Oibríonn an cianrialtán is fearr mura bhfuil tú níos
mó ná 5 m ón teilifís.
• Agus méarchlár an chianrialtáin á úsáid agat,
oibríonn sé is fearr nuair nach bhfuil an uillinn níos mó
ná 50 céim.
• Ná blocáil ga IR an chianrialtáin.
3.4
Braiteoir IR
Tá an teilifís in ann glacadh freisin le horduithe ó
chianrialtán a úsáideann IR (infridhearg) chun
orduithe a sheoladh. Má úsáideann tú a leithéid de
chianrialtán, bí cinnte i gcónaí go bpointeálann tú an
cianrialtán i dtreo braiteoir infridhearg an chianrialtáin
ar aghaidh na teilifíse.
9










