operation manual

21
Téarmaí Úsáide_TV
2015 © TP Vision Europe B.V. Gach ceart ar
cosnamh.
Is é TP Vision Europe B.V. déantúsóir an táirge seo, a
dtagrófar feasta dó mar TP Vision, nó ceann dá
chuideachtaí cleamhnaithe, a thug an táirge seo chuig
an margadh. Is é TP Vision an barántóir i ndáil leis an
teilifís ar tháinig an leabhrán seo in aon phacáiste léi.
Is trádmharcanna cláraithe de chuid Koninklijke
Philips N.V. Philips agus suaitheantas scéithe Philips.
D’fhéadfadh na sonraíochtaí a athrú gan choinne. Is le
Koninklijke Philips N.V., nó a úinéirí faoi seach, na
trádmharcanna. Tá sé de cheart ag TP Vision táirgí a
athrú am ar bith gan dualgas a bheith air táirgí atá ar
fáil cheana féin a athrú dá réir.
Creidtear go bhfuil an t-ábhar scríofa a tháinig in aon
phacáiste leis an teilifís agus an lámhleabhar atá
stóráilte i gcuimhne na teilifíse nó a íoslódáiltear ó
láithreán gréasáin Philips leordhóthanach don úsáid a
bhfuil an córas beartaithe lena haghaidh.
Creidtear go bhfuil an t-ábhar sa treoirleabhar seo
leordhóthanach don úsáid atá beartaithe ag an
gcóras. Má úsáidtear an táirge, nó a mhodúil nó
nósanna imeachta indibhidiúla, chun críche nach
bhfuil sonraithe leis seo, ní mór deimhniú a fháil
maidir lena mbailíocht agus a n-oiriúnacht.
Barántaíonn TP Vision Europe B.V. nach sáraíonn an t-
ábhar é féin aon phaitinn de chuid na Stát Aontaithe.
Níl aon bharantá eile ráite nó intuigthe. Ní bheidh TP
Vision Europe B.V. freagrach as aon earráid in ábhar
na cáipéise seo ná as aon fhadhb a eascraíonn as
ábhar na cáipéise seo. Leigheasfar earráidí a
thuairiscítear do Philips agus foilseofar ar láithreán
gréasáin tacaíochta Philips a luaithe is féidir.
Téarmaí baránta - Baol gortuithe, damáiste don teilifís
nó neamhniú baránta!
Ná déan iarracht go deo an teilifís a athdheisiú tú féin.
Úsáid an teilifís agus a comhghabhálais mar atá
beartaithe ag an déantúsóir. Tugann an comhartha
rabhaidh ar chúl na teilifíse le fios go bhfuil baol
turrainge leictrí ann. Ná bain as clúdach na teilifíse go
deo. Déan teagmháil le Cúram Custaiméirí Philips TV
le haghaidh seirbhíse nó deisiúchán. Cuirfear an
baránta ar neamhní má dhéantar aon oibríocht atá
toirmiscithe go sainráite sa treoirleabhar seo, nó aon
choigeartú nó nós imeachta cóimeála nach bhfuil
molta ná údaraithe sa treoirleabhar seo.
Tréithe picteilín
Tá líon ard picteilíní daite ag an táirge LCD/LED seo.
Cé go bhfuil picteilíní éifeachtacha de 99.999% nó
níos airde aige, d’fhéadfaí poncanna dubha nó pointí
geala solais (dearg, uaine nó gorm) a bheith ar
taispeáint go leanúnach ar an scáileán. Airí
struchtúrtha de chuid na taispeána é seo (laistigh de
ghnáthchaighdeáin an tionscail) agus ní mífheidhm é.
Comhlíonadh CE
Tá an táirge seo ag comhlíonadh le bunriachtanais
agus le forálacha ábhartha eile Treoracha
2006/95/EC (Voltas Íseal), 2004/108/EC (EMC) agus
2011/65/EU (ROHS).
Comhlíonadh le EMF
Déantúsaíonn agus díolann TP Vision Europe B.V. go
leor táirgí atá dírithe ar thomhaltóirí a bhfuil an cumas
acu, cosúil le trealamh leictreonach ar bith,
comharthaí leictreamhaighnéadacha a astú agus a
fháil. Is ceann de Phrionsabail Ghnó Philips tabhairt
faoi gach beart sláinte agus sábháilteachta atá
riachtanach dár dtáirgí chun comhlíonadh le gach
riachtanais dlí infheidhmithe agus chun fanacht taobh
istigh de na caighdeáin Réimse
Leictreamhaighnéadach (EMF) a bhí infheidhmithe ag
an am ar táirgeadh na táirgí.
Tá Philips tiomanta táirgí a fhorbairt, a tháirgeadh
agus a chur ar an margadh nach bhfuil ina n-údar
d’éifeachtaí sláinte díobhálacha. Dearbhaíonn TP
Vision go bhfuil a tháirgí sábháilte le haghaidh an
úsáid atá beartaithe acu de réir na fianaise eolaíche
atá ar fáil inniu, chomh fada is a úsáidtear iad chun an
úsáid atá beartaithe leo. Tá ról gníomhach ag Philips i
bhforbairt caighdeán idirnáisiúnta EMF agus
sábháilteachta, rud a chuireann ar chumas Philips
tuilleadh forbairtí i gcaighdeánú a ionchasú agus na
forbairtí sin a chomhtháthú go luath ina dtáirgí.
120