operation manual

Clé/Deas / Scart Fuaime-Físe
Nasc an consól cluiche leis an teilifís le cábla
ilchodach (CVBS) agus le cábla fuaime Deas/Clé leis
an teilifís.
Mura bhfuil ach aschur Físeáin (CVBS) agus Fuaime
Clé/Deas ag do chonsól cluiche, úsáid cuibheoir Físe
Fuaime Clé/Deas go Scart chun nascadh leis an nasc
SCART.
4.9
Ceap Stiúrtha
Nasc Ceap Stiúrtha
Chun cluichí ón Idirlíon a sheinnt ar an teilifís seo, is
féidir leat raon roghnaithe Ceapa Stiúrtha gan sreang
a nascadh. Nuair a nascann tú an Ceap Stiúrtha, is
féidir leat é a úsáid láithreach.
Chun Ceap Stiúrtha a nascadh…
1 - Plugáil isteach an nanaghlacadóir beag i gceann
amháin de na naisc USB ar thaobh na teilifíse. Tagann
an nanaghlacadóir gan sreang leis an gCeap Stiúrtha.
2 - Má tá an Ceap Stiúrtha casta air, is féidir leat an
Ceap Stiúrtha a úsáid.
Is féidir leat an dara Ceap Stiúrtha a nascadh sa dara
nasc USB ar thaobh na teilifíse.
Ceapa Stiúrtha
Tá tástáil déanta ar raon roghnaithe Ceap Stiúrtha
agus tá siad feiliúnach don teilifís seo. D'fhéadfadh
Ceapa Stiúrtha eile gan a bheith inoiriúnaithe go
hiomlán.
Is iad na Ceapa Stiúrtha atá feiliúnach…
• Logitech F710
• Logitech F510
• Xbox 360 Wireless Controller for Windows
• Speedlink Strike FX Wireless Gamepad
Trioblóid le Trasnaíocht
Chun trasnaíocht fhéideartha le gléasanna gan sreang
eile ar an teilifís a réiteach…
• Úsáid a seolán sínidh USB agus bog an
nanaghlacadóir thart ar 1 méadar ón teilifís.
• Mar rogha air sin, is féidir leat mol USB a bhfuil
cumhacht aige agus atá nasctha leis an teilifís a úsáid
agus na nanaghlacadóirí a phlugáil isteach sa mhol
USB.
4.10
Diosca Crua USB
A bhfuil de dhíth ort
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh
teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don
chraoladh teilifíse a bheith ina chraoladh digiteach
(craoladh DVB nó a mhacasamhail).
Chun craoladh a chur ar sos
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua
uait atá comhoiriúnach le USB 2.0 agus a bhfuil ar a
laghad 4GB de spás air.
Chun craoladh a thaifeadadh
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh,
teastaíonn diosca a bhfuil ar a laghad 250GB de spás
saor air. Má tá uait craoladh a thaifeadadh le sonraí
eolaire teilifíse ón Idirlíon, ní mór an nasc Idirlín a
bheith suiteáilte ar do theilifís sula suiteálann tú an
Diosca Crua USB.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi Diosca Crua
USB a shuiteáil, brúigh an eochair datha
Eochairfhocail agus déan cuardach do Diosca Crua
USB, Suiteáil.
19