operation manual

4.12
Méaróg Chuimhne USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha.
Cuir isteach méaróg chuimhne USB i gceann de na
naisc USB ar an teilifís nuair atá an teilifís casta air.
Aimsíonn an teilifís an méaróg USB agus osclaíonn sé
liosta a thaispeánann a bhfuil air.
Mura bhfuil liosta na n-ábhar le feiceáil go
huathoibríoch, brúigh
SOURCES agus
cliceáil USB.
Chun éirí as a bheith ag féachaint ar ábhar ón méaróg
chuimhne USB, brúigh
EXIT nó roghnaigh
gníomhaíocht eile.
Chun an mhéaróg USB a dínascadh, is féidir leat an
mhéaróg USB a tharraingt amach am ar bith.
Ultra HD ar USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif i dtaifeach Ultra
HD ó ghléas nasctha USB nó ó mhéaróg chuimhne.
Laghdóidh an teilifís an mhéid go Ultra HD má tá
taifeach an ghrianghraif níos airde.
4.13
Ceamara grianghraif
Chun féachaint ar ghrianghraif atá stóráilte ar do
cheamara grianghraf digiteach, is féidir an ceamara a
nascadh go díreach leis an teilifís.
Úsáid ceann de na naisc USB ar an teilifís chun
nascadh. Cas air an ceamara tar éis duit an nasc a
dhéanamh.
Mura bhfuil liosta na n-ábhar le feiceáil go
huathoibríoch, brúigh
SOURCES agus
cliceáil USB.
Tá an seans ann go mbeidh ort do cheamara a shocrú
chun an t-ábhar atá air a aistriú le PTP (Protacál
Aistrithe Pictiúr). Léigh treoirleabhar úsáideora an
cheamara grianghraf digiteach.
Ultra HD ar USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif i dtaifeach Ultra
HD ó ghléas nasctha USB nó ó mhéaróg chuimhne.
Laghdóidh an teilifís an mhéid go Ultra HD má tá
taifeach an ghrianghraif níos airde. Ní féidir leat físeán
Ultra HD dúchasach a sheinnt ar aon cheann de na
naisc USB.
4.14
Camthaifeadán
HDMI
Chun an caighdeán is fearr a fháil, úsáid cábla HDMI
chun an camthaifeadán a nascadh leis an teilifís.
Clé/Deas / Scart Fuaime-Físe
Is féidir leat nasc HDMI, YPbPr nó SCART a úsáid
chun do cheamthaifeadán a nascadh. Mura bhfuil ach
aschur Físe (CVBS) agus Fuaime Clé/Deas ag do
cheamthaifeadán, úsáid cuibheoir Físe Fuaime
Clé/Deas go SCART (díoltar as féin é) chun nascadh
leis an nasc SCART.
4.15
Ríomhaire
Nasc
Is féidir leat do ríomhaire a nascadh leis an teilifís
agus an teilifís a úsáid mar mhonatóir ríomhaire.
Le HDMI
Úsáid cábla HDMI chun an ríomhaire a nascadh leis
an teilifís.
21