operation manual

7 -
Roinn é seo
Chun a bhuil tú ag féachaint air faoi láthair a roinnt ar
líne.
8 - Nascleanúint agus OK
* Tá méarchlár Qwerty/Azerty nó Qwerty/Coireallach
ar do chianrialtán, ag brath ar do réigiún.
Téacs a Scríobh
Is féidir leat an méarchlár ar chúl an chianrialtáin a
úsáid chun téacs a scríobh in aon réimse téacs ar an
scáileán. Athraigh an méarchlár i do threo chun
eochracha an chianrialtáin a ghníomhachtú. Beir ar an
gcianrialtán le do dhá láimh agus úsáid do dhá ordóg
chun clóscríobh.
Cuir isteach téacs
Nuair atá uait téacs a chur isteach i réimse téacs ar an
scáileán, roghnaigh réimse téacs agus tosaigh ag
clóscríobh.
Brúigh OK chun an téacs a dhearbhú.
Cás uachtair agus Cás íochtair
Chun carachtar i gcás uachtair a chlóscríobh, brúigh
an eochair
(Iomlaoid) díreach sula gclóscríobhann
tú an carachtar.
Chun roinnt carachtar i gcás uachtair a chlóscríobh i
ndiaidh a chéile, brúigh agus coinnigh síos an eochair
agus tú ag clóscríobh.
Chun carachtair i gcás uachtair a chlóscríobh go
leanúnach, brúigh an eochair
ar feadh 2 soicind
chun an méarchlár a athrú go mód cáis uachtair.
Chun an méarchlár a athrú amach as cás uachtair,
brúigh an eochair
arís. Mura mbrúfar aon eochair
ar feadh tréimhse 20 soicind, casann mód cáis
uachtair as go huathoibríoch. Chomh maith leis sin,
má bhrúnn tú eochair mhionathraithe eile, leithéid Fn
, fágann tú mód cáis uachtair.
Uimhreacha agus Carachtair
Poncaíochta
Chun uimhir nó carachtar poncaíochta a chlóscríobh,
brúigh an eochair Fn díreach sula gclóscríobhann tú
an uimhir nó an carachtar poncaíochta atá uait. Is
féidir leat an mód Fn a chasadh air nó as díreach mar
a dhéanann tú do mhód cáis uachtair.
Idirlíon
Is féidir leat an eochair Fn a úsáid chun www..com
a iontráil.
Litreacha a bhfuil Aicinn orthu agus
Siombailí
Níl carachtair aiceannta agus siombailí ar fáil go
díreach ar Mhéarchlár an Chianrialtáin.
Is féidir leat an méarchlár ar an scáileán a oscailt chun
a leithéid de charachtar a chlóscríobh.
Chun an méarchlár ar an scáileán a oscailt, brúigh Ω.
Ar an méarchlár ar an scáileán, is féidir leat an
carachtar atá uait a fháil. Athraigh leagan amach an
mhéarchláir leis na heochracha dathanna. Brúigh OK
chun carachtar a chur isteach. Imíonn an méarchlár ar
an scáileán as amharc nuair a bhrúnn tú carachtar ar
Mhéarchlár an Chianrialtáin.
Méarchlár Qwerty, Azerty agus
Coireallach
Is é QWERTY leagan amach caighdeánach
Mhéarchlár an Chianrialtáin.
Méarchlár Azerty
Is féidir Méarchlár an Chianrialtáin a athrú go Azerty,
ag brath ar an réigiún ina bhfuil tú. Tá na carachtair
Azerty ar taispeáint ar bharr na n-eochracha ábhartha
ar thaobh na láimhe deise.
Chun méarchlár an chianrialtáin a shocrú go Azerty…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus
brúigh
(deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Méarchlár an Chianrialtáin agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh AZERTY QWERTY agus
brúigh OK.
5 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Méarchlár Coireallach
Is féidir Méarchlár an Chianrialtáin a athrú go
carachtair Choireallacha ag brath ar an réigiún ina
bhfuil tú.
Tá na carachtair Choireallacha ar taispeáint ar bharr
eochracha an mhéarchláir ar thaobh na láimhse
deise.
Chun carachtair Choireallacha a scríobh…
1 - Brúigh
ar an gcianrialtán.
2 - Brúigh
chun athrú ar ais go Qwerty.
27