operation manual

6.3
Nasc leis an teilifís
Péireáil
Úsáideann an cianrialtán seo radaimhinicíocht (RF)
chun a orduithe a sheoladh chuig an teilifís. I
gcodarsnacht le cianrialtáin a úsáideann comharthaí
infridhearg, is féidir leat orduithe a sheoladh leis an
gcianrialtán seo gan pointeáil i dtreo na teilifíse.
Chun go mbeidh an cianrialtán in ann cumarsáid leis
an teilifís, ba cheart an teilifís agus an cianrialtán
araon a bheith péireáilte (nasctha) lena chéile. A
thúisce is a bheidh siad péireáilte, ní féidir leat an
cianrialtán a úsáid chun teilifís eile a rialú.
Nuair a chuir tú tús le suiteáil na teilifíse, thug an
teilifís cuireadh duit an eochair OK a bhrú, agus leis
sin, rinneadh an phéireáil. Nuair a chasann tú as an
teilifís, stóráltar an phéireáil. Is féidir suas le 5
chianrialtán a phéireáil leis an teilifís seo.
Péireáil Arís
Is féidir leat cianrialtán eile a phéireáil leis an teilifís
seo.
Ní mar a chéile an modh péireála i gcás cianrialtán atá
péireáilte le teilifís eile cheana féin seachas cianrialtán
nár péireáileadh fós.
Tá an cianrialtán péireáilte le teilifís eile
Chun an phéireáil a dhéanamh, beir ar an gcianrialtán
gar do lógó Philips (thart ar 10cm uaidh) agus brúigh
na heochracha
Dearg agus
Gorm ag an am
céanna. Má éiríonn le péireáil, beidh teachtaireacht
ann.
Níl an cianrialtán péireáilte fós
Chun an phéireáil a dhéanamh, beir ar an gcianrialtán
gar do lógó Philips (thart ar 10cm uaidh) agus brúigh
OK. Má éiríonn le péireáil, beidh teachtaireacht ann.
Miondíól
Chun teilifís nua — nár péireáileadh fós — a phéireáil
le cianrialtán atá péireáilte cheana féin le teilifís eile,
beir ar an gcianrialtán gar do lógó Philips (thart ar
10cm uaidh) agus brúigh na heochracha
Dearg
agus
Gorm ag an am céanna.
Feicfidh tú teachtaireacht más rud é gur éirigh leis an
bpéireáil.
6.4
Braiteoir IR
Úsáideann cianrialtán na teilifíse RF
(radaimhinicíocht) chun a orduithe a sheoladh chuig
an an teilifís. Ní gá an cianrialtán a phointeáil i dtreo
na teilifíse nuair atá RF ann.
Mar sin féin, tá an teilifís in ann glacadh freisin le
horduithe ó chianrialtán a úsáideann IR (infridhearg)
chun orduithe a sheoladh. Má úsáideann tú a leithéid
de chianrialtán, bí cinnte i gcónaí go bpointeálann tú
an cianrialtán i dtreo braiteoir infridhearg an
chianrialtáin ar aghaidh na teilifíse.
6.5
Ceallraí
Mura bhfreagraíonn an teilifís do bhrú eochrach ar an
gcianrialtán, d'fhéadfadh na ceallraí a bheith caite.
Chun na ceallraí a athsholáthar, oscail raca na
gceallraí ar thaobh an mhéarchláir den chianrialtán.
1 - Sleamhnaigh doras na gceallraí sa treo a léirítear
ar an tsaighead.
2 - Athsholáthar na seancheallraí le 2 cheallra den
chineál AAA-R03-1.5V. Bí cinnte go luífidh na deirí +
agus - de na ceallraí isteach i gceart.
3 - Cuir doras na gceallraí ar ais arís agus
sleamhnaigh é go dtí go gcliceálann sé.
Bain amach na ceallraí mura mbeidh siad in úsáid
agat ar feadh tréimhse fada.
Faigh réidh le do sheancheallraí de réir na dtreoracha
a thugtar maidir le deireadh úsáide.
Chun tuilleadh eolais a fháil,
brúigh
Eochairfhocail agus déan cuardach
do Deireadh Úsáide.
6.6
Glanadh
Tá bratú scrabhadh-fhriotaíoch ar do chianrialtán.
Chun an cianrialtán a ghlanadh, úsáid ceirt bhog thais.
Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh ná
glantóirí tí nó an cianrialtán.
28