operation manual

7
Roghchlár Baile
agus Teilifíse
7.1
Oscail an Roghchlár Baile
Maidir leis an Roghchlár Baile
Nasc an teilifís leis an Idirlíon chun an leas is fearr a
bhaint as do theilifís Android.
Díreach cosúil le d'fhón cliste Android nó do
thaibléad, is é an roghchlár Baile croí do theilifíse. Is
féidir leat aon fheidhmchlár a thosú ón roghchlár
Baile, athrú go cainéal teilifíse, scannán a fháil ar cíos,
láithreán gréasáin a oscailt nó athrú go gléas
nasctha. Tá míreanna éagsúla in ann a bheith ar an
roghchlár Baile, ag brath ar shuiteáil do theilifíse agus
ar do thír.
Nuair nach bhfuil nasc Idirlín agat, is féidir leat an
roghchlár teilifíse a úsáid chun an teilifís a fheidhmiú.
Eagraítear an roghchlár Baile i rónna.
Molann an chéad ró físeáin, físeáin ceoil nó láithreáin
ghréasáin a a bhfuil mór-ráchairt orthu. Is féidir leat
na socruithe Príobháideachta a shocrú sna Téarmaí
Úsáide chun moltaí a cheadú atá bunaithe ar do
ghnásanna féachana pearsanta.
Bailiúchán Philips
Tagann na moltaí sa ó seo ón liosta Feidhmchlár.
Feidhmchláir
Tagann na Feidhmchláir sa ró seo ón teilifís nó is
Feidhmchláir iad atá íoslódáilte agat féin ón Google
Play. Gheobhaidh tú na Feidhmchláir don Teilifís sa ró
seo, cosúil le Féach ar Theilifís, Foinsí, Meáin agus
eile. Beidh na Feidhmchláir atá tosaithe agat le gairid
ar aghaidh an ró.
Cluichí
Is féidir leat cluiche a thosú ar an teilifís anseo. Má
íoslódálann tú cluiche, beidh sé le feiceáil sa ró seo.
Foinsí
Is féidir leat athrú go dtí raon ionchur teilifís anseo.
Mar sin féin, chun gach ionchur a aimsiú,
brúigh
chun an roghchlár Foinsí a oscailt.
Socruithe
Is féidir leat raon socruithe a oscailt anseo. Mar sin
féin, chun gach socrú a aimsiú, brúigh
SETTINGS
agus roghnaigh Gach socrú. Is féidir leat Cabhair a
oscailt anseo freisin.
Oscail an Roghchlár Baile
Chun an roghchlár Baile a oscailt agus mír a oscailt…
1 - Brúigh
HOME.
2 - Roghnaigh mír agus brúigh OK chun é a oscailt
nó a thosú.
3 - Brúigh
BACK chun an roghchlár Baile a
dhúnadh gach aon rud a thosú.
29