operation manual

8
Cainéil
8.1
Liostaí Cainéal
Maidir le Liostaí Cainéal
Taispeánfar gach cainéal sa liosta cainéal i ndiaidh
suiteáil cainéal. Taispeántar cainéil lena n-ainm agus
a lógó má tá an fhaisnéis sin ar fáil.
Tá liosta cainéal le gach cainéal suiteáilte i gcás gach
cineál tiúnóra - Aeróg/Cábla (DVB-T/C) nó Satalít
(DVB-S). Ní féidir leat ach an liosta sin a scagadh
chun díreach cainéil teilifíse nó raidió a thaispeáint.
Nó is féidir leat na cainéil a scagadh de réir satailíte
nuair atá roinnt satailítí suiteáilte agat.
Nuair atá liosta cainéal roghnaithe agat, ní thiúnálann
tú go dtí na cainéil sa liosta sin ach amháin nuair atá
na méaracha
 
 
in úsáid agat.
Deilbhíní cainéal
Marcáltar cainéil nua le
(réiltín) i ndiaidh Uasdátú
Cainéil Uathoibríoch ar an liosta cainéal.
Má ghlasálann tú cainéal, marcálfar le
(glas) é.
Marcáltar na 3 cainéal is mó a bhfuil tóir orthu faoi
láthair le 1, 2 3.
Stáisiúin Raidió
Má tá craolachán digiteach ar fáil, suiteáltar stáisiúin
raidió dhigiteacha le linn suiteála. Athraigh go cainéal
raidió díreach ar an gcaoi chéanna is a athraíonn tú
go cainéal teilifíse. Is iondúil go lonaíonn suiteáil
cainéal Cábla (DVB-C) stáisiúin raidió ó uimhir cainéil
1001 ar aghaidh.
Liosta Cainéal a oscailt
in aice leis an liosta le gach cainéal do gach tiúnóir,
Aeróg/Cábla nó tiúnóir Satalíte, is féidir leat liosta
scagtha a roghnú nó ceann de na liostaí ceanán a
chruthaigh tú a roghnú.
Chun an liosta cainéal reatha a oscailt…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun an Liosta Cainéal a oscailt.
2 - Brúigh
BACK chun an liosta cainéal a
dhúnadh.
Chun ceann amháin de na liostaí cainéal a roghnú…
1 - Nuair atá liosta cainéal oscailte ar an scáileán,
brúigh
OPTIONS.
2 - Roghnaigh Roghnaigh liosta cainéal agus
brúigh OK.
3 - Roghnaigh ceann amháin de na liostaí cainéal atá
ar fáil i roghchlár na liostaí agus brúigh OK.
Mar rogha air sin, is féidir leat ainm an liosta ag barr
an liosta cainéal agus OK a bhrú chun roghchlár na
liostaí a oscailt.
Leid
Is féidir leat athrú go héasca idir an dá thiúnóir sa
roghchlár Foinsí.
Brúigh
SOURCES agus roghnaigh Féach ar
theilifís chun athrú go dtí an tiúnóir Aeróige/Cábla.
Roghnaigh Féach ar Shatailít chun athrú go dtí an
tiúnóir satailíte.
Osclóidh an teilifís an liosta cainéal a roghnaíodh go
deireanach don tiúnóir atá roghnaithe.
Liosta Cainéal a scagadh
Is féidir leat liosta leis na cainéil ar fad a scagadh. Is
féidir leat an liosta cainéal a shocrú chun díreach na
cainéil teilifíse nó na stáisiúin Raidió a thaispeáint. I
gcás cainéal Aeróige/Cábla is féidir leat an liosta a
shocrú chun na cainéil atá Saor nó na cainéil Scrofa a
thaispeáint. Nuair atá roinnt satailítí suiteáilte agat, is
féidir leat an liosta cainéal satailíte a scagadh in
aghaidh na satailíte.
Chun scagaire a shocrú ar liosta a bhfuil gach cainéal
air…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun an Liosta Cainéal a oscailt.
2 - Brúigh
OPTIONS .
3 - Roghnaigh Roghnaigh liosta cainéal agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh Scag Cainéil Aeróige, Scag Cainéil
Cábla Scag Cainéil Satailíte de réir an liosta a
bhfuil uait scagadh a dhéanamh air.
5 - Sa roghchlár Roghanna, roghnaigh an scagaire
atá uait agus brúigh OK chun gníomhachtú.
Taispeánfar ainm an scagaire mar chuid d'ainm an
liosta cainéal ar bharr an liosta cainéal.
6 - Brúigh
(clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh
chun an roghchlár a dhúnadh.
Déan cuardach do Chainéal
Is féidir leat cuardach a dhéanamh do chainéal chun
é a aimsiú i liosta fada cainéal.
Is féidir leis an teilifís cuardach a dhéanamh do
chainéal laistigh de cheann amháin de na 3
phríomhliostaí cainéal - an liosta cainéal Aeróige,
Cábla nó Satailíte.
Chun cuardach a dhéanamh do chainéal…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun an Liosta Cainéal a oscailt.
2 - Brúigh
OPTIONS .
30