operation manual

Ord Cainéal a athrú
Ní féidir leat ord cainéal athrú (athordaigh) ach
amháin i Liosta Ceanán.
Chun an seicheamh cainéal a athrú…
1 - Oscail an Liosta Ceanán a bhfuil uait ord nua a
chur air.
2 - Brúigh
OPTIONS , roghnaigh Cuir Ord Nua ar
Chainéil agus brúighOK.
3 - Sa Liosta Ceanán, roghnaigh an cainéal a bhfuil
uait é a chur in ord nua agus brúigh OK.
4 - Bog an cainéal go dtí an áit atá uait leis na
méaracha
(suas) nó
(síos).
5 - Brúigh OK chun an suíomh nua a dhearbhú.
6 - Is féidir leat ord nua a chur ar chainéil ar an gcaoi
chéanna go dtí go ndúnann tú an Liosta Ceanán leis
an méar
BACK.
8.3
Cainéil Cheanáin
Cruthaigh Liosta Ceanán
Chun liosta cainéal ceanán a chruthú…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun an Liosta Cainéal a oscailt.
2 - Brúigh
OPTIONS .
3 - Roghnaigh Cruthaigh Liosta Ceanán agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh cainéal ón liosta ar chlé a bhfuil uait
ceanán a dhéanamh as agus brúigh OK. Taispeánfar
cainéil sa liosta ar thaobh na láimhe deise san ord ina
chuireann tú isteach iad. Roghnaigh an cainéal sa
liosta ar chlé agus brúigh OK arís chun é a chealú.
5 - Más gá, is féidir leat coinneáil ort ag roghnú agus
ag cur cainéil leis an liosta mar cheanáin.
6 - Brúigh
BACK nuair atá tú réidh ag cur cainéil
leis an liosta.
Iarrfaidh an teilifís ort an Liosta Ceanán a athainmniú.
Is féidir leat an méarchlár ar an scáileán a úsáid nó an
méarchlár ar chúl an chianrialtáin.
1 - Brúigh
BACK chun an méarchlár ar an
scáileán a chur i bhfolach.
2 - Úsáid an méarchlár ar chúl an chianrialtáin chun
an t-ainm reatha a scriosadh agus chun ainm nua a
chur isteach.
3 - Nuair atá sé sin déanta agat, iompaigh an
cianrialtán, roghnaigh Dún agus brúigh OK.
Athróidh an teilifís go dtí an Liosta Ceanán atá díreach
cruthaithe.
Is féidir leat réimse cainéal a chur leis an liosta in aon
ghéabh amháin nó Liosta Ceanán nua a thosú tríd an
liosta cainéal a chóipeáil le gach cainéal agus na
cainéil nach bhfuil uait a scriosadh.
Tabharfar uimhir nua do na cainéil sa Liosta Ceanán.
Cuir Réimse Cainéal leis an Liosta
Is féidir leat Roghnaigh Réimse a úsáid chun raon
leanúnach cainéal a chur le Liosta Ceanán.
Chun réimse cainéal a chur leis an liosta…
1 - Oscail an Liosta Ceanán san áit a bhfuil tú ag
iarraidh na cainéil a chur isteach.
2 - Brúigh
OPTIONS , roghnaigh Roghnaigh
Réimse agus brúighOK.
3 - Roghnaigh céad chainéal an réimse sa liosta ar
chlé a bhfuil uait é a chur leis an liosta agus
brúigh OK.
4 - Brúigh
(síos) chun cainéal deireanach an
réimse a bhfuil uait é a chur leis an liosta a roghnú. Tá
na cainéil marcáilte ar chlé.
5 - Brúigh OK chun an réimse cainéal seo a chur
leis an liosta agus chun é a dhearbhú.
Is féidir leat freisin tús a chur le Liosta Ceanán ó
Roghnaigh Réimse.
Liosta Ceanán a Athainmniú
Ní féidir leat ach Liosta Ceanán a athainmniú.
Chun Liosta Ceanán a athainmniú…
1 - Oscail an Liosta Ceanán a bhfuil uait é a
athainmniú.
2 - Brúigh
OPTIONS, roghnaigh Athainmnigh
Liosta Ceanán agus brúigh OK.
3 - Brúigh
BACK chun an méarchlár ar an
scáileán a chur i bhfolach.
4 - Úsáid an méarchlár ar chúl an chianrialtáin chun
an t-ainm reatha a scriosadh agus chun ainm nua a
chur isteach.
5 - Nuair atá sé sin déanta agat, iompaigh an
cianrialtán, roghnaigh Dún agus brúigh OK.
6 - Brúigh
BACK chun an liosta cainéal a
dhúnadh.
Bain Liosta Ceanán as
Ní féidir leat ach Liosta Ceanán a bhaint as.
Chun Liosta Ceanán a bhaint as…
1 - Oscail an Liosta Ceanán a bhfuil uait é a bhaint as.
2 - Brúigh
OPTIONS, roghnaigh Bain Liosta
Ceanán as agus brúigh OK.
3 - Dearbhaigh chun an liosta a bhaint as.
4 - Brúigh
BACK chun an liosta cainéal a
dhúnadh.
34