operation manual

9
Sár-Roghanna
9.1
Maidir le Sár-Roghanna
Molann do theilifís cláir teilifíse reatha, na físeáin ar
cíos is nuaí agus seribhísí teilifíse Ar Líne duit le
TOP PICKS. Bí cinnte go nglacann tú leis na Téarmaí
Úsáide. Chun taitneamh a bhaint as Sár-Roghanna,
nasc do theilifís leis an Idirlíon.
Níl seirbhísí ná eolas faoi na Sár-Roghanna ar fáil ach
amháin i dtíortha faoi leith.
Téarmaí Úsáide
Ní mór duit glacadh leis na Téarmaí Úsáide chun ligint
don teilifís na moltaí seo a dhéanamh. Cinntigh go
bhfuil tic sa ticbhosca do Toiliú do Mholtaí Pearsanta
chun moltaí pearsantaithe a fháil.
Chun glacadh leis na Téarmaí Úsáide agus an Toiliú
do Mholtaí Pearsanta…
1 - Brúigh
TOP PICKS.
2 - Brúigh
OPTIONS, roghnaigh Téarmaí
Úsáide agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh (… …) agus brúigh OK.
4 - Brúigh
BACK.
9.2
Ar Theilifís Anois
Maidir le Ar Theilifís Anois
Molann an teilifís na 10 clár is mó a bhfuil tóir orthu
faoi láthair le
Ar Theilifís Anois .
Molann an teilifís cláir atá ar an teilifís anois nó ag
tosú laistigh de 15 nóiméad. Roghnaítear na cláir a
moltar ó na cainéil atá suiteáilte agat. Déantar an
rogha ó chainéil do thíre. Anuas air sin, is féidir leat
ligint do Ar Theilifís Anois roinnt moltaí pearsantaithe
a dhéanamh duit atá bunaithe ar na cláir a
bhféachann tú orthu go rialta.
Chun eolas Ar Theilifís Anois a chur ar fáil…
• ní mór d'eolas Ar Theilifís Anois ar fáil i do thír.
• ní mór don teilifís na cainéil a bheith suiteáilte.
• Ní mór don teilifís a bheith nasctha leis an Idirlíon.
• ní mór do Chlog na teilifíse a bheith socraithe
d'Uathoibríoch nó Ag Brath ar an Tír.
• ní mór duit glacadh leis na Téarmaí Úsáide (B'fhéidir
gur ghlac tú leo cheana féin nuair a nasc tú leis an
Idirlíon).
Ní thaispeánfar an deilbhín
ar bharr an scáileáin
ach amháin nuair atá Ar Theilifís Anois ar fáil.
Ní stórálann an teilifís moltaí a rinneadh roimhe seo.
Ar Theilifís Anois á úsáid
Chun Ar Theilifís Anois a oscailt…
1 - Brúigh
TOP PICKS chun an roghchlár sár-
roghanna a oscailt.
2 - Roghnaigh
Ar Theilifís Anois ar bharr an
scáileáin agus brúigh OK.
3 - Brúigh
BACK chun dúnadh.
Nuair a osclaíonn tú Ar Theilifís Anois, d'fhéadfadh
roinnt soicind a bheith ag teastáil ón teilifís chun an t-
eolas leathanaigh a athnuachan.
Is féidir leat na rudaí seo a leanas a dhéanamh le Ar
Theilifís Anois…
• roghnaigh agus brúigh OK ar dheilbhín cláir chun
tiúnáil go dtí an clár reatha.
• roghnaigh agus brúigh OK ar dheilbhín cláir
sceidealta chun tiúnáil go dtí an cainéal.
Is féidir leat úsáid a bhaint as na méaracha datha ar
an gcianrialtán taifeadadh sceidealta a thosú, a
stopadh nó a ghlanadh. Is féidir leat fógra a thugann
foláireamh duit nuair a thosaíonn clár a shocrú nó a
bhaint as.
Chun Ar Theilifís Anois a fhágáil gan tiúnáil go dtí
cainéal eile, brúigh
BACK.
9.3
Teilifís ar Éileamh
Maidir le Teilifís ar Éileamh
Is féidir leat féachaint ar chláir teilifíse atá caillte agat
nó féachaint ar na cláir is ansa leat ag an am is fearr a
fheileann duit le
Teilifís ar Éileamh . Tugtar Catch
Up TV, Replay TV nó Online TV ar an tseirbhís seo
freisin. Is féidir féachaint ar na cláir atá ar fáil ar
Theilifís ar Éileamh gan íoc.
Anuas air sin, is féidir leat ligint do Theilifís ar Éileamh
roinnt moltaí pearsantaithe clár a dhéanamh,
bunaithe ar shuiteáil na teilifíse agus ar na cláir a
mbíonn tú ag féachaint orthu go rialta.
Ní thaispeánfar an deilbhín
sa bharra ar bharr an
roghchláir Baile ach amháin nuair atá Teilifís ar
Éileamh ar fáil.
39