operation manual

1
Turas Teilifíse
1.1
Ultra HD TV
Tá taispeáint Ultra HD ag an teilifís seo. Tá an taifeach
atá aici ceithre oiread níos fearr ná an taispeáint a
bhíonn ag gnáthHD. Is é atá i gceist le Ultra HD ná 8
milliún picteilín chun an pictiúr is míne agus is fearr a
thabhairt ar an teilifís.
Anuas air sin, tiontaíonn an tInneall Ultra Pixel HD
nua aon chomhartha teilifíse atá ag teacht isteach go
taifeach Ultra HD ar bhonn leanúnach. Is féidir leat
taitneamh a bhaint as an ardchaighdeán pictiúir seo
ón nóiméad a chasann tú do theilifís air. Nó is féidir
leat féachaint ar fhíseáin dhúchasacha Ultra HD trí
nasc HDMI. Nuair a fhéachann tú ar theilifís le Ultra
HD, tá an pictiúr glan agus dea-shainithe, fiú ar
scáileán mór.
1.2
Philips Android TV™
Philips Android TV™ le UHD an teilifís seo.
Is féidir leat na mílte scannán, clár teilifíse agus
cluiche a fháil ar do Android TV ó Google Play,
YouTube agus ó na feidhmchláir is ansa leat.
Fágann moltaí pearsantaithe go bhfuil níos mó ama
agat le haghaidh siamsaíochta agus go mbeidh tú ag
caitheamh níos lú ama i mbun cuardaigh. Nuair atá
Google Cast ionsuite, is féidir leat scannán, cláir
teilifíse agus grianghraif a theilgean ó do Chromebook
nó do ghléas Android go dtí do theilifís.**
Nuair atá an Philips TV Remote App ar d'fhón cliste
nó do thaibléad, bíonn do chainéil teilifíse ar fáil agat
ar do chaoithiúlacht. Seol grianghraif chuig an
scáileán teilifíse mór nó féach ar an gclár cócaireachta
is ansa leat sa chistin ar do thaibléad. As seo amach,
is cuid de do theach soghluaiste do theilifís.
Nasc an teilifís le do líonra baile agus leis an Idirlíon.
*Ní mór don teilifís a bheith nasctha leis an
Idirlíon. D'fhéadfadh suibscríbhinní a bheith ag
teastáil do roinnt soláthróirí ábhair.
** Tá teilgean optamaithe do sheirbhísí faoi leith
amháin. D'fhéadfadh caighdeán an tsrutha i gcás
ábhar eile a bheith athraitheach. Is iad seo a leanas
na córais oibriúcháin agus na gléasanna a dtacaítear
leo: Android 2.3 agus níos airde, iOS® 7 agus níos
airde, Windows® 7 agus níos airde, Mac OS® 10.7 agus
níos airde agus Chrome OS (leagan 38 agus níos
airde).
Is trádmharcanna de chuid Google Inc Google,
Android, Google Play agus marcanna eile. Atáirgtear
nó mionathraítear an róbat Android ó obair atá
cruthaithe agus roinnte ag Google agus baintear úsáid
as de réir na dtéarmaí a bhfuil cur síos orthu sa
Creative Commons 3.0 Attribution License.
http://creativecommons.org/licenses/by/3.0/legalco
de
1.3
Feidhmchláir a úsáid
Tá roinnt Feidhmchlár praiticiúil réamhshuiteáilte ar
do theilifís mar thús.
Taispeánann na leathanaigh Feidhmchlár an
bailiúcháin Feidhmchlár ar do theilifís. Díreach cosúil
le Feidhmchláir ar d'fhón cliste nó do thaibléad,
tairgeann na Feidhmchláir ar do theilifís feidhmeanna
sonracha chun d'eispéireas teilifíse a shaibhriú.
Feidhmchláir cosúil le cluichí teilifíse nó tuartha
aimsire (i measc feidhmchlár eile). Nó oscail
Feidhmchlár Brabhsálaí Idirlín chun an tIdirlíon a
scimeáil.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh
Eochairfhocail
agus déan cuardach do Feidhmchláir.
1.4
Imirt Cluichí
Is í an teilifís seo an scáileán mór atá ag teastáil uait le
haghaidh cluichíochta. Tá sé sách mór do bheirt.
Is féidir leat cluiche a imirt ó Chonsól Cluiche nasctha,
ó Fheidhmchlár suiteáilte nó díreach cluiche ar líne ar
láithreán gréasáin. Is féidir leat an teilifís a athrú go
dtí na socruithe is fearr a fheileann do chluichíocht
chun gluaiseachtaí tapaidh a éascú. Má imríonn tú
cluiche il-imreora a bhfuil scáileáin roinnte i gceist, is
féidir leat an teilifís a shocrú chun gach scáileán a
thaispeáint mar scáileán iomlán ag an am céanna. Is
féidir le gach imreoir díriú ar imirt a chluiche féin.
1.5
Scannáin agus cláir a
cailleadh
Níl ort an teach a fhágáil chun scannán ar cíos a fháil.
4