operation manual

Teilifís ar Éileamh a úsáid
Chun Teilifís ar Éileamh a oscailt…
1 - Brúigh
TOP PICKS chun an roghchlár Sár-
Roghanna a oscailt.
2 - Roghnaigh
Teilifís ar Éileamh ar bharr an
scáileáin agus brúigh OK.
3 - Brúigh
(síos) chun an leathanach a oscailt
lánscáileáin.
4 - Brúigh
BACK chun dúnadh.
Nuair a osclaíonn tú Teilifís ar Éileamh, d'fhéadfadh
roinnt soicind a bheith ag teastáil ón teilifís chun an t-
eolas leathanaigh a athnuachan.
Is féidir leat craoltóir faoi leith a roghnú má tá níos mó
ná ceann amháin ar fáil.
9.4
Físeáin ar Éileamh
Maidir le Físeán ar Éileamh
Is féidir leat scannáin a thógáil amach ar cíos ó shiopa
físeáin ar líne le
Físeán ar Éileamh .
Is féidir leat ligint do Físeán ar Éileamh roinnt moltaí
pearsantaithe scannán a dhéanamh a bheidh
bunaithe ar do thír, suiteáil na teilifíse agus ar na cláir
a mbíonn tú ag féachaint orthu go rialta.
Ní thaispeánfar an deilbhín
sa bharra ar bharr ach
amháin nuair atá Físeán ar Éileamh ar fáil.
Íocaíocht
Nuair a thógann tú amach scannán ar cíos nó nuair a
cheannaíonn tú scannán, is féidir leat an siopa físeáin
a íoc go sábháilte le do chárta creidmheasa. Iarrann
an chuid is mó de na siopaí físeáin ort cuntas logála
isteach a chruthú an chéad uair a thógann tú scannán
amach ar cíos.
Trácht Idirlín
Má shruthaíonn tú go leor físeán, d'fhéadfá dul thar
do theorainn tráchta Idirlín mhíosúil.
Ag Úsáid Físeán ar Éileamh
Chun Físeán ar Éileamh a oscailt…
1 - Brúigh
TOP PICKS chun an roghchlár Sár-
Roghanna a oscailt.
2 - Roghnaigh
Físeán ar Éileamh ar bharr an
scáileáin agus brúigh OK.
3 - Brúigh
(síos) chun an leathanach a oscailt
lánscáileáin.
4 - Brúigh
BACK chun dúnadh.
Nuair a osclaíonn tú Físeán ar Éileamh, d'fhéadfadh
roinnt soicind a bheith ag teastáil ón teilifís chun an t-
eolas leathanaigh a athnuachan.
Is féidir leat siopa físeáin ar leith a roghnú má tá níos
mó ná ceann amháin ar fáil.
Chun scannán a thógáil amach ar cíos…
1 - Fág an pointeoir ar phóstaer scannáin.
Taispeánfar faisnéis theoranta tar éis cúpla soicind.
2 - Brúigh OK chun leathanach scannán an tsiopa
físeáin a oscailt chun achoimre den scannán a fháil.
3 - Deimhnigh d'ordú.
4 - Déan an íocaíocht ar an teilifís.
5 - Tosaigh ag féachaint. Is féidir leat na heochracha
(Seinn) agus
(Cuir ar sos) a úsáid.
40