operation manual

11
Feidhmchláir
11.1
Maidir le Feidhmchláir
Osclaíonn tú na leathanaigh Feidhmchláir
le
Feidhmchláir sa roghchlár Baile.
Taispeánann na leathanaigh Feidhmchlár an
bailiúcháin Feidhmchlár ar do theilifís. Díreach cosúil
le Feidhmchláir ar d'fhón cliste nó do thaibléad,
tairgeann na Feidhmchláir ar do theilifís feidhmeanna
sonracha chun d'eispéireas teilifíse a shaibhriú.
Feidhmchláir cosúil le cluichí teilifíse nó tuartha
aimsire (i measc feidhmchlár eile). Nó oscail
Feidhmchlár Brabhsálaí Idirlín chun an tIdirlíon a
scimeáil.
Tá Feidhmchláir in ann teacht ó Gailearaí na
bhFeidhmchlár Philips nó siopa Google Play™. Tá
roinnt Feidhmchlár praiticiúil réamhshuiteáilte ar do
theilifís. Tá roinnt de na Feidhmchláir in ann Giúirléidí
a thairiscint a thaispeántar ar leathanaigh na
bhFeidhmchlár.
Chun Feidhmchláir a shuiteáil ó Gailearaí na
bhFeidhmchlár Philips nó ó shiopa Google Play, ní
mór don teilifís a bheith nasctha leis an Idirlíon.
11.2
Feidhmchlár a shuiteáil
Is féidir leat Feidhmchlár a shuiteáil ó Ghailearaí na
bhFeidhmchlár Philips nó ó shiopa Google Play.
Chun Feidhmchlár a shuiteáil…
1 - Brúigh
HOME chun an roghchlár Baile a
oscailt.
2 - Roghnaigh Feidhmchláir chun Feidhmchláir a
oscailt.
3 - Roghnaigh
deilbhín Gailearaí na
bhFeidhmchlár nó deilbhín siopa Google Play™.
4 - Roghnaigh an Feidhmchlár atá uait agus
roghnaigh an cnaipe suiteála in aice leis an
bhFeidhmchlár.
Suiteálfaidh an teilifís an Feidhmchlár.
Má tá aon fhadhb agat agus tú ag suiteáil
Feidhmchlár, seiceáil na socruithe sa siopa Google
Play ar dtús.
11.3
Tosaigh Feidhmchlár
Is féidir leat Feidhmchlár a thosú ó leathanaigh na
bhFeidhmchlár.
Chun Feidhmchlár a thosú…
1 - Brúigh
HOME chun an roghchlár Baile a
oscailt.
2 - Roghnaigh
Feidhmchláir chun
Feidhmchláir a oscailt.
3 - Roghnaigh deilbhín an Feidhmchláir chun an
Feidhmchlár a thosú.
Chun Feidhmchlár a stopadh…
Brúigh
HOME agus roghnaigh gníomhaíocht eile
nó brúigh
EXIT chun féachaint ar theilifís.
42