operation manual

12
Meáin
12.1
Ó Nasc USB
Is féidir leat féachaint ar do ghrianghaif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg chuimhne USB nó
diosca crua USB nasctha.
Agus an teilifís casta air agat, plugáil isteach méaróg
chuimhne USB nó Diosca Crua USB i gceann de na
naisc USB. Braithfidh an teilifís an gléas agus
tabharfaidh sé liosta de do chomhaid Meán. Mura
dtaispeánfar an liosta comhad go huathoibríoch,
brúigh
SOURCES agus roghnaigh USB.
Is féidir leat cuardach a dhéanamh do chomhad leis
an réimse cuardaigh nó do chomhaid a bhrabhsáil sa
struchtúr fillteán atá eagraithe agat ar an tiomántán.
Déanfaidh an teilifís do chomhaid Meán a chuachadh
freisin ag brath ar a gcineál –
Físeáin ,
Grianghraif
Ceol . Tá feidhmeanna na n-
eochracha datha agus na roghanna
in
OPTIONS tiomanta mar sin do gach cineál.
Brúigh
HOME agus roghnaigh gníomhaíocht eile
chun éirí as seinnt físeán, grianghraf agus ceol.
Rabhadh:
Má dhéanann tú iarracht clár a chur ar sos nó é a
thaifeadadh nuair atá Diosca Crua USB, iarrfaidh an
teilifís ort an Diosca Crua USB a fhormáidiú.
Scriosfaidh an formáidiú seo gach comhad reatha ar
an Diosca Crua USB.
12.2
Ó Ríomhaire nó NAS
Is féidir leat féachaint ar do ghrianghraif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó ríomhaire nó ó NAS (Stórás
atá Ceangailte le Líonra) i do líonra baile.
Ní mór don teilifís agus don ríomhaire nó NAS a
bheith sa líonra baile céanna. Ní mór duit Bogearraí
Freastalaí Meán cosúil le Twonky™ a shuiteáil ar do
ríomhaire nó do NAS. Ní mór do do Fhreastálaí Meán
a bheith socraithe chun comhaid a roinnt leis an
teilifís. Taispeánfaidh an teilifís do chomhaid agus
d'fhillteáin mar a eagraíonn an Freastálaí Meán iad nó
mar atá siad struchtúrtha ar do ríomhaire nó NAS. Tá
feidhmeanna na n-eochracha datha agus na
roghanna in
OPTIONS mar a chéile do gach
ceann de na comhaid Meán ar an teilifís.
Má thacaíonn an Freastálaí Meán le cuardach do
chomhaid, beidh réimse cuardaigh ar fáil.
Chun na comhaid a bhrabhsáil agus a sheinnt ar do
ríomhaire, brúigh
SOURCES , roghnaigh
SimplyShare.
43