operation manual

13
3D
13.1
A bhfuil de dhíth ort
Is teilifís 3D fulangach í seo.
Chun féachaint ar 3D…
• tiúnáil do chainéal teilifíse a chraolann cláir i 3D
• scannán a thógáil amach ar cíos i 3D ó shiopa físeán
ar líne
• féachaint ar scannán i 3D ó Dhiosca Blu-ray 3D,
gléas USB nó ríomhaire
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif i dtaifeach Ultra
HD i 3D ó nasc USB.
Ní féidir leat féachaint ar 3D ar fhíseán Ultra HD
dúchasach, físeáin ó ghléas atá nasctha leis an nasc
HDMI 5.
Chun péire breise spéaclaí a fháil, ceannaigh spéaclaí
fulangacha Philips 3D PTA417 nó PTA426 (díoltar astu
féin iad). Tá an seans ann nach dtacófar le spéaclaí
3D eile.
13.2
Spéaclaí 3D
Nuair atá clár 3D ar taispeáint ar an scáileán, díreach
cuir ort na spéaclaí 3D chun féachaint ar an gclár i 3D.
An airde amhairc a mholtar
Chun an caighdeán pictiúir is fearr a fháil, ba cheart
go mbeadh do shúile ar aon leibhéal le lár an
scáileáin nuair atá tú ag féachaint ar theilifís 3D
fulangach.
13.3
Socruithe 3D
Lascadh Uathoibríoch
Is féidir leat do rogha a shocrú maidir leis an gcaoi 3D
a thosú sa todhchaí an chéad uair a bhraitear
comhartha 3D. Is féidir leat an socrú seo a athrú sa
roghchlár Suiteáil ina dhiaidh sin.
• Chun athrú go 3D go huathoibríoch, roghnaigh
Uathoibríoch.
• Chun fógra a thaispeáint ar dtús, roghnaigh Fógra
amháin.
• Chun nach n-athrófar go 3D go deo, roghnaigh Go
Deo.
Chun an socrú seo a athrú…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh 3D agus brúigh
(deas) chun an
roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Athraigh go 3D agus
roghnaigh Uathoibríoch, Fógra Amháin Go Deo.
4 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
3D a stopadh
Chun éirí as féachaint ar 3D...
1 - Brúigh
.
2 - Roghnaigh Formáid 3D > 2D, agus brúigh OK.
Athraítear 3D go 2D nuair a athraíonn tú go cainéal
eile nó go gléas nasctha.
Tiontú 2D go 3D
Is féidir leat féachaint ar 3D i gcónaí le Tiontú 2D go
3D. Cruthaíonn an teilifís 3D go saorga ó chomhartha
2D.
Chun féachaint ar 3D ó chomhartha 2D…
1 - Brúigh
.
2 - Roghnaigh Formáid 3D Format > Tiontú 2D go
3D, ansin brúigh OK.
Chun tiontú 2D go 3D a chasadh as...
1 - Brúigh
.
2 - Roghnaigh Formáid 3D > 2D,ansin brúigh OK.
Formáid 3D
Nuair a athraíonn an teilifís go 3D nó nuair atá fógra ar
taispeáint go bhfuil 3D ar fáil, cuir ort do spéaclaí 3D.
Mura bhfuil an teilifís in ann an comhartha 3D a
bhraith (tá an clib comhartha 3D ar iarraidh),
taispeántar an clár 3D mar íomhá dhúbáilte ar an
scáileán.
Chun an socrú cuí a roghnú chun pictiúr cruinn 3D a
fháil...
1 - Brúigh
.
2 - Roghnaigh Formáid 3D > 3D - Taobh le
Taobh, 3D - Barr/ Bun, 3D - Taobh le Taobh
Inbhéartaithe, nó 3D - Barr/ Bun Inbhéartaithe, ansin
brúigh OK.
44