operation manual

Oscail Físeán ar Éileamh agus faigh an scannán is
déanaí ar do theilifís go díreach. Oscail an
Feidhmchlár siopa físeáin, cruthaigh do chuntas
pearsanta, roghnaigh an scannán agus brúigh seinn.
Tá Físeán ar Éileamh ar fáil i dtíortha faoi leith.
Chun tuilleadh eolais a fháil,
brúigh
Eochairfhocail agus déan cuardach
do Físeán ar Éileamh.
1.6
Cuir teilifís ar sos agus
Taifeadtaí
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat
craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh ó chainéal
teilifíse digití.
Cuir do theilifís ar sos agus freagair an fón, nó díreach
bíodh briseadh agat i rith cluiche spóirt. Stórálann an
teilifís an craoladh ar an Diosca Crua USB agus is
féidir leat féachaint air arís níos deireanaí.
Nuair atá Diosca Crua USB nasctha agat, is féidir leat
craoltaí digiteacha a thaifeadadh freisin. Is féidir leat
taifeadadh nuair atá tú ag féachaint ar chlár, nó clár
atá le craoladh sa todhchaí a sceidealú.
1.7
Líonraí Sóisialta
Ní gá duit éirí chun teachtaireachtaí ó do chara a
sheiceáil ar do ríomhaire.
Faigheann tú teachtaireachtaí ó do líonra sóisialta ar
do scáileán teilifíse. Is féidir leat teachtaireacht a
sheoladh ar ais agus tú i do shuí i do sheomra suite.
1.8
Ambilight
Is é Ambilight an ghné is grástúla agus is eisiaiche de
do theilifís Philips nua.
Luisne fhíneáilte solais daite atá ann a dhealraíonn ó
chúl an scáileáin, rud a chuireann le d'eispéireas
súl. Ligeann do chuid súile a scíth le Ambilight ach
bíonn d'intinn gafa go hiomlán lena bhfuil le feiceáil.
Is féidir leat cur le Ambilight tuilleadh
le Ambilight+hue. Tabhairt isteach bolgáin Philips
Hue* a rialaítear gan sreang. Nuair a socraíonn tú iad,
líonfar do sheomra le dathanna a bheidh in oiriúint
don mhéid atá ar an teilifís.
Áireoidh tú uait Ambilight nuair a chasann tú as é.
* Díoltar astu féin iad.
1.9
Ambilight + Hue
Do theilifís Ambilight
Teicneolaíocht faoi leith atá in Ambilight Philips. Ní
hamháin go bhfeicfear duit go bhfuil do scáileán i
bhfad níos leithne, fágann sé go mbeidh eispéireas
súl níos tumthaí agat mar go gcaitheann sé luise
leathan amach as dá thaobh do theilifís ar na ballaí
atá timpeall uirthi. Bogann dathanna agus beocht
amach as an scáileán agus isteach i do sheomra suite
agus iad ag tabhairt leo eispéireas súl níos
aoibheallaí, níos déine agus níos tumthaí.
Ambilight + Hue
Líon do spás – agus do shaol – le hiontas Ambilight.
Ligeann Ambilight + hue* duit an t-eispéireas
Ambilight a leathnú ar fud do sheomra.
Is féidir leat cur le Ambilight tuilleadh
le Ambilight+hue. Tabhairt isteach bolgáin Philips
Hue* a rialaítear gan sreang. Nuair a socraíonn tú iad,
líonfar do sheomra le dathanna a bheidh in oiriúint
don mhéid atá ar an teilifís.
'Labhraíonn' do theilifís Ambilight agus na bolgáin lí le
chéile gan sreang, agus leis sin áireodh tú cumhacht
agus dath Ambilight i do thimpeall.
*Díoltar an trealamh lí as féin.
5