operation manual

bheith ar Fuireachas chun cainéil a nuashonrú go
huathoibríoch. Is féidir leat Nuashonrú Cainéal
Uathoibríoch a chasadh as.
Chun an nuashonrú uathoibríoch a chasadh as…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Suiteáil Satailíte > Nuashonrú
Cainéal Uathoibríoch agus roghnaigh As.
3 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Is féidir leat an teilifís a shocrú chun díreach cainéil
satailíte ar leith a nuashonrú.
Chun satailítí a mharcáil le haghaidh a
nuashonraithe…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Suiteáil Satailíte agus
roghnaigh Rogha Nuashonraithe Uathoibríoch.
Roghnaigh satalilít sa liosta satalilítí chun é a mharcáil
nó a dhímharcáil.
3 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Déantar an Nuashonrú cainéal uathoibríoch i roinnt
tíortha nuair atáthar ag féachaint ar an teilifís nó uair
ar bith nuair atá an teilifís ar Fuireachas.
Nuashonrú Cainéal de Láimh
Is féidir leat nuashonrú cainéal a thosú tú féin i
gcónaí.
Chun nuashonrú cainéal a thosú de láimh…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Suiteáil Satailíte > Déan Cuardach
do Chainéil agus cliceáil Nuashonraigh Cainéil.
3 - Lean na treoracha ar an scáileán. D'fhéadfadh an
nuashonrú roinnt nóiméad a thógáil.
Cuir satailít leis an liosta
Is féidir leat satailít bhreise a chur le do shuiteáil
satailíte reatha. Ní dhéanann sé aon difríocht do na
satailítí suiteáilte ná dá gcainéil. Ní cheadaíonn roinnt
oibritheoirí satailíte duit satailít a chur leis an liosta.
Ba cheart caitheamh leis an satailít bhreise mar rud
breise. Ní hé do phríomhshuibscríbhinn satailíte é ná
an phríomhshatailít a bhfuil a pacáiste cainéal á úsáid
agat. Chuirfeá an 4ú satailít leis an liosta nuair atá 3
shatailít suiteáilte agat cheana féin. Má tá 4 shatailít
suiteáilte agat cheana féin, d'fhéadfá breithniú a
dhéanamh ar cheann a bhaint as chun go mbeifeá in
ann satailít nua a shuiteáil.
Suiteáil
Mura bhfuil ach 1 nó 2 satailít suiteáilte agat, tá an
seans ann nach ligfidh na socruithe suiteála reatha
duit satailít bhreise a chur leis an liosta. Má
chaitheann tú na socruithe suiteála a athrú, ní mór
duit an tsuiteáil satailíte a athdhéanamh ina iomlán.
Ní féidir leat Cuir satailít leis an liosta a úsáid má tá
athrú socruithe ag teastáil.
Chun satailít a chur leis an liosta…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Suiteáil Satailíte > Déan Cuardach do
shatailít agus roghnaigh Cuir atailít leis an
liosta. Taispeánfar na satailítí reatha.
3 - Roghnaigh Déan Cuardach. Déanann an teilifís
cuardach do shatailítí nua.
4 - Má tá satailít amháin nó níos mó aimsithe ag an
teilifís, roghnaigh Suiteáil. Suiteálann an teilifís cainéil
na satailítí a aimsíodh.
5 - Chun na cainéil agus stáisiúin raidió a stóráil,
roghnaigh Críochnaigh.
Satailít a Bhaint as
Is féidir leat satailít amháin nó níos mó a bhaint as ó
do shuiteáil satailíte reatha. Baineann tú an tsatailít
agus a cainéil as. Tá roinnt oibritheoirí satailíte ann
nach gceadaíonn satailít a bhaint as.
Chun satailítí a bhaint as…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - RoghnaighSuiteáil Satailíte > Déan cuardach do
shatailít agus roghnaigh Bain as
Satailít. Taispeánfar na satailítí reatha.
3 - Roghnaigh an satailít(í) chun iad a mharcáil nó a
dhímharcáil le haghaidh a mbainte as.
4 - Roghnaigh Bain as. Baintear as na satailítí.
5 - Roghnaigh Amach chun Bain as Satailít a
dhúnadh.
Suiteáil de Láimh
Is do shainúsáideoirí atá Suiteáil de Láimh dírithe.
Is féidir leat Suiteáil de Láimh a úsáid chun cainéil nua
a chur leis an liosta go tapaidh ó thrasfhreagróir
satailíte. Ní mór minicíocht agus polarú an
trasfhreagróra a bheith ar eolas agat. Suiteálfaidh an
teilifís gach cainéal ón trasfhreagróir sin. Más rud é gur
suiteáladh an trasfhreagróir cheana, bogfar gach
ceann dá chainéil - na cinn a bhí ann cheana féin
agus na cinn nua - go dtí deireadh an liosta cainéal
Gach Cainéal.
Ní féidir leat Suiteáil de Láimh a úsáid má chaitheann
tú líon na satailítí a athrú. Má tá gá leis seo, ní mór duit
74