operation manual

Fabhtcheartú
Níor aimsíodh an líonra gan sreang nó tá sé
díchumtha
• Tá oighinn micreathonnacha, fóin DECT nó
gléasanna eile Wi-Fi 802.11b/g/n i do
chomharsanacht in ann cur isteach ar an líonra gan
sreang.
• Bí cinnte go ligeann na ballaí dóiteáin i do líonra
rochtain ar nasc gan sreang na teilifíse.
• Mura n-oibreoidh an líonra gan sreang i gceart i do
theach, bain triail as an líonra sreangaithe a shuiteáil.
Ní oibríonn an tIdirlíon
• Má tá an nasc don ródaire ag obair i gceart, seiceáil
nasc an ródaire don Idirlíon.
Tá an ríomhaire agus an nasc Idirlín mall
• Féach i dtreoirleabhar úsáideora do ródaire gan
sreang chun eolas a fháil maidir le raon laistigh, ráta
aistrithe nó fachtóirí eile a bhaineann le caighdeán an
chomhartha.
• Úsáid nasc Idirlín ardluais (leathanbhanda) do do
ródaire.
DHCP
• Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP
(Prótacal Óstchumraíochta Dinimiciúla) an ródaire a
sheicéail. Ba cheart go mbeadh DHCP casta air.
Nasc Sreangaithe
A bhfuil de dhíth ort
Teastaíonn ródaire líonra uait atá nasctha leis an an
Idirlíon chun an teilifís a nascadh leis an
Idirlíon. Úsáid nasc ardluais (leathanbhanda) leis an
Idirlíon.
Déan an Nasc
Chun nasc sreangaithe a dhéanamh…
1 - Nasc an ródaire leis an teilifís le cábla líonra (cábla
Ethernet**).
2 - Bí cinnte go bhfuil an ródaire casta air.
3 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus
brúigh
(deas) chun an roghchlár a oscailt.
5 - Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi > Nasc le
Líonra agus brúigh OK.
6 - Roghnaigh Sreangaithe agus
brúigh OK. Déanann an teilifís cuardach leanúnach
don nasc líonra.
7 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an
nasc.
Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP an
ródaire a sheiceáil. Ba cheart go mbeadh DHCP casta
air.
**Chun rialacháin EMC a chomhlíonadh, úsáid cábla
Ethernet FTP Cat. 5E díonta.
3.3
Socruithe Líonra
Féach ar Shocruithe Líonra
Is féidir leat gach socrú líonra reatha a fheiceáil
anseo. An seoladh IP agus MAC, neart an
chomhartha, luas, modh criptithe, etc.
Chun na socruithe líonra reatha a fheiceáil…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus
brúigh
(deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi > Féach ar
Shocruithe Líonra agus brúigh OK.
4 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Cumraíocht Líonra
Mar rogha air sin, más ardúsáideoir tú agus má tá uait
do líonra a shuiteáil le seolachán IP Statach, athraigh
socrú na teilifíse go IP Statach.
Chun an teilifís a shocrú go IP Statach…
1 - Brúigh
, roghnaigh Gach socrú agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus
brúigh
(deas) chun an roghchlár a oscailt.
3 - Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi > Cumraíocht
Líonra agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh IP Statach agus brúigh OK chun
Cumraíocht IP Statach a chumasú.
5 - Roghnaigh Cumraíocht IP Statach agus cumraigh
an nasc.
6 - Brúigh
(clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
9