User manual
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 - Céard atá nua?
- 2 - Suiteáil
- 3 - Cianrialtán
- 4 - Ag Casadh Air agus As
- 5 - Cainéil
- 6 - Suiteáil Cainéal
- 7 - Nasc Gléasanna
- 7.1 - Maidir le Naisc
- 7.2 - CAM le Cárta Cliste - CI+
- 7.3 - Córas Amharclainne Baile - HTS
- 7.4 - Fóin Chliste agus Táibléid
- 7.5 - Seinnteoir Diosca Blu-ray
- 7.6 - Seinnteoir DVD
- 7.7 - Bluetooth
- 7.8 - Cluasáin
- 7.9 - Consól Cluiche
- 7.10 - Diosca Crua USB
- 7.11 - Méarchlár, nasc
- 7.12 - Méaróg Chuimhne USB
- 7.13 - Ceamara grianghraif
- 7.14 - Camthaifeadán
- 7.15 - Ríomhaire
- 8 - Nasc do Android TV
- 9 - Feidhmchláir
- 10 - Idirlíon
- 11 - Roghchlár na teilifíse
- 12 - Naisc, Liosta
- 13 - Líonraí
- 14 - Socruithe
- 15 - Meáin
- 16 - Eolaire Teilifíse
- 17 - Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar Sos
- 18 - Fóin Chliste agus Táibléid
- 19 - Cluichí
- 20 - Ambilight
- 21 - Sár-Roghanna
- 22 - Netflix
- 23 - Alexa
- 24 - Bogearaí
- 25 - Sonraíochtaí
- 26 - Cúnamh agus Tacaíocht
- 27 - Sábháilteacht agus Cúram
- 28 - Téarmaí Úsáide
- 29 - Cóipchearta
- 30 - Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
14.4
Éicea-Socruithe
Socraigh leibhéal coigiltis fuinnimh
Socruithe > Éicea-Socruithe > Coigilt fuinnimh.
Roghnaigh Uasmhéid, Meánmhéid nó
Íosmhéid chun céimeanna éagsúla coigilt fuinnimh a
roghnú, nó roghnaigh As chun coigilt fuinnimh a
chasadh as.
Socraigh an scáileán go As chun fuinnimh a choigilt
Socruithe > Éicea-Socruithe > Scáileán as.
Roghnaigh Scáileán as, castar as an scáileán teilifíse,
chun an scáileán teilifíse a chasadh air arís, brúigh
aon eochair ar an gcianrialtán.
Cas air an braiteoir solais thimpellaigh ionsuite
Socruithe > Éicea-Socruithe > Braiteoir solais.
Roghnaigh Braiteoir solais, íslíonn an braiteoir ionsuite
timpeallach gile an scáileán teilifíse nuair a éiríonn sé
níos dorcha. Coigeartaíonn an braiteoir solais ionsuite
an pictiúr go huathoibríoch do choinníollacha solais
an tseomra.
Socraigh uaineadóir casadh as teilifís
Socruithe > Éicea-socruithe > Uaineadóir
casadh as.
Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun an
luach a athrú. Díghníomhachtóidh an luach 0 (As)
an casadh as uathoibríoch.
Roghnaigh Uaineadóir casadh as, casann an teilifís
as go huathoibríoch chun fuinneamh a choigilt.
* Casann an teilifís as má tá comhartha teilifíse á fáil
aici ach mura mbrúnn tú eochair ar an gcianrialtán i
rith tréimhse 4 uaire.
* Casann an teilifís as mura bhfuil sé ag fáil comhartha
teilifíse ná ordú ón gcianrialtán ar feadh 10 nóiméad.
* Má úsáideann tú an teilifís mar mhonatóir nó má
úsáideann tú glacadóir digiteach chun féachaint ar an
teilifís (Bosca bairr - STB) agus mura n-úsáideann tú
cianrialtán na teilifíse, ba cheart duit an socrú chun an
gléas a chasadh as go huathoibríoch a
dhíghníomhachtú tríd an luach a athrú go 0.
14.5
Socruithe Ginearálta
Diosca Crua USB
Ní mór duit Diosca Crua USB a shuiteáil agus a
fhormáidiú sula ndéanann tú taifead ar chainéal.
Socruithe > Socruithe ginearálta > Diosca Crua
USB.
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos nó a
thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh
agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach
comhad ón Diosca Crua USB. Má tá uait craoltaí a
thaifeadadh le sonraí ón Eolaire Teilifíse ón Idirlíon, ní
mór duit an nasc Idirlín a shuiteáil sula suiteálann tú
an Diosca Crua USB.
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don
teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a
úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus
ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua
USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta.
Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a
fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an
méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh
athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá
suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le
ríomhaire.
Chun Diosca Crua USB a fhormáidiú…
1 - Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc
USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt
USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
2 - Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3 - Roghnaigh Taifeadtaí má tá uait an Teilifís a
chur ar sos nó Taifeadtaí a roghnú, seachas sin,
roghnaigh Feidhmchláir chun feidhmchláir a stóráil.
Lean na treoracha ar an scáileán.
4 - Bainfear as gach comhad agus sonraí tar éis
formáidithe.
5 - Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe,
fág nasctha go buan é.
Socruithe Méarchláir USB
Socraigh leagan amach an mhéarchláir don
mhéarchlár USB atá suiteáilte
Socruithe > Socruithe ginearálta > Socruithe
méarchláir USB.
Nasc an méarchlár USB le ceann de na naisc USB ar
an teilifís seo. Nuair a bhraitheann an teilifís an
méarchlár den chéad uair, is féidir leat leagan amach
do mhéarchláir a roghnú agus do rogha a thástáil.
57