User manual

Table Of Contents
18
Fóin Chliste agus
Táibléid
18.1
Philips TV Remote App
Is é an Philips TV Remote App nua ar d'fhón cliste nó
ar do thaibléad do chara nua.
Tá tú i gceannas ar na meáin atá mórthimpeall ort leis
an TV Remote App. Seol grianghraif, ceol nó físeáin
chuig do scáileán teilifíse. Fiosraigh a bhfuil uait
féachaint air san Eolaire Teilifíse agus féach air ar an
teilifís. * Nuair a úsáideann tú d'fhón mar chianrialtán,
is féidir an teilifís a chasadh air nó as le d’fhón leis an
bhFeidhmchlár Remote TV.
Íoslódáil an Philips TV Remote App ón siopa
feidhmchlár is ansa leat inniu.
Tá TV Remote App Philips ar fáil in aisce do iOS agus
Android.
18.2
Google Cast
A bhfuil de dhíth ort
Má tá Google Cast ar fheidhmchlár ar do ghléas
soghluaiste, is féidir leat d'fheidhmchlár a theilgean ar
an teilifís seo. Déan cuardach do dheilbhín Google
Cast ar an ngléas soghluaiste. Is féidir leat úsáid a
bhaint as do ghléas soghluaiste chun a bhfuil ar an
teilifís a rialú. Oibríonn Google Cast ar Android agus
ar iOS.
Ní mór do ghléas soghluaiste a bheith nasctha leis an
líonra baile Wi-Fi céanna le do theilifís.
Feidhmchláir le Google Cast
Tagann feidhmchláir nua do Google Cast amach gach
lá. Is féidir leat triail a bhaint as le YouTube, Chrome,
Netflix, Photowall … nó Big Web Quiz for
Chromecast. Féach freisin google.com/cast
Tá roinnt táirgí agus gnéithe Google Play nach bhfuil
ar fáil i ngach tír.
Faigh tuilleadh eolais ar
support.google.com/androidtv
Teilgean chuid do theilifís
Chun feidhmchlár a theilgean chuig scáileán na
teilifíse…
1 - Oscail feidhmchlár a thacaíonn le Google Cast ar
d'fhón cliste nó do thaibléad.
2 - Tabáil an deilbhín Google Cast.
3 - Roghnaigh an teilifís ar mhaith leat teilgean
chuige.
4 - Brúigh seinn ar d'fhón cliste nó do thaibléad. Ba
cheart don rud a roghnaigh tú tosú ag seinnt ar an
teilifís.
18.3
AirPlay
Chun feidhmiúlacht AirPlay a chur le do Android TV, is
féidir leat ceann amháin de na feidhmchláir Android a
íoslódáil agus a shuiteáil. Is féidir leat go leor de na
feidhmchláir sin a fháil sa Google Play Store.
18.4
MHL
Tá an teilifís seo oiriúnach le MHL™.
Má tá do ghléas soghluaiste oiriúnach le MHL, is féidir
leat do ghléas soghluaiste a nascadh leis an teilifís le
cábla MHL. Nuair atá an cábla MHL nasctha, is féidir
leat a bhfuil ar do ghléas soghluaiste ar scáileán na
teilifíse a roinnt. Luchtaíonn do ghléas soghluaiste a
cheallra ag an am céanna. Feileann an nasc MHL go
maith d'fhéachaint ar scannáin nó cluichí a imirt ó do
ghléas soghluaiste ar an teilifís ar feadh tréimhse níos
faide.
Luchtú
Nuair atá an cábla MHL nasctha, luchtóidh do ghléas
nuair atá an teilifís casta air (ní ar fuireachas).
Cábla MHL
Teastaíonn cábla MHL fulangach (HDMI go dtí Micro
USB) uait chun do ghléas soghluaiste a nascadh leis
an teilifís Tá an seans ann go mbeidh cuibheoir breise
ag teastáil uait chun do ghléas soghluaiste a nascadh.
Úsáid an nasc HDMI 1 MHL chun an cábla MHL a
nascadh leis an teilifís.
Is trádmharcanna de chuid an MHL, LLC iad MHL,
Mobile High-Definition Link agus Lógó MHL.
71