User manual

Table Of Contents
27
Sábháilteacht agus
Cúram
27.1
Sábháilteacht
Tábhachtach
Léigh agus tuig gach treoir sábháilteachta sula n-
úsáidfidh tú an teilifís. Má tharlaíonn díobháil mar nár
leanadh treoracha, ní bheidh feidhm ag an mbaránta.
Baol Turrainge Leictrí nó Tine
• Ná nocht an teilifís don bháisteach nó d'uisce. Ná
cuir soithí ina mbíonn leachtanna, cosúil le vásaí, in
aice leis an teilifís.
Má dhoirtear leachtanna ar an teilifís, nó isteach inti,
dínasc an teilifís ón asraon cumhachta láithreach.
Déan teagmháil le Cúram Custaiméirí Philips TV chun
an teilifís a sheiceáil sula n-úsáidfí í.
• Ná nocht an teilifís, an cianrialtán ná ceallraí go deo
do theas iomarcach. Ná cuir in aice le coinnle ar
lasadh nó lasracha gan chosaint iad, ná in aice le
foinsí teasa iad, lena n-áirítear teas díreach na gréine.
• Ná cuir aon rud isteach sna sliotáin aeraithe go deo,
ná sna hoscailtí eile ar an teilifís.
• Ná cuir rudaí troma go deo ar an seolán cumhachta.
• Ná bíodh aon neart á imirt ar na plugaí cumhachta.
Tá plugaí cumhachta scaoilte in ann a bheith ina n-
údar do stuáil nó do thine. Bí cinnte nach mbeidh aon
straidhn ar an seolán cumhachta nuair a sclóineann tú
scáileán na teilifíse.
• Chun an teilifís a dínascadh ó chumhacht an
phríomhlíonra, ní mór pluga cumhachta na teilifíse a
dínascadh. Nuair atá an chumhacht a dínascadh agat,
tarraing an pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an
seolán go deo. Bí cinnte go bhfuil rochtain iomlán
agat ar an bpluga cumhachta, an seolán cumhachta
agus ar an soicéad asraoin i gcónaí.
Baol Gortuithe nó Baol Díobhála don
teilifís
• Teastaíonn beirt chun teilifís atá níos troime ná 25
cileagram nó 55 punt a iompar.
• Má ghléasann tú an teilifís ar sheastán, ná húsáid
ach an seastán a tháinig léi. Daingnigh an seastán leis
an teilifís go maith.
Lonnaigh an teilifís ar dhromchla réidh cothrom atá in
ann glacadh le meáchan na teilifíse agus an seastáin.
• Nuair atá sé gléasta ar an mballa, bí cinnte go bhfuil
an gléasadh balla in ann meáchan na teilifíse a
iompar go sábháilte. Ní ghlacann TP Vision le haon
fhreagracht as gléasadh balla míchuí a mbeidh
tionóisc, gortú nó damáiste mar thoradh air.
• Is as gloine atá píosaí den táirge déanta. Láimhseáil
go cúramach é chun gortú nó damáiste a sheachaint.
Baol damáiste don teilifís
Sula nascfaidh tú an teilifís leis an asraon cumhachta,
cinntigh go bhfuil an voltas cumhachta ag meaitseáil
an luach atá priontáilte ar chúl na teilifíse. Ná nasc an
teilifís go deo leis an asraon cumhachta má tá voltas
éagsúil ann.
Baol Gortuithe do Pháistí
Lean na réamhchúraim seo chun nach mbeidh an
teilifís ina údar gortuithe do pháistí má thiteann sé ón
seastán:
• Ná cuir an teilifís go deo ar dhromchla atá clúdaithe
le héadach nó le hábhar eile ar féidir é a tharraingt.
• Bí cinnte nach bhfuil aon chuid den teilifís ag
gobadh amach thar imeall an dromchla gléasta.
• Ná cuir an teilifís go deo ar throscán ard, cosúil le
leabhragán, gan an troscán agus an teilifís araon a
bheith daingnithe don bhalla nó do thaca feiliúnach.
• Labhair le leanaí faoi na contúirtí a bhaineann le
bheith ag dreapadóireacht ar throscán chun dul
chomh fada leis an teilifís.
An baol a bhaineann le ceallraí a shlogadh!
D'fhéadfadh ceallraí atá cosúil le boinn airgid a bheith
sa chianrialtán agus d'fhéadfadh leanaí óga iad a
shlogadh go héasca. Ná bíodh leanaí in ann rochtain
a fháil ar na ceallraí seo go deo.
Baol Róthéite
Ná cuir an teilifís go deo in áit a bhfuil an spás cúng
ann. Bíodh spás 20 ceintiméadar nó 4 orlach ar a
laghad timpeall na teilifíse i gcónaí le haghaidh
aeraithe. Bí cinnte nach gclúdaíonn cuirtíní nó rudaí
eile sliotáin aeraithe na teilifíse.
Stoirmeacha Tintrí
Dínasc an teilifís ón asraon cumhachta agus ón aeróg
roimh stoirmeacha tintrí.
Ná leag do lámh ar aon chuid den teilifís, an seológ
cumhachta nó cábla na haeróige i rith stoirmeacha
tintrí.
88