User Guide

Table Of Contents
láimhseálann siad nuashonruithe cainéal rialta freisin.
Chun an roghchlár CAM (CI+) a oscailt...
Brúigh MENU > Roghanna teilifíse > Cárta CI Card
agus brúigh OK.
5.4
Aeróg
Suiteáil Aeróige
Tabhair faoi deara, sula suiteálann tú cainéil, ba
cheart duit an Mód Suiteála Cainéal a athrú i dtosach
go dtí an ceann a bhfuil uait é a shuiteáil. Maidir le
suiteáil cainéal Aeróige, ní mór duit an Mód Suiteála
Cainéal a athrú go hAeróg i dtosach agus ansin tús a
chur leis an tsuiteáil.
Chun cainéil Aeróige a shuiteáil…
1 - Brúigh Baile > Socruithe > Cainéal > Mód Suiteála
Cainéal agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Aeróg agus ansin téigh ar ais go
Cainéal.
3 - Roghnaigh Cainéil > Scan Cainéal agus
brúigh OK.
Mar rogha air sin, agus tú ag féachaint ar chainéal
teilifíse, is féidir leat an scan cainéal a dhéanamh trí...
MENU > Eochracha nascleanúna suas
> Cainéil > Cainéal.
Roghnú an Líonra is ansa leat
Chun an líonra is ansa leat a roghnú...
1 - Agus tú ag féachaint ar an teilifís,
brúigh MENU > Roghanna
teilifíse > Socruithe > Cainéal > Cainéil agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Roghnú an Líonra is ansa leat agus
brúigh OK.
3 - Lean na treoracha ar an scáileán.
4 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
5.5
Suiteáil Cábla
Tabhair faoi deara, sula suiteálann tú cainéil, ba
cheart duit an Mód Suiteála Cainéal a athrú i dtosach
go dtí an ceann a bhfuil uait é a shuiteáil. Maidir le
suiteáil cainéal Cábla, ní mór duit an Mód Suiteála
Cainéal a athrú go Cábla i dtosach agus ansin tús a
chur leis an tsuiteáil.
Chun na cainéil Cábla a shuiteáil…
1 - Brúigh Baile > Socruithe > Cainéal > Mód Suiteála
Cainéal agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Cábla agus ansin téigh ar ais go
Cainéal.
3 - Roghnaigh Cainéil > Scan Cainéal agus
brúigh OK.
4 - Brúigh Eochracha nascleanúna clé nó
deas chun mód scanta a roghnú.
Scan iomlán
1 - Roghnaigh Iomlán.
2 - Roghnaigh Scan agus brúigh OK chun tosú.
D'fhéadfadh sé sin roinnt nóiméad a thógáil.
Scan tapaidh nó Ardscan
1 - Roghnaigh Tapaidh Ardscan.
2 - Is féidir leat an Mhinicíocht (KHz) agus
an Network ID a shocrú.
3 - Roghnaigh Scan agus brúigh OK chun tosú.
D'fhéadfadh sé sin roinnt nóiméad a thógáil.
Mar rogha air sin, agus tú ag féachaint ar chainéal
teilifíse, is féidir leat an scan cainéal a dhéanamh trí...
MENU > Eochracha nascleanúna suas
> Cainéil > Cainéal.
5.6
Roghanna Suiteála Cainéal
Scan RF Singil agus Caighdeán
Glacachta
Is féidir leat caighdéan agus neart comhartha chainéil
dhigitigh a sheiceáil. Má tá d'aeróg féin agat, is féidir
leat triail a bhaint as suíomh na haeróige a athrú chun
an ghlacacht a fheabhsú.
Chun caighdeán glacachta chainéil dhigitigh a
sheiceáil…
1 - Agus tú ag féachaint ar an teilifís,
brúigh MENU > Roghanna
teilifíse > Socruithe > Cainéal > Suiteáil
Cainéil > Scan RF Singil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Cainéal RF.
3 - Brúigh Eochracha nascleanúna clé nó deas chun
cainéal a roghnú agus brúigh OK. Taispeántar an
leibhéal comhartha agus caighdeán an chomhartha
don chainéal seo.
4 - Brúigh Ar ais, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
13