User Guide
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Scáileán Baile
- 2 Suiteáil
- 3 Cianrialtán
- 4 Ag Casadh Air agus As
- 5 Suiteáil Cainéal
- 6 Cainéil
- 7 Nasc Gléasanna
- 8 Bluetooth
- 9 Nasc do Android TV
- 10 Feidhmchláir
- 11 Naisc, Liosta
- 12 Socruithe
- 13 Ambilight
- 14 Físeáin, Grianghraif, Ceol & Téacs
- 15 Eolaire Teilifíse
- 16 Fóin Chliste agus Táibléid
- 17 Netflix
- 18 Bogearaí
- 19 Sonraíochtaí
- 20 Cúnamh agus Tacaíocht
- 21 Sábháilteacht agus Cúram
- 22 Téarmaí Úsáide
- 23 Cóipchearta
- 24 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
13
Ambilight
13.1
Ambilight, Air nó As
Is féidir leat Ambilight a shocrú chun dinimicí físeáin
cláir teilifíse a leanúint. Mar rogha air sin, is féidir leat
Ambilight a shocrú chun stíl datha réamhshocraithe a
thaispeáint nó is féidir leat Ambilight a chasadh as.
Lean Físeán
Má roghnaíonn tú Lean Físeán, is féidir leat ceann de
na stíleanna a leanann dinimicí an phictiúir ar do
scáileán teilifíse a roghnú.
Chun an Stíl Ambilight a shocrú…
1 - Brúigh an eochair ambilight.
2 - Cumasaigh Ambilight.
3 - Is féidir leat do rogha a dhéanamh ó na stíleanna
Lean Físeán agus Lounge light.
4 - Roghnaigh an stíl atá uait agus brúigh OK.
Is iad na stíleanna Lean Físeán atá ar fáil ná…
• Caighdeánach - Feileann sé do ghnáthfhéachaint
teilifíse
• Nádúrtha - Leanann sé an pictiúr nó an fhuaim
sound chomh dílis agus is féidir
• Spórt - Feiliúnach do chláir spóirt
• Gléineach - Feiliúnach d'fhéachaint i rith an lae
• Cluiche - Feiliúnach do chluichíocht
Is iad na stíleanna Lounge light atá ar fáil ná…
• Hot Lava - Malairtí deirge
• Deep Water - Malairtí goirm
• Fresh Nature - Malairtí uaine
• ISF Warm White - Dath statach
• Cool white - Dath statach
• Dath saincheaptha - Dath statach de do rogha féin.
Chun an dath do sholas statach Ambilight a shocrú,
téigh go dtí Baile > Socruithe > Roghanna Gléis >
Ambilight > Dath saincheaptha agus pioc dath a
thaitníonn leat.
13.2
Dath saincheaptha
Dath saincheaptha
Baile > Socruithe > Roghanna Gléis >
Ambilight > Dath saincheaptha.
Chun an dath atá uait do sholas statach Ambilight a
shocrú. Is féidir leat an dath is ansa leat a roghnú ón
bpailéad datha.
Chun an dath do sholas statach Ambilight a shocrú…
1 - Brúigh an eochair ambilight.
2 - Cumasaigh Ambilight.
3 - Athraigh an stíl Ambilight go Dath saincheaptha.
4 - Téigh go Baile > Socruithe > Roghanna Gléis >
Ambilight > Dath saincheaptha chun dath a roghnú.
5 - Roghnaigh an dath atá uait agus brúigh OK.
13.3
Gile agus Sáithiú
Coigeartaigh gile Ambilight
Baile > Socruithe > Roghanna Gléis >
Ambilight > Gile.
Nuair atá Ambilight cumasaithe, brúigh na saigheada
deas nó clé chun an leibhéal gile Ambilight a shocrú.
Coigeartaigh an sáithiú Ambilight
Baile > Socruithe > Roghanna Gléis >
Ambilight > Sáithiú.
Nuair atá Ambilight cumasaithe, brúigh na saigheada
deas nó clé chun an leibhéal sáithithe Ambilight a
shocrú.
13.4
Dath an Bhalla Taobh Thiar
den Teilifís
Socraigh dath an bhalla taobh thiar den teilifís
Baile > Socruithe > Roghanna Gléis >
Ambilight > Dath an bhalla taobh thiar den Teilifís.
Is féidir leat dath do bhalla a roghnú chun cúiteamh a
dhéanamh do dhathanna Ambilight ionas go
gceartófaí arís na dathanna Ambilight mar a bhraitear
iad.
13.5
Casadh As Teilifís
Socraigh dath an bhalla taobh thiar den teilifís
Baile > Socruithe > Roghanna Gléis >
Ambilight > Cas as Teilifís.
Roghnaigh Céimniú amach nó Láithreach chun ligint
don Ambilight céimniú amach go mall nó cas as
láithreach é nuair atáthar ag casadh an teilifís as.
41