User Guide

Table Of Contents
20
Cúnamh agus
Tacaíocht
20.1
Cláraigh do theilifís
Cláraigh do theilifís agus bain leas as raon tairbhí lena
n-áirítear tacaíocht iomlán (íoslódálacha san
áireamh), rochtain phribhléideach a fháil ar fhaisnéis
maidir le táirgí nua, tairiscintí agus lascainí eisiacha
agus an deis duaiseanna a bhuachan agus fiú páirt a
ghlacadh i suirbhéanna speisialta faoi eisiúintí nua.
Tabhair cuairt ar www.philips.com/TVsupport
20.2
Cabhair a Úsáid
Baile > Socruithe > Cabhair.
Is féidr leat an fheidhm Cabhair a úsáid chun do
theilifís a dhiagnóisiú agus chun tuilleadh eolais a
fháil.
Eolas faoin teilifís - Féach ar ainm an Mhúnla, an
tSraithuimhir agus leagan Bogearraí do theilifíse.
Féach ar stair na gcomharthaí laga- Taispeáin liosta
na n-uimhreacha cainéil a sabháladh go
huathoibríoch nuair a bhí neart an chomhartha lag.
Nuashonraigh córais - Seiceáil na nuashonruithe
bogearraí atá ar fáil.
Treoir Úsáideora - Léigh an treoir úsáideora chun
eolas faoin teilifís a fháil.
Athshocrú Monarchan - Athraigh gach socrú ar ais
go dtí na socruithe monarchan.
20.3
Fadhbanna
Cas Air agus Cianrialtán
Ní chasann an teilifís air
• Bain an cábla cumhachta amach as an asraon
cumhachta. Fan ar feadh nóiméid agus ansin cuir
isteach arís é.
• Cinntigh go bhfuil an cábla cumhachta nasctha go
daingean.
Tá fuaim dhíoscánach ann nuair a chastar air nó as
é
Nuair a bhíonn tú ag casadh na teilifís air, as nó ar
Fhuireachas, cloiseann tú fuaim dhíoscánach ó
fhonnadh na teilifíse. Is mar gheall ar ghnáthleathadh
agus cungú na teilifíse an fhuaim dhíoscánach sin,
agus an teilifís ag fuarú agus ag téamh. Ní chuireann
sé isteach ar fheidhmíocht.
Ní fhreagraíonn an teilifís don chianrialtán
Teastaíonn roinnt ama ón teilifís tosú. I rith an ama
sin, ní fhreagraíonn an teilifís don chianrialtán ná do
rialcuithe na teilifíse. Iompar normálta é sin.
Má leanann an teilifís gan freagairt don chianrialtán, is
féidir leat seiceáil an bhfuil an cianrialtán ag obair trí
úsáid a bhaint as ceamara ar fhón soghluaiste.. Cuir
an fón i mód ceamar agus pointeáil an cianrialtán i
dtreo lionsa an cheamara. Má bhrúnn tú aon eochair
ar an gcianrialtán agus má thugann tú faoi deara
caochaíl infridhearg an LED tríd an gceamara, tá an
cianrialtán ag obair. Ní mór an teilifís a sheiceáil.
Mura dtugann tú an chaochaíl faoi deara, d’fhéadfadh
an cianrialtán a bheith briste nó a chuid ceallraí a
bheith ídithe.
Níl an modh seo chun an cianrialtán a sheiceáil
indéanta le cianrialtáin atá péireáilte leis an teilifís gan
sreang.
Téann an teilifís ar ais go Fuireachas tar éis scáileán
tosaithe Philips a thaispeáint
Nuair atá an teilifís i bhFuireachas, taispeántar
scáileán tosaithe Philips, ansin filleann an teilifís ar
mhód Fuireachais. Is gnáthiompar é sin. Nuair a
dhínasctar an teilifís agus nuair a nasctar arís í leis an
soláthar cumhachta, taispeántar an scáileán tosaithe
an chéad uair eile a thosaítear í. Chun an teilifís a
chasadh air ó fhuireachas, brúigh an eochair
cumhachta ar an gcianrialtán nó ar an teilifís.
Coinníonn an solas Fuireachais leis ag caochaíl
Bain an cábla cumhachta amach as an asraon
cumhachta. Fan 5 nóiméad sula nascann tú an cábla
cumhachta arís. Má tharlaíonn an chaochaíl arís, déan
teagmháil le Philips TV Consumer Care.
Cainéil
Níor aimsíodh aon chainéal digiteach i rith na
suiteála
Féach ar na sonraíochtaí teicniúla chun a chinntiú go
dtacaíonn do theilifís le cainéil dhigiteacha i do thír.
Cinntigh go bhfuil na cáblaí nasctha i gceart agus go
bhfuil an líonra ceart roghnaithe.
Níl na cainéil a suiteáladh roimhe seo sa liosta
cainéal
Cinntigh go bhfuil an liosta cainéal ceart roghnaithe.
51