User Guide

Table Of Contents
2
Suiteáil
2.1
Léigh Sábháilteacht
Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula n-
úsáideann tú an teilifís.
Téigh chuig an rannán Sábháilteacht agus Cúram sa
treoirleabhar Cabhrach seo chun na treoracha
sábháilteachta a fháil.
2.2
Seastán Teilifíse agus
Gléasadh Balla
Seastán teilifíse
Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a
ghléasadh a fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig
leis an teilifís. Is féidir leat an treoir seo a íoslódáil ó
www.philips.com/TVsupport sa chás gur chaill tú í.
Úsáid uimhir múnla na teilifíse chun cuardach a
dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.
Gléasadh Balla
Tá do theilifís ullmhaithe freisin do bhrac atá
comhlíontach le VESA chun í a ghléasadh ar an
mballa (díoltar leis féin é).
Úsáid an cód VESA seo a leanas nuair atá an
gléasadh balla á cheannach agat. . .
• 43PUS8007
VESA MIS-F 100x200, M6 (Íosmhéid 10 mm,
Uasmhéid 12 mm)
• 50PUS8007
VESA MIS-F 200x300, M6 (Íosmhéid 10 mm,
Uasmhéid 16 mm)
• 55PUS8007
VESA MIS-F 200x300, M6 (Íosmhéid 10 mm,
Uasmhéid 16 mm)
• 65PUS8007
VESA MIS-F 300x300, M6 (Íosmhéid 12 mm,
Uasmhéid 20 mm)
• 70PUS8007
VESA MIS-F 300x300, M8 (Íosmhéid 12 mm,
Uasmhéid 25 mm)
• 75PUS8007
VESA MIS-F 300x300, M8 (Íosmhéid 12 mm,
Uasmhéid 25 mm)
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a
ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach
pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go
gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin
sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís.
Léigh na réamhchúraim shábháilteachta ar dtús
freisin sula lonnóidh tú an teilifís.
Ní bheidh TP Vision Europe B.V. freagrach as aon
ghléasadh míchuí ná gléasadh ar bith a éiríoinn
timpiste nó gortú as.
2.3
Leideanna maidir le Láithriú
• Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go
díreach ar an scáileán.
• Ísligh an solas sa seomra chun na dálaí is fearr a fháil
don éifeacht Ambilight.
• Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an
teilifís uaidh ná idir 2 agus 5 oiread méid fhiarthrasna
an scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go
mbeadh do shúile ar an leibhéal céanna le lár an
scáileáin.
• Nuair a ghléastar ar an mballa í, socraigh an teilifís
suas le 15 cm amach ón mballa.
Tabhair faoi deara:
Coinnigh an teilifís amach ó fhoinsí as a dtagann
dusta, cosúil le soirn. Moltar duit an dusta a ghlanadh
go rialta ionas nach ngabhfaidh sé isteach sa teilifís.
6