User Guide
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Scáileán Baile
- 2 Suiteáil
- 3 Cianrialtán
- 4 Ag Casadh Air agus As
- 5 Suiteáil Cainéal
- 6 Cainéil
- 7 Eolaire Teilifíse
- 8 Nasc Gléasanna
- 8.1 Maidir le Naisc
- 8.2 Córas Amharclainne Baile - HTS
- 8.3 Fuaim Amach Dhigiteach - Optúil
- 8.4 CAM le Cárta Cliste - CI+
- 8.5 Fóin Chliste agus Táibléid
- 8.6 Seinnteoir Diosca Blu-ray
- 8.7 Cluasáin
- 8.8 Consól Cluiche
- 8.9 Méarchlár, nasc
- 8.10 Gléas Stórála USB
- 8.11 Ceamara grianghraif
- 8.12 Camthaifeadán
- 8.13 Ríomhaire
- 9 Nasc do Theilifís
- 10 Idirlíon
- 11 Naisc, Liosta
- 12 Mear-roghchlár agus Socruithe Minice
- 13 Taispeáin agus Fuaim
- 14 Feidhmchláir
- 15 Córas
- 16 Cianda agus Gabhálais
- 17 Meáin
- 18 Fóin Chliste agus Táibléid
- 19 Cluichí
- 20 Netflix
- 21 Alexa
- 22 Sonraíochtaí
- 23 Cúnamh agus Tacaíocht
- 24 Sábháilteacht agus Cúram
- 25 Téarmaí Úsáide
- 26 Cóipchearta
- 27 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
minicíochta a sheiceáil. Taispeánfar toradh na tástála
ar an scáileán. Is féidir leat suíomh na haeróige a
athrú nó na naisc a sheiceáil chun an ghlacacht a
fheabhsú.
6 - Is féidir leat freisin an mhinicíocht a athrú tú
féin. Roghnaigh an uimhir mhinicíochta a haon ar
cheann agus bain úsáid as na
heochrachaSaigheada / nascleanúna chun an luach
a athrú. Roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK chun
an ghlacacht a thástáil arís.
7 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Suiteáil de Láimh
Is féidir cainéil teilifíse analógacha a shuiteáil de
láimh, cainéal i ndiaidh cainéil.
Chun cainéil analógacha a shuiteáil de láimh.
1 - Roghnaigh Socruithe > Cainéil & Ionchuir >
Cainéil > Suiteáil Aeróige/Cábla nó Suiteáil Aeróige
agus brúigh OK. Cuir isteach do chód PIN más gá.
2 - Roghnaigh Analógach: Suiteáil de láimh agus
brúigh OK.
• Córas
Chun córas na teilifíse a shuiteáil, roghnaigh Córas.
Roghnaigh do thír nó an chuid sin den domhan a
bhfuil tú anois ann agus brúigh OK.
• Cuardaigh Cainéal
Chun cainéal a aimsiú, roghnaigh Cuardaigh
Cainéal agus brúigh OK. Is féidir leat minicíocht a
chur isteach chun cainéal a aimsiú. Brúigh (deas)
chun Cuardaigh a roghnú agus brúigh OK chun
cuardach a dhéanamh do chainéal go
huathoibríoch. Taispeánfar an cainéal a aimseofar ar
an scáileán agus má tá an ghlacacht go dona,
brúigh Cuardaigh arís. Má tá uait an cainéal a stóráil,
roghnaigh Déanta agus brúigh OK.
• Stóráil
Is féidir leat an cainéal a stóráil ar an uimhir cainéil
reatha nó uimhir cainéil nua.
Roghnaigh Stóráil Cainéal Reatha nó Stóráil ma
Chainéal Nua agus brúigh OK. Taispeánfar an uimhir
nua cainéal.
Is féidir leat na céimeanna seo a dhéanamh arís agus
arís eile go dtí go bhfuil gach cainéal teilifíse
analógach aimsithe agat.
5.3
Cóipeáil Liosta Cainéal
Réamheolas
Is do dhíoltóirí agus do shainúsáideoirí amháin atá
Cóipeáil Liosta Cainéal beartaithe.
Is féidir leat na cainéil atá suiteáilte ar theilifís amháin
a chóipeáil go dtí teilifís Philips eile den déanamh
céanna le Cóipeáil Liosta Cainéal. Seachnaíonn tú
cuardach cainéal fada trí liosta cainéal atá
réamhshainithe a uaslódáil le Cóipeáil Liosta Cainéal.
Úsáid méaróg chuimhne USB a bhfuil ar a laghad 1 GB
de spás saor uirthi.
Coinníollacha
• Is ón raon bliana céanna an dá teilifís.
• Tá an cineál crua-earraí céanna ag an dá teilifís.
Féach ar an gcineál crua-earraí ar chlár chineál na
teilifíse ar chúl na teilifíse.
• Tá leaganacha bogearraí ag an dá theilifís atá
comhoiriúnach.
• I gcás na hÍsiltíre nó aon cheann de na hoibritheoirí
cábla seo (an Eilvéis:Sunrise/ An Ostair:Magenta /An
Pholainn:UPC/ An Rómáin:Vodafone /An Ungáir:
Vodafone /Éire: Virgin Media), tá an chóip liosta
cainéal teoranta do chóip liosta cainéal satailíte. Ní
dhéanfar an liosta cainéal trastíre agus cábla a
chóipeáil ná a scriosadh.
Leagan reatha cainéil
Chun leagan reatha an liosta cainéal a sheiceáil:
1 - Roghnaigh Socruithe > Cainéil & Ionchuir>
Cainéil, roghnaigh Cóipeáil Liosta Cainéal,
roghnaigh Leagan Reatha agus brúigh OK.
2 - Brúigh OK chun dúnadh.
Leagan bogearraí reatha
Is féidir leat dul go Socruithe > Córas > Maidir le
> Leagan Bogearraí chun féachaint ar uimhir leagain
na mbogearraí teilifíse reatha.
Liosta Cainéal a chóipeáil
Chun liosta cainéal a chóipeáil.
1 - Cas air an teilifís. Ba cheart go mbeadh cainéil
suiteáilte ag an teilifís seo.
2 - Plugáil isteach méaróg chuimhne USB.
3 - Roghnaigh Socruithe > Cainéil &
Socruithe > Cainéil > Cóipeáil Liosta Cainéal agus
brúighOK.
4 - Roghnaigh Cóipeáil chuig USB agus brúigh OK.
D'fhéadfaí iarraidh ort an cód PIN Glais Leanaí a chur
isteach chun an liosta cainéal a chóipeáil.
5 - Nuair atá an chóipeáil déanta, bain amach pluga
an mhéaróg chuimhne USB.
6 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
18