User Guide
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Scáileán Baile
- 2 Suiteáil
- 3 Cianrialtán
- 4 Ag Casadh Air agus As
- 5 Suiteáil Cainéal
- 6 Cainéil
- 7 Eolaire Teilifíse
- 8 Nasc Gléasanna
- 8.1 Maidir le Naisc
- 8.2 Córas Amharclainne Baile - HTS
- 8.3 Fuaim Amach Dhigiteach - Optúil
- 8.4 CAM le Cárta Cliste - CI+
- 8.5 Fóin Chliste agus Táibléid
- 8.6 Seinnteoir Diosca Blu-ray
- 8.7 Cluasáin
- 8.8 Consól Cluiche
- 8.9 Méarchlár, nasc
- 8.10 Gléas Stórála USB
- 8.11 Ceamara grianghraif
- 8.12 Camthaifeadán
- 8.13 Ríomhaire
- 9 Nasc do Theilifís
- 10 Idirlíon
- 11 Naisc, Liosta
- 12 Mear-roghchlár agus Socruithe Minice
- 13 Taispeáin agus Fuaim
- 14 Feidhmchláir
- 15 Córas
- 16 Cianda agus Gabhálais
- 17 Meáin
- 18 Fóin Chliste agus Táibléid
- 19 Cluichí
- 20 Netflix
- 21 Alexa
- 22 Sonraíochtaí
- 23 Cúnamh agus Tacaíocht
- 24 Sábháilteacht agus Cúram
- 25 Téarmaí Úsáide
- 26 Cóipchearta
- 27 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
Ord Cainéal a athrú
Ní féidir leat ord cainéal athrú (athordaigh) ach
amháin i Liosta Ceanán.
Chun an seicheamh cainéal a athrú:
1 - Oscail an Liosta Ceanán a bhfuil uait ord nua a
chur air.
2 - Brúigh OPTIONS , roghnaigh Cuir Ord Nua ar
Chainéil agus brúighOK.
3 - Sa Liosta Ceanán, roghnaigh an cainéal a bhfuil
uait é a chur in ord nua agus brúigh OK.
4 - Bog an cainéal go dtí an áit atá uait leis na
méaracha (suas) nó (síos).
5 - Brúigh OK chun an suíomh nua a dhearbhú.
6 - Is féidir leat ord nua a chur ar chainéil ar an gcaoi
chéanna go dtí go ndúnann tú an Liosta Ceanán leis
an eochair Ar ais.
6.6
Téacs / Teilithéacs
Leathanaigh Téacs
Má tá eochair TEXT ag do chianrialtán, is féidir
leat TEXT a bhrú chun Téacs/Teilitéacs a oscailt agus
tú ag breathnú ar chainéil teilifíse Chun Téacs a
dhúnadh, brúigh TEXT arís.
Mura bhfuil eochair TEXT ar do chianrialtán,
brúigh OPTIONS agus tú ag breathnú ar chainéil
teilifíse, roghnaigh Teilitéacs chun Téacs/Teilitéacs a
oscailt.
Roghnaigh leathanach téacs
Chun leathanach a roghnú..:
1 - Cuir isteach uimhir an leathanaigh leis na
heochracha uimhreacha.
2 - Úsáid na heochracha saighde chun nascleanúint.
3 - Brúigh eochair datha chun ábhar atá
dathchódaithe a roghnú ag bun an scáileáin.
Foleathanaigh téacs
Tá roinnt foleathanach in ann a bheith ag leathanach
téacs. Taispeántar uimhreacha na bhfoleathanach ar
bharra in aice le huimhir an phríomhleathanaigh.
Chun foleathanach a roghnú, brúigh nó .
T.O.P. Leathanaigh téacs
Tairgeann roinnt craoltóirí Téacs T.O.P. Téacs.
Chun T.O.P. a oscailt. Leathanaigh Téacs laistigh de
Théacs, brúigh OPTIONS agus roghnaigh T.O.P.
Forbhreathnú.
Téacs ó ghléas nasctha
Tá roinnt gléasanna atá in ann glacadh le cainéil
teilifíse in ann Téacs a thairsicint chomh maith.
Chun Téacs a oscailt ó ghléas nasctha.
1 - Brúigh SOURCES, roghnaigh an gléas agus
brúigh OK.
2 - Agus tú ag féachaint ar chainéal ar an ngléas,
brúigh OPTIONS , roghnaigh Taispeáin eochracha
an Ghléis agus roghnaigh an eochair agus
brúighOK.
3 - Brúigh Ar ais chun na heochracha gléis a chur
i bhfolach.
4 - Chun Téacs a dhúnadh, brúigh Ar ais arís.
* Ní féidir teilithéacs a fháil ach amháin nuair atá na
cainéil suiteáilte go díreach ar thiúnóir inmheánach na
teililfíse agus nuair atá Mód teilifíse air. Má tá bosca
bairr á úsáid, ní bheidh fáil ar an teilithéacs tríd an
teilifís. Sa chás sin, is féidir teilithéacs an bhosca
bhairr a úsáid ina áit.
Roghanna Téacs
Brúigh OPTIONS in Téacs/Teilitéacs chun na rudaí
seo a leanas a roghnú:
• Reoigh leathanach / Díreoigh leathanach
Chun rothlú uathoibríoch foleathanach a thosú nó a
stopadh.
• Déscáileán / Scáileán iomlán
Chun an cainéal teilifíse agus Téacs a thaispeáint in
aice a chéile.
• Forbhreathnú ar T.O.P. overview
Chun T.O.P. a oscailt. Téacs.
• Méadaigh / Gnáth-amharc
Chun an leathanach Téacs a mhéadú le go mbeidh sé
éasca é a léamh.
• Nochtaigh
Chun eolas atá i bhfolach ar an leathanach a
thaispeáint.
• Teanga
Chun an grúpa carachtar a mbaineann Téacs úsáid
astu chun taispeáint i gceart a athrú.
Téacs a Shuiteáil
Teanga théacs
Tá roinnt teangacha Téacs ar fáil ag roinnt craoltóirí
teilifíse digití.
Chun do theanga Téacs phríomhúil agus tánaisteach
a shocrú:
1 - Socruithe > Cainéil & Ionchuir > Cainéil.
2 - Roghnaigh Téacs Príomhúil nó Téacs
Tánaisteach agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh na teangacha Téacs is fearr leat.
4 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
26