User Guide
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Scáileán Baile
- 2 Suiteáil
- 3 Cianrialtán
- 4 Ag Casadh Air agus As
- 5 Suiteáil Cainéal
- 6 Cainéil
- 7 Eolaire Teilifíse
- 8 Nasc Gléasanna
- 8.1 Maidir le Naisc
- 8.2 Córas Amharclainne Baile - HTS
- 8.3 Fuaim Amach Dhigiteach - Optúil
- 8.4 CAM le Cárta Cliste - CI+
- 8.5 Fóin Chliste agus Táibléid
- 8.6 Seinnteoir Diosca Blu-ray
- 8.7 Cluasáin
- 8.8 Consól Cluiche
- 8.9 Méarchlár, nasc
- 8.10 Gléas Stórála USB
- 8.11 Ceamara grianghraif
- 8.12 Camthaifeadán
- 8.13 Ríomhaire
- 9 Nasc do Theilifís
- 10 Idirlíon
- 11 Naisc, Liosta
- 12 Mear-roghchlár agus Socruithe Minice
- 13 Taispeáin agus Fuaim
- 14 Feidhmchláir
- 15 Córas
- 16 Cianda agus Gabhálais
- 17 Meáin
- 18 Fóin Chliste agus Táibléid
- 19 Cluichí
- 20 Netflix
- 21 Alexa
- 22 Sonraíochtaí
- 23 Cúnamh agus Tacaíocht
- 24 Sábháilteacht agus Cúram
- 25 Téarmaí Úsáide
- 26 Cóipchearta
- 27 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
7
Eolaire Teilifíse
7.1
Sonraí Eolaire Teilifíse
Is féidir leat liosta de na cláir reatha agus iad siúd atá
sceidealta ar do chainéil a fheiceáil leis an Eolaire
Teilifíse. Taispeánfar cainéil analógacha agus
dhigiteacha nó cainéil dhigiteacha amháin, ag brath ar
cé as atá eolas (sonraí) an eolaire teilifíse ag teacht. Ní
bhíonn eolas Eolaire Teilifíse ag gach cainéal. Is féidir
leis an teilifís eolas eilifíse a bhailiú do na cainéil atá
suiteáilte ar an teilifís. Ní féidir leis an teilifís eolas
Eolaire Teilifíse a bhailiú do chainéil a bhféachtar
orthu ó ghlacadóir digiteach nó díchódóir.
7.2
An Eolaire Teilifíse a Úsáid
Oscail an Eolaire Teilifíse
Chun an t-eolaire teilifíse a oscailt, brúigh TV
GUIDE. Taispeánfaidh an tEolaire Teilifís cainéil an
tiúnóra atá roghnaithe.
Brúigh TV GUIDE arís chun dúnadh.
Déanann an teilifís scanadh ar gach cainéal teilifíse le
haghaidh eolas cláir an chéad uair a osclaíonn tú an
tEolaire Teilifíse. D'fhéadfadh sé seo roinnt nóiméad a
thógáil. Stóráltar sonraí an Eolaire Teilifíse ar an
teilifís.
Tiúin do Chlár
Is féidir leat tiúnáil go clár reatha ón Eolaire Teilifíse.
Chun athrú go dtí an clár (cainéal), roghnaigh an clár
agus brúigh OK.
Féach ar shonraí cláir
Chun sonraí an chláir atá roghnaithe a thaispeáint:
1 - Brúigh OPTIONS, roghnaigh Faisnéis
Cláir agus brúigh OK.
2 - Brúigh Ar ais chun dúnadh.
Athraigh an Lá
Tá an tEolaire Teilfíse in ann na cláir atá sceidealaithe
do na laethanta atá romhainn a thaispeáint
(uasmhéid de 8 lá).
Brúigh an eochair datha Lá agus roghnaigh an lá
atá uait.
Cuardaigh de réir Seánra
Má tá an t-eolas ar fáil, is féidir leat cláir sceidealaithe
a aimsiú de réir seánra cosúil le scannáin, spóirt, srl.
Chun cuardach a dhéanamh do chláir de réir seánra:
1 - Brúigh TV GUIDE.
2 - Brúigh OPTIONS.
3 - Roghnaigh Déan Cuardach de réir Seánra agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh an seánra atá uait agus brúigh OK.
Taispeánfar liosta leis na cláir a aimsíodh.
5 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
*Tabhair faoi deara: Níl an fheidhm Cuardaigh de réir
Seánra ar fáil ach do thíortha áirithe.
28