User Guide
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Scáileán Baile
- 2 Suiteáil
- 3 Cianrialtán
- 4 Ag Casadh Air agus As
- 5 Suiteáil Cainéal
- 6 Cainéil
- 7 Eolaire Teilifíse
- 8 Nasc Gléasanna
- 8.1 Maidir le Naisc
- 8.2 Córas Amharclainne Baile - HTS
- 8.3 Fuaim Amach Dhigiteach - Optúil
- 8.4 CAM le Cárta Cliste - CI+
- 8.5 Fóin Chliste agus Táibléid
- 8.6 Seinnteoir Diosca Blu-ray
- 8.7 Cluasáin
- 8.8 Consól Cluiche
- 8.9 Méarchlár, nasc
- 8.10 Gléas Stórála USB
- 8.11 Ceamara grianghraif
- 8.12 Camthaifeadán
- 8.13 Ríomhaire
- 9 Nasc do Theilifís
- 10 Idirlíon
- 11 Naisc, Liosta
- 12 Mear-roghchlár agus Socruithe Minice
- 13 Taispeáin agus Fuaim
- 14 Feidhmchláir
- 15 Córas
- 16 Cianda agus Gabhálais
- 17 Meáin
- 18 Fóin Chliste agus Táibléid
- 19 Cluichí
- 20 Netflix
- 21 Alexa
- 22 Sonraíochtaí
- 23 Cúnamh agus Tacaíocht
- 24 Sábháilteacht agus Cúram
- 25 Téarmaí Úsáide
- 26 Cóipchearta
- 27 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
ceangailte leis an teilifís ar an eolas é.
• Roghnaigh Optamach (Uathchluiche xxxHz Pro)
chun a chur ar chumas cluichíocht HDR10+ agus
cluichíocht 120 Hz ráta fráma ard (lena n-áirítear
48-120 Hz ráta athnuachana athraitheach) le
réiteach ionchur uasta suas go dtí 3840 x 2160p
(HDMI 1 agus HDMI 2 amháin) agus 1920 x 1080p.
Nuair atá ráta fráma ionchur físeán níos mó ná 60 Hz
(ráta fráma ard 120 Hz VRR físeán san áireamh),
socróidh an teilifís Ultra motion clarity go
huathoibríoch. Sa mhód seo, tacaíonn an teilifís le
ráta athnuachana ard le réiteach éifeachtach
taispeána ingearaí teoranta do 1080p. Moltar é a
úsáid le ríomhaire nó consól cluichíochta nua.
*Le tacaíocht do Ráta Athraitheach HDMI agus
FreeSync Préimhe, athraíonn an teilifís a ráta
athnuachana i bhfíor-am de réir an chomhartha ráta
fráma anuas ar na ngnéithe go léir a dtacaítear leo i
Optamach (Uathchluiche) chun sioncrónú le gach
pictiúr. Cuirtear i bhfeidhm é chun an mhoill, creathán
agus sracadh fráma a laghdú chun go mbeidh an t-
eispéireas cluichíochta níos fearr.
Tabhair faoi deara:
Má tá uait féachaint ar inneachar HDR10+ nó Dolby
Vision ó fhoinse HDMI, seans go mbeidh ort
cumhacht do sheinnteora a chasadh as agus a
chasadh air arís agus é nasctha leis an teilifís atá ag
seinnt a leithéid d’inneachar den chéad uair. Ní
thacaítear le hinneachar HDR10+ ach amháin nuair
atá HDMI Ultra HD socraithe do Optamach nó
Optamach (Uath-Chluiche 120Hz Pro). Ní thacaítear
le hinneachar Dolby Vision ach amháin nuair atá
HDMI Ultra HD socraithe do Optamach, Optamach
(Uathchluiche), nó Optamach (Uathchluiche) 120Hz
Pro).
8.2
Córas Amharclainne Baile -
HTS
Nasc le HDMI ARC/eARC
Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile
(HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips
Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir
diosca ionsuite aige.
HDMI ARC
Níl ach HDMI 2 ar an teilifís in ann an comhartha
Cainéal Fillte Fuaime (ARC) a thairiscint. A luaithe is
atá an Córas Amharclainne Baile nasctha agat, ní
féidir leis an teilifís ach an comhartha ARC a sheoladh
chuig an nasc HDMI seo amháin. Ní gá an cábla
fuaime breise a nascadh nuair atá HDMI ARC ann. Tá
an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.
HDMI eARC
Tá dul chun cinn déanta le HDMI eARC (Cainéal Fillte
Fuaime Breisithe) i gcomparáid leis an ARC a bhí ann
roimhe. Tacaíonn sé leis an bhformáid fuaime ráta
giotán ard suas le 192kHz, 24-bit, agus 5.1 agus 7.1
neamh-chomhbhrúite, agus fuaim neamh-
chomhbhrúite 32-cainéal. Níl HDMI eARC ar fáil ach
ar HDMI 2.
Sioncronú fuaime go físe (sionc)
Mura meaitseálann an fhuaim an fhís ar an scáileán, is
féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais
Amharclainne Baile a bhfuil seinnteoir diosca acu
chun an fhuaim a mheaitseáil leis an fhís.
Fadhbanna le fuaim HTS
Fuaim le torann ard
Má fhéachann tú ar fhíseán ó mhéaróg chuimhne
USB atá plugáilte isteach nó ríomhaire nasctha,
d'fhéadfadh an torann ó do Chóras Amharclainne
Baile a bheith díchumtha. Cloistear an torann sin nuair
atá fuaim DTS ag an gcomhad fuaime nó físeáin ach
gan próiseáil fuaime DTS a bheith ag an gCóras
Amharclainne Baile. Is féidir leat caoi a chur air sin trí
Formáid Dhigiteach Amach na teilifíse a athrú go
Steiréó.
Rohnaigh Socruithe > Taispeáin &
Fuaim > Fuaim amach > Formáid dhigiteach
amach.
Níl aon fhuaim ann
Mura bhfuil tú in ann an fhuaim a chloisteáil ón teilifís
ar do Chóras Amharclainne Baile, seiceáil ar nasc tú
an cábla HDMI le nasc HDMI ARC/eARC ar an gCóras
Amharclainne Baile. Níl HDMI ARC/eARC ar fáil ach ar
HDMI 2.
8.3
Fuaim Amach Dhigiteach -
Optúil
Nasc fuaime ar ardchaighdeán é Fuaim Amach -
Optúil.
Tá an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a
iompar. Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ar do ghléas,
ar ghnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, is
féidir leat an nasc seo a úsáid leis an nasc Fuaime
Isteach - Optúil ar an HTS. Seolann an nasc Fuaime
Amach - Optúil an fhuaim ón teilifís go dtí an HTS.
31