User Guide
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Scáileán Baile
- 2 Suiteáil
- 3 Cianrialtán
- 4 Ag Casadh Air agus As
- 5 Suiteáil Cainéal
- 6 Cainéil
- 7 Eolaire Teilifíse
- 8 Nasc Gléasanna
- 8.1 Maidir le Naisc
- 8.2 Córas Amharclainne Baile - HTS
- 8.3 Fuaim Amach Dhigiteach - Optúil
- 8.4 CAM le Cárta Cliste - CI+
- 8.5 Fóin Chliste agus Táibléid
- 8.6 Seinnteoir Diosca Blu-ray
- 8.7 Cluasáin
- 8.8 Consól Cluiche
- 8.9 Méarchlár, nasc
- 8.10 Gléas Stórála USB
- 8.11 Ceamara grianghraif
- 8.12 Camthaifeadán
- 8.13 Ríomhaire
- 9 Nasc do Theilifís
- 10 Idirlíon
- 11 Naisc, Liosta
- 12 Mear-roghchlár agus Socruithe Minice
- 13 Taispeáin agus Fuaim
- 14 Feidhmchláir
- 15 Córas
- 16 Cianda agus Gabhálais
- 17 Meáin
- 18 Fóin Chliste agus Táibléid
- 19 Cluichí
- 20 Netflix
- 21 Alexa
- 22 Sonraíochtaí
- 23 Cúnamh agus Tacaíocht
- 24 Sábháilteacht agus Cúram
- 25 Téarmaí Úsáide
- 26 Cóipchearta
- 27 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
14
Feidhmchláir
14.1
Maidir le Feidhmchláir
Is féidir leat teacht ar na Feidhmchláir is ansa leat ar
ró na bhFeidhmchlár sa roghchlár Baile.
Díreach cosúil le feidhmchláir ar d'fhón cliste nó do
thaibléad, tairgeann na feidhmchláir ar do theilifís
feidhmeanna sonracha chun d'eispéireas teilifíse a
shaibhriú. Is féidir leat úsáid a bhaint as an
bhfeidhmchlár WEB BROWSER chun brabhsáil ar an
Idirlíon.
Is féidir le feidhmchláir teacht ón Google Play™ Store.
Tá roinnt Feidhmchlár praiticiúil réamhshuiteáilte ar
do theilifís.
Chun feidhmchláir a shuiteáil ó Bhailiúchán Philips TV
nó ón Google Play™ Store, ní mór don teilifís a bheith
nasctha leis an Idirlíon. Ní mór duit síniú isteach le
Cuntas Google chun na feidhmchláir Google Play
agus Google Play™ Storea úsáid. Roghnaigh an
feidhmchlár is mian leat a shuiteáil agus roghnaigh an
eochair Suiteáil chun tús a chur leis an tsuiteáil. Nuair
a bheidh an suiteáil feidhmchláir déanta, is féidir leat
an eochair Oscail a roghnú chun an feidhmchlár a
oscailt, nó an eochair Díshuiteáil leis an
bhfeidhmchlár a dhíshuiteáil.
14.2
Google Play
Scannáin agus teilifís
Le Google Play Movies & TV , is féidir leat Scannáin
nó Cláir Teilifíse a thógáil amach ar cíos nó a
cheannach.
A bhfuil de dhíth ort
• ní mór do do theilifís a bheith nasctha leis an Idirlíon.
• ní mór duit síniú isteach le do Chuntas Google ar an
Teilifís
• cuir cárta creidmehasa le do Chuntas Google chun
scannáin agus clár teilifíse a cheannach
Chun scannán nó clár teilifíse a thógáil amach ar cíos
nó a cheannach:
1 - Brúigh HOME agus roghnaigh an táb
Feidhmchláir.
2 - Roghnaigh an feidhmchlár Google TV agus oscail
é.
3 - Roghnaigh scannán nó clár teilifíse agus brúigh
OK.
4 - Roghnaigh an t-earra atá uait agus brúigh OK.
Treorófar tríd an bpróiseas ceannacháin tú.
Chun féachaint ar scannán nó clár teilifíse atá ar cíos
nó ceannaithe:
1 - Brúigh HOME agus roghnaigh an táb
Feidhmchláir.
2 - Roghnaigh an feidhmchlár Google TV agus oscail
é.
3 - Roghnaigh an scannán nó an clár teilifíse ó do
leabharlann san fheidhmchlár, roghnaigh an teideal
agus brúigh OK.
4 - Is féidir na heochrachaStop, Sos, Cúlchas
nó Mearchas a úsáid ar an gcianrialtán.
5 - Chun an feidhmchlár Movies & TV a
stopadh, brúigh Siar arís agus arís nó brúigh
EXIT.
*Tabhair faoi deara: Mura bhfuil Google TV ar an ró
D'fheidhmchláir, is féidir leat cuardach a dhéanamh
dó sa réimse cuardaigh chun é a Oscailt nó a
Shuiteáil.
Faigh tuilleadh eolais ar
www.support.google.com/androidtv
Ceol
Is féidir leat an ceol is ansa leat a sheinnt ar an teilifís
le YouTube Music.
Is féidir leat ceol nua a cheannach ar do ríomhaire nó
ar do ghléas soghluaiste le Google Play Music. Nó is
féidir leat liostaáil le All Access ar do theilifís, an
suibscríbhinn do Google Play Music. Mar rogha air
sin, is féidir leat an ceol ar leat é cheana féin agus atá
stóráilte ar do ríomhaire a sheinnt.
A bhfuil de dhíth ort
• ní mór do do theilifís a bheith nasctha leis an Idirlíon.
• ní mór duit síniú isteach le do Chuntas Google ar an
Teilifís
• cárta creidmheasa a chur ar do Chuntas Google
chun suibscríbhinn ceoil a thógáil
Chun YouTube Music a thosú:
1 - Brúigh HOME agus roghnaigh an táb
Feidhmchláir.
2 - Roghnaigh an feidhmchlár YouTube Music agus
oscail é.
3 - Roghnaigh an ceol atá uait agus brúigh OK.
4 - Chun an feidhmchlár Ceoil a stopadh,
brúigh Siar arís agus arís eile nó brúigh EXIT.
*Tabhair faoi deara: Mura bhfuil YouTube Music ar an
ró D’fheidhmchláir, is féidir leat cuardach a
dhéanamh dó sa réimse cuardaigh chun é a Oscailt
nó a Shuiteáil
Faigh tuilleadh eolais faoi
www.support.google.com/googletv nó
54