User Guide
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Scáileán Baile
- 2 Suiteáil
- 3 Cianrialtán
- 4 Ag Casadh Air agus As
- 5 Suiteáil Cainéal
- 6 Cainéil
- 7 Eolaire Teilifíse
- 8 Nasc Gléasanna
- 8.1 Maidir le Naisc
- 8.2 Córas Amharclainne Baile - HTS
- 8.3 Fuaim Amach Dhigiteach - Optúil
- 8.4 CAM le Cárta Cliste - CI+
- 8.5 Fóin Chliste agus Táibléid
- 8.6 Seinnteoir Diosca Blu-ray
- 8.7 Cluasáin
- 8.8 Consól Cluiche
- 8.9 Méarchlár, nasc
- 8.10 Gléas Stórála USB
- 8.11 Ceamara grianghraif
- 8.12 Camthaifeadán
- 8.13 Ríomhaire
- 9 Nasc do Theilifís
- 10 Idirlíon
- 11 Naisc, Liosta
- 12 Mear-roghchlár agus Socruithe Minice
- 13 Taispeáin agus Fuaim
- 14 Feidhmchláir
- 15 Córas
- 16 Cianda agus Gabhálais
- 17 Meáin
- 18 Fóin Chliste agus Táibléid
- 19 Cluichí
- 20 Netflix
- 21 Alexa
- 22 Sonraíochtaí
- 23 Cúnamh agus Tacaíocht
- 24 Sábháilteacht agus Cúram
- 25 Téarmaí Úsáide
- 26 Cóipchearta
- 27 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
Líonra
Ní aimsítear an líonra Wi-Fi nó tá sé díchumtha
• Tá oighinn micreathonnacha, fóin DECT nó
gléasanna eile Wi-Fi 802.11b/g/n/ac i do
chomharsanacht in ann cur isteach ar an líonra gan
sreang.
• Bí cinnte go ligeann na ballaí dóiteáin i do líonra
rochtain ar nasc gan sreang na teilifíse.
• Mura n-oibreoidh an líonra gan sreang i gceart i do
theach, bain triail as an líonra sreangaithe a shuiteáil.
Ní oibríonn an tIdirlíon
• Má tá an nasc don ródaire ag obair i gceart, seiceáil
nasc an ródaire don Idirlíon.
Tá an ríomhaire agus an nasc Idirlín mall
• Féach i dtreoirleabhar úsáideora do ródaire gan
sreang chun eolas a fháil maidir le raon laistigh, ráta
aistrithe nó fachtóirí eile a bhaineann le caighdeán an
chomhartha.
• Úsáid nasc Idirlín ardluais (leathanbhanda) do do
ródaire.
DHCP
• Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP
(Prótacal Óstchumraíochta Dinimiciúla) an ródaire a
sheicéail. Ba cheart go mbeadh DHCP casta air.
Caighdeán íseal nuair atáthar ag féachaint ar fhíseán
sruthaithe
• Tá caighdeán íomhá/fuaime an fhíseáin sruthaithe
ag brath ar an mbuninneachar físeáin arna cur ar fáil
ag feidhmchláir físeán sruthaithe.
• Le go mbeidh an t-eispéireas is fearr agat agus tú ag
féachaint ar fhíseáin sruthaithe, tá sé den riachtanas
go mbeadh nasc líonra tapaidh agus cobhsaí agat.
Seo a leanas an luas don nasc líonra a mholtar do na
físeáin sruthaithe sin:
- Íomhá ar ghnáthchaighdeán (SD): 5 Mbps
- Íomhá ar ardchaighdeán (HD): 10 Mbps
- 4K/Ultra HD (UHD): 25 Mbps
Bluetooth®
Gan a bheith in ann péireáil
• Cinngith go bhfuil an gléas i mód péireála. Léigh
treoir úsáideora an ghléis.
• Bíodh an callaire gan sreang chomh gar don teilifís
agus is féidir.
• Má dhéanann tú iarracht roinnt gléasanna a
phéireáil leis an teilifís ag an am céanna, tá an seans
ann nach n-éireoidh leat.
Nasc Bluetooth® caillte
• Lonnaigh an callaire gan sreang laistigh de 5 méadar
ón teilifís i gcónaí.
Sioncronú Fuaime agus Físe Bluetooth®
• Sula gceannóidh tú callaire gan sreang Bluetooth®,
cuir tú féin ar an eolas faoi chaighdeán a shioncronú
Fuaim go Fís, a dtugtar 'beolbheachtú' air go hiondúil.
Ní fheidhmíonn gach gléas Bluetooth® i gceart. Beidh
do mhiondíoltóir in ann comhairle a chur ort.
Teanga Mhícheart Roghchláir
Teanga mhícheart roghchláir
Athraigh an teanga ar ais go dtí do theanga i mód
Google TV.
1 - Brúigh an eochair DASHBOARD ar an
gcianrialtán leis an roghchlár Deais a sheoladh.
2 - Roghnaigh deilbhín agus brúigh OK le
roghchlár Socruithe a oscailt.
3 - Brúigh faoi 6 (síos) agus brúigh OK le dul
isteach sa roghchlár Córas.
4 - Brúigh faoi 3 (síos) agus brúigh OK e dul
isteach sa roghchlár Teanga.
5 - Roghnaigh do theanga agus brúigh OK.
6 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Athraigh an teanga ar ais go dtí do theanga sa Mhód
bunúsach.
1 - Brúigh an eochair DASHBOARD ar an
gcianrialtán leis an roghchlár Deais a lainseáil.
2 - Roghnaigh deilbhín agus brúigh OK le
roghchlár Socruithe a oscailt.
3 - Brúigh faoi 7 (síos) agus brúigh OK le dul
isteach sa roghchlár Córas.
4 - Brúigh faoi 3 (síos) agus brúigh OK e dul
isteach sa roghchlár Teanga.
5 - Roghnaigh do theanga agus brúigh OK.
6 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
23.5
Cabhair Ar Líne
Is féidir leat dul i gcomhairle lenár dtacaíocht ar líne
chun aon fhadhb a bhaineann le teilifís Philips a
réiteach. Is féidir leat do theanga a roghnú agus
uimhir do mhúnla táirge a chur isteach.
Tabhair cuairt ar www.philips.com/TVsupport
Is féidir leat an uimhir teileafóin chun dul i dteagmháil
linn i do thír féin a aimsiú ar an suíomh tacaíochta,
chomh maith le freagraí do cheisteanna coitianta
(CCanna). Is féidir leat dul i mbun comhrá le duine dár
gcomhoibrithe i roinnt tíortha agus do cheist a chur go
díreach nó ceist a sheoladh trí ríomhphost.
Is féidir leat bogearraí nua teilifíse a íoslódáil, nó an
treoir úsáideora chun í a léamh ar do ríomhaire.
79