User manual

Table Of Contents
Líonraí agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Bluetooth > Bain gléas Bluetooth
as agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh an gléas gan sreang sa liosta agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh Dínasc Bain as agus brúigh OK.
5 - Roghnaigh OK agus brúigh OK chun deimhniú.
6 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
7.7
Cluasáin
Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc ar chúl
na teilifíse. Is mion-seac 3.5mm an nasc. Is féidir leat
airde fuaime na gcluasán a athrú leo féin.
Chun an airde fuaime a athrú…
1 - Brúigh Airde Fuaime , roghnaigh deilbhín na
gcluasán trí úsáid a bhaint as na saigheada (clé) nó
(deas).
2 - Brúigh na saigheada (suas) nó (síos)
chun an airde fuaime a athrú.
7.8
Consól Cluiche
HDMI
Nasc an consól cluiche leis an teilifíis le cábla
deimhnithe HDMI Ultra-Ardluais chun an caighdeán is
fearr a fháil.
7.9
Diosca Crua USB
A bhfuil de dhíth ort
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoltaí
teilifíse digití a chur ar sos nó a thaifeadadh (craoltaí
DVB nó a leithéid).
Íos-Spás Diosca
• Chun Cuir ar sos
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua
uait atá comhoiriúnach le USB 2.0 agus a bhfuil ar a
laghad 4GB de spás air.
• Chun Taifeadadh
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh,
teastaíonn diosca a bhfuil ar a laghad 250GB de spás
saor air.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi Diosca Crua
USB a shuiteáil, in Cabhair, brúigh an eochair
datha Eochairfhocail agus déan cuardach do
Diosca Crua USB.
Suiteáil
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a
thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh
agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach
comhad ón Diosca Crua USB.
1 - Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc
USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt
USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
2 - Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3 - Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse
digití, brúigh (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht
é a chur ar sos, tosóidh an formáidiú.
Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág
nasctha go buan é.
33