operation manual
Ainm an Líonra Teilifíse
Má tá níos mó ná teilifís amháin i do líonra baile agat, is féidir leat
ainm uathúil a thabhairt don teilifís.
Chun ainm na teilifíse a athrú…
1 - Brúigh
agus brúigh
(clé)
Suiteáil
.
2 - Cliceáil
Líonra
agus cliceáil
Ainm na Líonra Teilifíse
.
3 - Cuir isteach an t-ainm le Méarchlár an Chianrialtáin.
4 - Cliceáil
Déanta
.
5 - Brúigh
BACK
, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Glan Cuimhne Idirlín
Glanann tú gach comhad Idirlín atá stóráilte ar do theilifís le Glan
cuimhne Idirlín. Glanann tú do chlárú do Philips Smart TV agus
do shocrú rátála tuismitheoirí, do logálacha do d'fheidhmchlár
siopa físeán, gach ceanán feidhmchláir Smart TV,
leabharmharcanna agus stair Idirlín. Ta feidhmchláir MHEG
idirghníomhacha in ann 'fianáin', mar a thugtar orthu, a shábháil
ar do theilifís freisin. Glanfar na comhaid sin freisin.
Chun an chuimhne Idirlín a ghlanadh…
1 - Brúigh
agus brúigh
(clé)
Suiteáil
.
2 - Cliceáil
Líonra
agus cliceáil
Glan Cuimhne Idirlín
.
3 - Cliceáil
Tá
chun dearbhú.
4 - Brúigh
BACK
, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
3.3
Gléasanna Líonra
Tá an teilifís in ann nascadh le gléasanna eile i do líonra gan
sreang, cosúil le do ríomhaire nó d'fhón cliste. Is féidir leat
ríomhaire a úsáid a bhfuil Microsoft Windows nó Apple OS X
air.
3.4
Comhroinnt Comhad
Is féidir leat grianghraif, ceol agus físeáin atá stóráilte ar do
ríomhaire a oscailt ar an teilifís seo. Úsáid leagan úrnua de
bhogearraí freastalaí meán cosúil le Philips MediaManager*,
Windows Media Player 11, Twonky™ nó a leithéid.
Suiteáil na bogearraí freastalaí meán ar do ríomhaire agus
socraigh é chun do chomhaid meán a roinnt leis an teilifís. Léigh
an treoirleabhar don bhogearraí freastalaí meán chun tuilleadh
eolais a fháil. Ní mór do na bogearraí seo a bheith ag rith ar do
ríomhaire chun do chomhaid a fheiceáil nó a sheinnt ar an teilifís.
* Is féidir leat na bogearraí Philips MediaManager a íoslódáil ó
láithreán tacaíochta Philips www.philips.com/support
Chun forbhreathnú a fháil ar bhogearraí freastalaí meán a
dtacaítear leo, brúigh
Eochairfhocail
agus déan cuardach
do
Bogearraí freastalaí meán, tacaithe
.
11