operation manual
7
Roghchlár Baile
7.1
Oscail an Roghchlár Baile
Nasc an teilifís leis an Idirlíon chun an leas is fearr a bhaint as
Android.
Díreach cosúil le d'fhón cliste Android nó do thaibléad, is é an
roghchlár Baile croí do theilifíse. Ón roghchlár Baile, Is féidir leat
aon fheidhmchlár a thosú, athrú go cainéal teilifíse, scannán a
thógáil amach ar cíos nó athrú go gléas nasctha.
Brúigh
HOME
chun an roghchlár Baile a oscailt.
Cliceáil ar na deilbhíní ar an mbarra ag an mbarr chun an táb atá
uait a roghnú.
•
Ar theilifís anois
•
Feidhmchláir
•
Físeán ar Éileamh
•
Teilifís ar Éileamh
•
Cainéil
•
Foinsí
D'fhéadfadh roinnt deilbhíní gan a bheith ar fáil, ag brath ar
shuiteáil do theilifíse agus ar do thír. Féach ar na chéad chaibidlí
eile chun tuilleadh eolais a fháil faoi na tábanna éagsúla ar an
roghchlár Baile.
Chun an roghchlár Baile a dhúnadh gan aon rud a athrú,
brúigh
BACK
.
7.2
Forbhreathnú
1 -
Ar theilifís anois
2 -
Feidhmchláir
3 -
Físeán ar Éileamh
4 -
Teilifís ar Éileamh
5 -
Cainéil
6 -
Foinsí
7 -
Fógraí
8 -
Cuardaigh
9 -
Eochracha dathanna
10 -
Faisnéis
, beidh an deilbhín bán nuair atá Faisnéis ar fáil.
11 -
Roghanna
, beidh an deilbhín bán nuair atá Roghanna ar
fáil.
12 -
, oscail an táb i leathanach iomlán.
7.3
Fógraí
Tá an teilifís in ann glacadh le raon leathan teachtaireachtaí a
dtugtar Fógraí orthu. Tá na Fógraí seo in ann a theacht ó
fheidhmchlár ar bith ar do theilifís nó d'fhéadfadh do chairde nó
ionaid seirbhíse Feidhmchlár iad a sheoladh chugat. Bailítear
Fógraí i liosta agus cuirtear an Fógra is deireanaí ar barr.
Nuair a fhaigheann tú Fógra, taispeánfar deilbhín
go
hacomhair ar bharr do scáileáin ar thaobh na láimhe deise. Is
féidir leat cliceáil ar an deilbhín chun fuinneog na bhFógraí a
oscailt a fhad is atá sé ann.
Chun na Fógraí a oscailt am ar bith ina dhiaidh sin…
1 - Brúigh
HOME
chun an roghchlár Baile a oscailt.
2 - Cliceáil ar dheilbhín na bhFógraí
ar bharr an roghchláir ar
thaobh na láimhe deise.
3 - Cliceáil ar Fhógra chun é a léamh.
Brúigh
(deas), chun an feidhmchlár a oscailt nuair atá Fógra
roghnaithe.
Brúigh
(clé), chun an Fógra atá roghnaithe a ghlanadh.
Brúigh
INFO
, chun an Fógra a fheiceáil ina iomlán.
7.4
Cuardaigh
Má tá an teilifís nasctha leis an Idirlíon, is féidir leat an réimse
cuardaigh a úsáid sa roghchlár Baile.
Is féidir leat téacs a chur isteach chun cuardach cruinn a
dhéanamh d'amhrán, clár teilifíse, físeán YouTube nó aon rud
eile is mian leat ar an Idirlíon. Is féidir leat an Méarchlár ar
Scáileán a úsáid nó Méarchlár an Chianrialtán chun téacs a chur
isteach.
Mar rogha air sin, is féidir leat triail a bhaint as Guth chun díreach
an rud atá á chuardach agat a rá, gan aon ghá a bheith ann an
réimse Cuardach a oscailt ar an roghchlár Baile..
Chun cuardach a dhéanamh…
1 - Brúigh
HOME
chun an roghchlár Baile a oscailt.
2 - Cliceáil
chun an réimse cuardaigh a oscailt.
• Taispeánfar an Méarchlár ar Scáileán go huathoibríoch. Is féidir
leat do théacs a chur isteach anseo leis na heochracha
nascleanúna. Chun an Méarchlár ar Scáileán a chur i bhfolach,
brúigh
BACK
.
• Má thosaíonn tú ag úsáid Méarchlár an Chianrialtáin, imeoidh
an Méarchlár ar Scáileán as amharc.
31