operation manual
9
Feidhmchláir
9.1
Maidir le Feidhmchláir
Osclaíonn tú na leathanaigh Feidhmchláir le
Feidhmchláir
sa
roghchlár Baile.
Taispeánann na leathanaigh Feidhmchlár an bailiúcháin
Feidhmchlár ar do theilifís. Díreach cosúil le Feidhmchláir ar
d'fhón cliste nó do thaibléad, tairgeann na Feidhmchláir ar do
theilifís feidhmeanna sonracha chun d'eispéireas teilifíse a
shaibhriú. Feidhmchláir cosúil le YouTube, Twitter, cluichí teilifíse
nó tuartha aimsire (i measc feidhmchlár eile). Nó oscail
Feidhmchlár Brabhsálaí Idirlín cosúil le Google Chrome chun an
tIdirlíon a scimeáil.
Tá Feidhmchláir in ann teacht ó
Gailearaí na bhFeidhmchlár
Philips
nó siopa
Google Play™
. Tá roinnt Feidhmchlár praiticiúil
réamhshuiteáilte ar do theilifís. Tá roinnt de na Feidhmchláir in
ann Giúirléidí a thairiscint a thaispeántar ar leathanaigh na
bhFeidhmchlár.
Chun Feidhmchláir a shuiteáil ó Gailearaí na bhFeidhmchlár
Philips nó ó shiopa Google Play, ní mór don teilifís a bheith
nasctha leis an Idirlíon.
9.2
Feidhmchlár a shuiteáil
Is féidir leat Feidhmchlár a shuiteáil ó Ghailearaí na
bhFeidhmchlár Philips nó ó shiopa Google Play.
Chun Feidhmchlár a shuiteáil…
1 - Brúigh
HOME
chun an roghchlár Baile a oscailt.
2 - Cliceáil
sa bharra ar barr chun
Feidhmchláir
a oscailt.
3 - Cliceáil ar dheilbhín
Gailearaí na bhFeidhmchlár
nó ar
dheilbhín
Google Play
.
4 - Roghnaigh an Feidhmchlár atá uait agus cliceáil an cnaipe
suiteála in aice leis an bhFeidhmchlár.
Suiteálfaidh an teilifís an Feidhmchlár.
Nuair a bheidh sé suiteáilte, taispeánfar deilbhín an Fheidhmchláir
ar leathanaigh na bhFeidhmchlár. Osclaíonn Feidhmchláir a
suiteáltar ó Ghailearaí na bhFeidhmchlár go huathoibríoch tar éis
a suiteála.
Má tá aon fhadhb agat agus tú ag suiteáil Feidhmchlár, seiceáil na
socruithe sa siopa Google Play ar dtús.
9.3
Tosaigh Feidhmchlár
Is féidir leat Feidhmchlár a thosú ó leathanaigh na bhFeidhmchlár.
Chun Feidhmchlár a thosú…
1 - Brúigh
HOME
chun an roghchlár Baile a oscailt.
2 - Cliceáil
sa bharra ar barr chun
Feidhmchláir
a oscailt.
3 - Cliceáil
ar thaobh na láimhe deise chun an Feidhmchláir a
oscailt i leathanach iomlán. Bog síos chun an chéad leathanch eile
a fháil.
4 - Cliceáil ar dheilbhín an Feidhmchláir chun an Feidhmchlár a
thosú.
Chun Feidhmchlár a stopadh…
Brúigh
HOME
agus roghnaigh gníomhaíocht eile nó brúigh
EXIT
chun féachaint ar theilifís.
9.4
Chrome
Oscail an Brabhsálaí
Is féidir leat an tIdirlíon a oscailt ar an teilifís leis an mbrabhsálaí
Idirlín Chrome.
Chun an tIdirlíon a bhrabhsáil…
1 - Brúigh
HOME
chun an roghchlár Baile a oscailt.
2 - Cliceáil
sa bharra ar barr chun
Feidhmchláir
a oscailt.
3 - Aimsigh deilbhín an Fheidhmchláir
Chrome
agus cliceáil an
deilbhín.
Is féidir leat féachaint ar aon láithreán gréasáin ar do theilifís ach
d'fhéadfadh roinnt acu gan a bheith feiliúnach do scáileán na
teilifíse.
• Tá roinnt breiseán (m.sh. chun féachaint ar leathanaigh nó ar
fhíseáin) nach bhfuil ar fáil ar do theilifís.
• Taispeántar leathanaigh Idirlín mar leathanach amháin ag aon
am amháin agus líonann siad an scáileán.
Chun éirí as brabhsáil an Idirlín…
Brúigh
HOME
agus roghnaigh gníomhaíocht eile nó
brúigh
EXIT
chun féachaint ar theilifís.
Leideanna Brabhsálaí
Is féidir leat an Pointeoir a úsáid chun leathanaigh a svaidhpeáil
nó a scrolláil.
Chun svaidhpeáil…
1 - Cuir an Pointeoir ar imeall clé nó deas leathanaigh.
2 - Cliceáil agus coinnigh síos an eochair
OK
agus svaidhpeáil an
cianrialtán ar dheis nó ar chlé chun an chéad leathanach eile nó
an leathanach roimhe sin a thaispeáint.
34