operation manual
10
Físeáin ar éileamh
10.1
Maidir le Físeán ar Éileamh
Is féidir leat scannáin a thógáil amach ar cíos ó Shiopa Físeán ar
cíos ar líne le
Físeán ar Éileamh
sa roghchlár Baile. Is féidir
leat íoc go sábháilte le do chárta creidmheasa. Anuas air sin, is
féidir leat ligint do Físeán ar Éileamh roinnt moltaí pearsantaithe
scannán a dhéanamh a bheidh bunaithe ar do thír, suiteáil na
teilifíse agus ar na cláir a mbíonn tú ag féachaint orthu go rialta.
Chun na moltaí pearsantaithe sin a fháil, ní mór duit aontú leis an
Toiliú le Moltaí Pearsantaithe
sna
Téarmaí Úsáide
. Má tá na
Téarmaí Úsáide glactha agat cheana féin, cinntigh gur chuir tú tic
sa bhosca Toiliú le Moltaí Pearsantaithe. Is féidir leat sonraí an
toilithe a léamh sula n-aontóidh tú leis.
Níl Físeán ar Éileamh ar fáil ach i dtíortha ar leith. Ní thaispeánfar
an deilbhín
sa bharra ar bharr an roghchláir Baile ach amháin
nuair atá Físeán ar Éileamh ar fáil.
Chun aontú leis na Téarmaí Úsáide agus leis an Toiliú le Moltaí
Pearsantaithe, brúigh an eochair datha
Eochairfhocail
agus
déan cuardach do
Téarmaí Úsáide, Feidhmchláir
.
10.2
Scannán a thógáil amach ar Cíos
Ar an gcéad leathanach d'Fhíseán ar Éileamh, díreach os cionn an
liosta scannán, is féidir leat catagóir a roghnú. Is féidir leat freisin
Siopa Físeán ar leith a roghnú má tá níos mó ná ceann amháin
acu ar fáil, nó Séanra ar leith a roghnú ó roghchlár.
Chun Siopa Físeán nó Séanra a roghnú…
1 - Cliceáil ar
Gach Siopa
nó
Séanra
.
2 - Cliceáil ar an siopa nó an séanra atá uait.
3 - Mura bhfuil uait aon rud a athrú, brúigh
BACK
.
Chun scannán a thógáil amach ar cíos…
1 - Ainligh os cionn an scannáin leis an bPointeoir chun a
theideal a léamh.
2 - Cliceáil ar an deilbhín chun dul go dtí an Siopa Físeán agus
chun achoimre an scannáin a léamh.
3 - Deimhnigh d'ordú.
4 - Déan íocaíocht ar líne.
5 - Tosaigh ag féachaint. Is féidir leat na heochracha
(Seinn)
agus
(Cuir ar sos) a úsáid.
Iarrfaidh formhór na Siopaí Físeán ort cuntas a chruthú chun
logáil isteach.
10.3
Sruthú
Is féidir leat féachaint ar fhíseáin a seoltar i bhformáid físe
sruthaithe leis an teilifís seo. Is féidir leat féachaint ar an scannán
beagnach go comhuaineach. D'fhéadfadh Diosca Crua USB a
bheith ag teastáil chun roinnt maolán físe a stóráil. Má tá Diosca
Crua USB nasctha, is féidir leat freisin físeáin ar cíos a íoslódáil ó
shiopaí físeán a thairgeann íoslódáil scannán amháin. Téigh i
gcomhairle leis an siopa físeán maidir le téarmaí agus
coinníollacha.
Trácht Idirlín
Má shruthaíonn nó má íoslódálann tú go leor físeán, d'fhéadfá
dul thar do theorainn tráchta Idirlín mhíosúil.
37