operation manual

Na ceallraí a athsholáthar
Chun an ceallra a athsholáthar, rothlaigh an claibín beag ar chlé
chun raca na gceallraí a oscailt. Athsholáthar an ceallra: cineál
CR2032 (3V). Bí cinnte go bhfuil an taobh + den cheallra
infheicthe. Cuir an claibín ar ais agus rothlaigh ar dheis chun é a
dhúnadh.
Rabhadh:
Tá baol pléasctha ann má athsholáthraítear an ceallra ar bhealach
mícheart. Ná hathsholáthar an ceallra ach amháin leis an gcineál
céanna ceallra nó a choibhéis.
Contúirt
• Ná ionghabh an ceallra. Tá baol dó cheimicigh ann.
• Tá ceallra cille atá cosúil le bonn/cnaipe sa táirge seo. Má
shloigtear an ceallra cille seo, tá sé in ann a bheith ina údar do
dhónna diana inmheánacha laistigh de 2 uair agus d'fhéadfaí bás a
fháil.
• Coinnigh ceallraí nua agus úsáidte in áit nach bhfuil leanaí in
ann lámh a leagan orthu.
• Mura ndúnann raca na gceallraí i gceart, éirigh as úsáid an
táirge agus coinnigh amach ó leanaí é.
• Má cheapann tú gur sloigeadh ceallraí nó gur cuireadh laistigh
d'aon chuid den cholainn iad, iarr cóir leighis láithreach.
14.3
Ag féachaint ar 3D
Tosaigh ag Féachaint ar 3D
Nuair a athraíonn an teilifís go 3D nó nuair atá fógra ar taispeáint
go bhfuil 3D ar fáil, cuir ort do spéaclaí 3D.
Mura bhfuil an teilifís in ann an comhartha 3D a bhraith (tá an
clib comhartha 3D ar iarraidh), taispeántar an clár 3D mar íomhá
dhúbáilte ar an scáileán. Ní mór duit 3D a chasadh air de
láimh…
Chun 3D a chasadh air de láimh…
1 - Brúigh
3D
.
2 - Cliceáil ar an socrú cuí chun pictiúr 3D cruinn a fháil. Is féidir
leat
Taobh le Taobh
a roghnú, nó
Taobh le Taobh
Inbhéartaithe
,
Barr/Bun
Barr/ Bun Inbhéartaithe
.
Chun éirí as féachaint ar 3D…
1 - Brúigh
3D
.
2 - Cliceáil
2D
.
Athraítear 3D go 2D nuair a athraíonn tú go cainéal eile nó go
gléas nasctha.
Lascadh Uathoibríoch
Is féidir leat do rogha a shocrú maidir leis an gcaoi 3D a thosú sa
todhchaí an chéad uair a bhraitear comhartha 3D. Is féidir leat an
socrú seo a athrú sa roghchlár Suiteáil ina dhiaidh sin.
• Chun athrú go 3D go huathoibríoch, roghnaigh
Uathoibríoch
.
• Chun fógra a thaispeáint ar dtús, roghnaigh
Fógra amháin
.
• Chun nach n-athrófar go 3D go deo, roghnaigh
Go Deo
.
Chun an socrú seo a athrú…
1 - Brúigh
agus brúigh
(clé)
Suiteáil
.
2 - Cliceáil
3D
>
Athraigh go 3D
agus cliceáil
Uathoibríoch
,
Fógra amháin
Go Deo
.
3 - Brúigh
BACK
, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Cruthaigh 3D ó 2D
Is féidir leat féachaint ar 3D i gcónaí le Tiontú 2D go 3D.
Cruthaíonn an teilifís 3D go saorga ó chomhartha 2D.
Chun féachaint ar 3D ó chomhartha 2D…
1 - Brúigh
3D
.
2 - Cliceáil
Tiontú 2D go 3D
. Cuir ort do spéaclaí 3D.
Chun casadh as…
1 - Brúigh
3D
.
2 - Cliceáil
2D
.
14.4
Féachaint 3D is fearr
Chun an t-eispéireas 3D féachana is fearr a fháil, molaimid duit
na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• suí ar a laghad achar ón teilifís atá 3 oiread airde scáileán na
teilifíse, ach gan suí níos faide ná 6 méadar uaidh.
• soilsiú fluaraiseach (cosúil le soilsiú TL nó bolgáin solais áirithe
atá tíosach ar fhuinneamh agus a oibríonn ar mhinicíocht íseal)
agus solas díreach na gréine a sheachaint, mar go bhféadfaidís cur
isteach ar an eispéireas 3D.
14.5
Cúram a thabhairt do na Spéaclaí
3D
• Ná húsáid ceimiceáin ghlanta a bhfuil alcól, tuaslagóir nó
dromchlaghníomhaí iontu, nó céir, beinséin, tanaitheoir, éarthach
50