operation manual

15
Ilamharc
15.1
Maidir le hIlamharc
Le tascbharra
Ilamharc
, is féidir leat athrú go héasca ó
fheidhmchlár amháin a tosaíodh le gairid - teilifís, Téacs, Eolaire
teilifíse, Chrome, etc. - go dtí an ceann eile. Mar shampla, is féidir
leat athrú go díreach ón gcainéal teilifíse a bhfuil tú ag féachaint
air go dtí an láithreán gréasáin a d'oscail tú in Google Chrome
tamall ó shin.
Is féidir leat féachaint ar dhá chainéal teilifíse ag an am céanna le
hIlamharc freisin. Beidh cainéal teilifíse amháin i scáileán mór, an
cainéal eile i scáileán beag (Pictiúr i bPictiúr).
Níl aon fhuaim ag an scáileán beag.
Ní féidir leis an scáileán Ilamharc fís a thaispeáint in 3D nó in
Ultra HD. Níl Ilamharc ar fáil do chainéil teilifíse analógacha. Ní
thacaíonn gach Feidhmchlár le hIlamharc.
15.2
An Tascbharra
Is féidir leat athrú ó fheidhmchlár amháin teilifíse a d'oscail tú le
gairid go dtí ceann eile leis an tascbharra. Is féidir leis an
tascbharra na 6 feidhmchlár is deireanaí a osclaíodh a thaispeáint.
Chun athrú ó fheidhmchlár amháin go dtí ceann eile…
1 - Brúigh
MULTI VIEW
. Taispeánfar an tascbharra ag bun
an scáileáin agus taispeánfaidh sé deilbhíní na bhfeidhmchlár is
deireanaí a osclaíodh.
2 - Cliceáil ar dheilbhín an fheidhmchláir atá uait. Athróidh an
teilifís go dtí an feidhmchlár.
15.3
Féach ar Dhá Chainéal Teilifíse
Is féidir leat féachaint ar dhá chainéal teilifíse ag an am céanna le
hIlamharc. Taispeánfar an dara cainéal i scáileán beag ar bharr an
scáileáin ar thaobh na láimhe deise.
Chun féachaint ar dhá chainéal teilifíse ag an am céanna …
1 - Brúigh
chun féachaint ar chraoladh teilifíse
2 - Brúigh
MULTI VIEW
. Taispeánfar an tascbharra ag bun
an scáileáin.
3 - Cliceáil
ar an scáileán. Taispeánfar an cainéal céanna i
scáiléan beag.
Chun an scáiléan beag a chur i bhfolach, brúigh
MULTI
VIEW
arís agus cliceáil ar
ar an scáileán.
Má tá CAM amháin nó dhá CAM in úsáid agat chun cainéil a
dhíscrobh (dhá CAM a bhfuil cearta féachana éagsúla acu),
d'fhéadfadh sé tarlú nach dtaispeánfar roinnt cainéal i scáileán
beag Ilamharc. Tá an seans ann nach bhfuil na cearta ar fáil agat
chun an cainéal sin a dhíscrobh ar an tiúnóir sin. Ní féidir le
hIlamharc cainéil a thaispeáint ó Cuir Teilifís ar Sos.
15.4
Babhtáil Scáileáin
Is féidir leat na cainéil a bhabhtáil ón scáileán mór go dtí an
scáileán beag nó vice versa.
Chun cainéil a bhabhtáil …
1 - Brúigh
MULTI VIEW
.
2 - Cliceáil
chun na cainéil a bhabhtáil.
15.5
Téacs agus Teilifís
Is féidir leat féachaint ar chainéal teilifíse i scáileán beag Ilamharc
nuair atá tú ag féachaint ar Théacs.
Chun féachaint ar chainéal teilifíse agus tú ag féachaint ar
Théacs…
1 - Brúigh
MULTI VIEW
.
2 - Cliceáil
ar an scáileán. Taispeánfar an cainéal a raibh tú ag
féachaint air sa scáileán beag.
3 - Brúigh
  chun cainéil sa scáileán beag
a athrú.
Chun an scáileán beag a chur i bhfolach, brúigh
MULTI
VIEW
arís agus cliceáil
ar an scáileán.
52