operation manual
Chun teagmhálaí a dhíbhlocáil…
1 - Sa roghchlár Skype, cliceáil
Socruithe
.
2 - Roghnaigh
Slándáil
>
Bainistigh teagmhálaithe blocáilte
.
3 - Lean na treoracha ar an scáileán.
Athainmnigh Teagmhálaí
Chun teagmhálaí a athainmniú…
1 - Ar an leathanach
Daoine
, cliceáil ar an teagmhálaí a bhfuil
uait é a athainmniú.
2 - Cliceáil
Cuir in Eagar
in aice le hainm do theagmhálaí.
3 - Cuir isteach an t-ainm nua don teagmhálaí seo agus cliceáil
Sábháil
.
20.5
Ag déanamh glao ar Skype
Glao Físe nó Gutha
Glao Físe a dhéanamh
Chun Glao físe a dhéanamh…
1 - Ar an leathanach
Daoine
, roghnaigh an teagmhálaí a bhfuil
uait glaoch air.
2 - Roghnaigh
Glao físe
. Má tá do theagmhálaí ar Skype, agus
ceamara Skype nasctha aige agus má fhreagraíonn sé an glao, is
féidir leat an duine seo a fheiceáil ar an teilifís.
3 - Chun deireadh a chur leis an nglao, cliceáil
Cuir deireadh
le glao
.
Nuair atá do cheamara Skype casta air, lastar táscaire LED gorm.
Is féidir leat seiceáil a dhéanamh ar a bhfuil le feiceáil ag do
theagmhálaí sa scáileán beag ag bun an scáileán teilifíse ar thaobh
na láimhe deise.
Chun an ceamara Skype a chasadh as, cliceáil
Fís As
. Chun é
a chasadh air arís, cliceáil
Fís Air
.
Chun do mhicreafón a bhalbhú, cliceáil
Mic As
. Chun é a
chasadh air arís, cliceáil
Mic Air
.
Glao Gutha a dhéanamh
Déan
Glao gutha
chun glaoch gan fís, leis an gceamara casta as.
Chun Glao gutha a dhéanamh…
1 - Ar an leathanach
Daoine
, cliceáil ar an teagmhálaí a bhfuil
uait glaoch air.
2 - Roghnaigh
Glao gutha
agus brúigh OK. Má tá do theagmhálaí
ar Skype agus má fhreagraíonn sé an glao, is féidir leat labhairt le
do theagmhálaí.
3 - Chun deireadh a chur leis an nglao, cliceáil
Cuir deireadh
le glao
.
Is féidir le teagmhálaí tú a chur le glao gutha a bhfuil níos mó ná
rannpháirtí amháin ann. Ní féidir leat rannpháirtí breise a chur
leis an nglao tú féin.
Ag Glaoch ar Theileafóin
Is féidir leat glaonna ar chostas íseal a dhéanamh d'fhóin
shoghluaiste agus do línte talún le Skype. Ní mór Creidmheas
Skype nó suibscríbhinn do Skype a bheith agat chun glaoch ar
fhóin.
Chun glaoch ar theileafón…
1 - Ar an leathanach
Daoine
, cliceáil ar theagmhálaí uimhir
teileafóin.
2 - Cliceáil ar an uimhir. Ní mór duit
Creidmheasanna Skype
a
bheith ar fáil nó Suibscríbhinn Skype a bheith agat chun glao a
dhéanamh le huimhir teileafóin. Má fhreagraíonn do theagmhálaí
an glao, is féidir leat labhairt le do theagmhálaí.
3 - Chun deireadh a chur leis an nglao, cliceáil
Cuir deireadh
le glao
.
Is féidir leat glaoch ar uimhir teileafóin go díreach le Skype freisin.
Is féidir leat an uimhir teileafóin a chur isteach leis an gceap
diailithe.
Chun an ceap diailithe a oscailt…
1 - Sa
roghchlár Skype
, cliceáil
Glaoigh ar fhóin
.
2 - Cliceáil
Roghnaigh tír
chun an réamhuimhir tíre a chur
isteach. Déan cuardach don tír atá uait agus cliceáil a hainm agus
bratach.
3 - Téigh ar ais go
Glaoigh fóin
.
4 - Cliceáil ar na huimhreacha ar an gceap diaile chun an uimhir
teileafóin a chur isetach.
5 - Cliceáil
Glaoigh
.
6 - Chun deireadh a chur leis an nglao, cliceáil
Cuir deireadh
le glao
.
Ní féidir glao éigeandála a dhéanamh le Skype
Ní ionad atá i Skype don teileafón agus ní féidir é a úsáid do
ghlaonna éigeandála.
Glacadh le Glao
Nuair atá tú sínithe isteach go Skype agus ag féachaint ar an
teilifís, tabharfaidh clingthon agus teachtaireacht ar an scáileán
foláireamh duit faoi ghlao ag teacht isteach. Taispeánfaidh an
teachtaireacht an duine atá ag glaoch agus is féidir leat an glao a
fhreagairt nó a dhiúltú.
Chun an glao a fhreagairt, cliceáil
– Glaoigh le fís.
Chun an glao a fhreagairt leis an gceamara casta as, cliceáil
– Glaoigh le fuaim.
63