operation manual
Chun an glao a dhiúltú, cliceáil
chun an glao a dhiúltú.
Stair
Ar an leathanach
Stair
ar roghchlár Skype, gheobhaidh tú liosta
de na glaonna atá déanta agat ar an teilifís. Aimseoidh tú na
glaonna a chaill tú agus is féidir leat éisteacht le teachtaireachtaí
Gutha.
Braitheann an méid ama a choinnítear d'eachtraí Skype sa liosta
staire seo ar an líon teagmhálaithe atá agat agus a mhinicí a
úsáideann tú Skype.
Teachtaireachtaí Gutha
Maidir le Teachtaireachtaí Gutha
Má ghlaonn duine ort ar Skype agus mura nglacfaidh tú leis an
nglao, is féidir leis nó léi teachtaireacht labhartha a fhágáil ar
Theachtaireachtaí Gutha Skype
. Má ghlaonn tú ar theagmhálaí
agus mura bhfuil siad in ann glacadh leis an nglao, is féidir leat
Teachtaireacht Gutha a sheoladh chuig do theagmhálaí.
Chun Teachtaireacht Gutha a sheoladh nó chun glacadh le
ceann, ní mór duit - nó do theagmhálaí - Teachtaireachtaí Gutha
Skype a shocrú ar dtús. Is féidir leat Teachtaireachtaí Gutha a
shocrú ar do ríomhaire. Téigh go www.skype.com
Teachtaireacht Gutha a Thaifeadadh
Má tá teachtaireachtaí Gutha gníomhachtaithe ag do
theagmhálaí, is féidir leat teachtaireacht gutha a fhágáil mura
bhfreagróidh siad do ghlao.
Chun Teachtaireacht Gutha a thaifeadadh…
1 - Glaoigh ar theagmhálaí. Mura bhfreagrófar do ghlao, molfaidh
Skype duit
Teachtaireacht gutha
a sheoladh.
2 - Fág do theachtaireacht tar éis na bípe.
3 - Chun an taifeadadh a stopadh, cliceáil
Cuir deireadh le glao
.
Teachtaireacht Gutha a sheinnt
Is féidir le teagmhálaí Teachtaireacht Gutha a sheoladh chugat. Is
féidir leat Teachtaireacht Gutha a sheinnt ón leathanach Stair.
Chun Teachtaireacht Gutha a sheinnt…
1 - Sa
roghchlár Skype
, cliceáil
Stair
.
2 - Cliceáil an
Teachtaireacht Gutha
a bhfuil tú ag iarraidh é a
sheinnt.
3 - Cliceáil
chun an Teachtaireacht Gutha a sheinnt. Is féidir
leat éisteacht le Teachtaireacht Gutha a mhinicí is atá tú ag
iarraidh.
20.6
Creidmheas Skype
Is féidir leat Creidmheas Skype nó suibscríbhinn Skype a thógáil
amach ar Skype. Nuair atá Creidmheas Skype nó suibscríbhinn
Skype ar fáil, is féidir leat glaonna ar chostas íseal a dhéanamh
d'fhóin shoghluaiste agus do línte talún le do theilifís.
Creidhmheas Skype a cheannach
Chun Creidhmheas Skype a cheannach nó suibscríbhinn Skype a
thógáil amach, sínigh isteach go Skype ar do ríomhaire.
Beidh an Creidmheas Skype a cheannaíonn tú ar fáil nuair a
shíníonn tú isteach go Skype ar do theilifís.
Taispeánfar an méid creidmheasa nó an t-eolas suibscríbhinne ar
gach leathanach ar féidir leat glao fóin a dhéanamh ann.
Creidmheas Skype íseal
Tabharfar fógra duit má tá do chreidmheas ró-íseal chun glao
fóin a dhéanamh.
20.7
Socruithe Skype
Cuimhnigh ar mo phasfhocal
Má úsáideann tú an cuntas céanna Skype ar an teilifís i gcónaí, is
féidir leat Skype a shocrú chun dul thar an leathanach sínithe
isteach.
Ar an leathanach sínithe isteach, cliceáil an ticbhosca in aice le
Cuimhnigh ar mo phasfhocal
. Mura síneoidh tú amach as Skype
agus má théann tú ar ais ag féachaint ar an teilifís nó má chasann
tú as an teilifís – an chéad uair eile a thosaíonn tú Skype, osclóidh
sé ar do leathanach Daoine. Ní gá duit síniú isteach ar dtús.
Ginearálta
Creidmheas Skype
Chun an méid Creidmheas Skype atá agat a sheiceáil…
Tosaigh
Skype
agus cliceáil
Socruithe
>
Ginearálta
>
Creidmheas Skype
.
Téarmaí agus Coinníollacha Skype
Chun Téarmaí agus Coinníollacha Skype nó Polasaí
Príobháideachta Skype a léamh…
Tosaigh Skype agus cliceáil
Socruithe
>
Ginearálta
>
Téarmaí agus Coinníollacha
nó
Polasaí Príobháideachta
.
64