operation manual

2.3
Leideanna maidir le Láithriú
• Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go díreach ar an
scáileán.
• Ísligh an solas sa seomra chun na dálaí is fearr a fháil don
éifeacht Ambilight.
• Socraigh an teilifís suas le 15 cm ón mballa.
• Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an teilifís uaidh
ná trí oiread méid fhiarthrasna an scáileáin. Nuair atá tú i do shuí,
ba cheart go mbeadh do shúile ar an leibhéal céanna le lár an
scáileáin.
2.4
Cábla Cumhachta
• Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir
POWER
ar chúl na
teilifíse.
• Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha isteach go
daingean sa nascóir.
• Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an bpluga
cumhachta sa soicéad balla.
• Nuair a díphlugálann tú an cábla cumhachta, tarraing an pluga i
gcónaí, ná tarraing an cábla go deo.
D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal ag an teilifís
seo nuair atá sé ar fuireachas, bain amach an cábla cumhachta
chun fuinneamh a shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar
feadh tréimhse fada.
Brúigh an eochair datha
Eochairfhocail
agus déan cuardach
do
Casadh air
chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi an teilifís a
chasadh air agus as.
2.5
Cábla na hAeróige
Cuir isteach pluga na haeróige go daingean sa soicéad
Aeróige
ar chúl na teilifíse.
Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a dhéanamh le
comhartha aeróige ó chóras dáilte aeróige. Úsáid nascóir aeróige
IEC Coax 75 Ohm RF.
Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir DVB-T agus
DVB-C.
2.6
Mias Satailíte
Tuner amháin
Ní mór duit 2 chábla comhionanna a nascadh ó do mhias
satailíte go dtí an teilifís chun féachaint ar chainéal satailíte agus
chun cainéal eile a thaifeadadh ag an am céanna. Mura bhfuil ar
fáil agat ach 1 cábla, ní féidir leat féachaint ar aon chainéal ach
amháin an ceann a bhfuil tú ag taifeadadh air.
Nasc an cábla ón mias satailíte go díreach go dtí an nasc
SAT 1
.
Úsáid cábla comhaiseach atá in ann mias aeróige satailíte a
nascadh. Cinntigh go bhfuil do mhias satailíte ailínithe go foirfe
sula dtosóidh tú an tsuiteáil.
Roghnaigh
Tiúnóir amháin
i rith na suiteála satailíte.
7