operation manual

3
Líonra
3.1
Nasc le Líonra
Nasc gan Sreang
A bhfuil de dhíth ort
Teastaíonn ródaire Wi-Fi a bhfuil nasc don Idirlíon aige chun an
teilifís a nascadh leis an Idirlíon gan sreang.
Úsáid nasc ardluais (leathanbhanda) leis an Idirlíon.
Déan an Nasc
Gan sreang
Chun nasc gan sreang a dhéanamh…
1 - Brúigh
agus brúigh
(clé)
Suiteáil
.
2 - Cliceáil
Líonra
agus cliceáil
Nasc le Líonra
.
3 - Cliceáil
Gan sreang
.
4 - Cliceáil ar do líonra gan sreang sa liosta de na líonraí a
aimsíodh. Mura bhfuil do líonra sa liosta mar go bhfuil ainm an
líonra i bhfolach (chas tú craoladh SSID an ródaire as), roghnaigh
Cuir isteach ainm
chun ainm líonra a chur isteach tú féin.
5 - Ag brath ar chineál an ródaire, cuir isteach d'eochair criptithe
- WEP, WPA nó WPA2. Más rud é gur chuir tú isteach an
eochair chriptithe don líonra seo cheana féin, is féidir leat
OK
a
chliceáil chun an nasc a dhéanamh láithreach.
6 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an nasc.
WPS
Má tá WPS ag do ródaire, is féidir leat nascadh leis an ródaire go
díreach gan scanadh a dhéanamh do líonraí. Má tá gléasanna agat
i do líonra gan sreang a úsáideann an córas slándála criptithe
WEP, ní féidir leat WPS a úsáid.
1 - Brúigh
HOME chun an roghchlár Baile a oscailt.
2 - Cliceáil
Feidhmchláir
sa roghchlár agus cliceáil
Suiteáil
.
3 - Cliceáil
Líonra
agus cliceáil
Nasc le Líonra
.
4 - Cliceáil
WPS
.
5 - Téigh go dtí an ródaire, brúigh an cnaipe WPS agus téigh ar
ais go dtí an teilifís laistigh de 2 nóiméad.
6 - Cliceáil
Nasc
chun an nasc a dhéanamh.
7 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an nasc.
WPS le cód PIN
Má tá WPS a bhfuil cód PIN air ag do ródaire, is féidir leat
nascadh go díreach leis an ródaire gan scanadh a dhéanamh do
líonraí. Má tá gléasanna agat i do líonra gan sreang a úsáideann
an córas slándála criptithe WEP, ní féidir leat WPS a úsáid.
1 - Brúigh
HOME chun an roghchlár Baile a oscailt.
2 - Cliceáil
Feidhmchláir
sa roghchlár agus cliceáil
Suiteáil
.
3 - Téigh go dtí
Líonra
agus cliceáil
Nasc le Líonra
.
4 - Cliceáil
WPS le cód PIN
.
5 - Scríobh síos an cód PIN a bhfuil 8 digit ann atá ar taispeáint
ar an scáileán agus cuir isteach i mbogearraí an ródaire ar do
ríomhaire é. Faigh comhairle ó threoirleabhar an ródaire faoin áit
a bhfuil an cód PIN le cur isteach i mbogearraí an ródaire.
6 - Cliceáil
Nasc
chun an nasc a dhéanamh.
7 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an nasc.
Fabhtcheartú
Níor aimsíodh an líonra gan sreang nó tá sé díchumtha
• Tá oighinn micreathonnacha, fóin DECT nó gléasanna eile Wi-
Fi 802.11b/g/n i do chomharsanacht in ann cur isteach ar an
líonra gan sreang.
• Bí cinnte go ligeann na ballaí dóiteáin i do líonra rochtain ar
nasc gan sreang na teilifíse.
• Mura n-oibreoidh an líonra gan sreang i gceart i do theach,
bain triail as an líonra sreangaithe a shuiteáil.
Ní oibríonn an tIdirlíon
• Má tá an nasc don ródaire ag obair i gceart, seiceáil nasc an
ródaire don Idirlíon.
Tá an ríomhaire agus an nasc Idirlín mall
• Féach i dtreoirleabhar úsáideora do ródaire gan sreang chun
eolas a fháil maidir le raon laistigh, ráta aistrithe nó fachtóirí eile a
bhaineann le caighdeán an chomhartha.
• Úsáid nasc Idirlín ardluais (leathanbhanda) do do ródaire.
DHCP
• Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP (Prótacal
Óstchumraíochta Dinimiciúla) an ródaire a sheicéail. Ba cheart
go mbeadh DHCP casta air.
Nasc Sreangaithe
A bhfuil de dhíth ort
Teastaíonn ródaire líonra uait atá nasctha leis an an Idirlíon chun
an teilifís a nascadh leis an Idirlíon. Úsáid nasc ardluais
(leathanbhanda) leis an Idirlíon.
9