User manual

Table Of Contents
Suiteáil de Láimh
Is féidir cainéil teilifíse analógacha a shuiteáil de
láimh, cainéal i ndiaidh cainéil.
Chun cainéil analógacha a shuiteáil de láimh…
1 - Roghnaigh Socruithe > Cainéil > Suiteáil
Aeróige/Cábla Suiteáil Aeróige agus brúigh OK.
Cuir isteach do chód PIN más gá.
2 - Roghnaigh Analógach: Suiteáil de láimh agus
brúigh OK.
Córas
Chun córas na teilifíse a shuiteáil, roghnaigh Córas.
Roghnaigh do thír nó an chuid sin den domhan a
bhfuil tú anois ann agus brúigh OK.
Cuardaigh Cainéal
Chun cainéal a aimsiú, roghnaigh Cuardaigh
Cainéal agus brúigh OK. Is féidir leat minicíocht a
chur isteach tú féin chun cainéal a aimsiú nó ligint
don teilifís cuardach a dhéanamh don chainéal.
Brúigh (deas) chun Cuardaigh a roghnú agus
brúigh OK chun cuardach a dhéanamh do chainéal
go huathoibríoch. Taispeánfar an cainéal a aimseofar
ar an scáileán agus má tá an ghlacacht go dona,
brúigh Cuardaigh arís. Má tá uait an cainéal a stóráil,
roghnaigh Déanta agus brúigh OK.
Stóráil
Is féidir leat an cainéal a stóráil ar an uimhir cainéil
reatha nó uimhir cainéil nua.
Roghnaigh Stóráil Cainéal Reatha Stóráil ma
Chainéal Nua agus brúigh OK. Taispeánfar an uimhir
nua cainéal.
Is féidir leat na céimeanna seo a dhéanamh arís agus
arís eile go dtí go bhfuil gach cainéal teilifíse
analógach aimsithe agat.
6.3
Cóipeáil Liosta Cainéal
Réamheolas
Is do dhíoltóirí agus do shainúsáideoirí amháin atá
Cóipeáil Liosta Cainéal beartaithe.
Is féidir leat na cainéil atá suiteáilte ar theilifís amháin
a chóipeáil go dtí teilifís Philips eile den déanamh
céanna le Cóipeáil Liosta Cainéal. Seachnaíonn tú
cuardach cainéal fada trí liosta cainéal atá
réamhshainithe a uaslódáil le Cóipeáil Liosta Cainéal.
Úsáid méaróg chuimhne USB a bhfuil ar a laghad 1 GB
de spás saor uirthi.
Coinníollacha
• Is ón raon bliana céanna an dá teilifís.
• Tá an cineál crua-earraí céanna ag an dá teilifís.
Féach ar an gcineál crua-earraí ar chlár chineál na
teilifíse ar chúl na teilifíse.
• Tá leaganacha bogearraí ag an dá theilifís atá
comhoiriúnach.
Leagan reatha cainéil
Chun leagan reatha an liosta cainéal a sheiceáil…
1 - Roghnaigh Socruithe > Cainéil, roghnaigh
Cóipeáil Liosta Cainéal, roghnaigh Leagan
Reatha agus brúigh OK.
2 - Brúigh OK chun dúnadh.
Leagan bogearraí reatha
Chun leagan reatha na teilifíse a sheiceáil…
1 - Roghnaigh Socruithe > Nuashonraigh
Bogearraí agus brúigh (deas) chun an roghchlár
a oscailt.
2 - Roghnaigh Eolas faoi Bhogearraí Reatha agus
brúigh OK.
3 - Taispeánfar an leagan, na nótaí eisithe agus an
dáta cruthaithe. Taispeánfar an Uimhir ESN Netflix
freisin má tá sé ar fáil.
4 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Liosta Cainéal a chóipeáil
Chun liosta cainéal a chóipeáil…
1 - Cas air an teilifís. Ba cheart go mbeadh cainéil
suiteáilte ag an teilifís seo.
2 - Plugáil isteach méaróg chuimhne USB.
3 - Roghnaigh Socruithe > Cainéil > Cóipeáil
Liosta Cainéal agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh Cóipeáil chuig USB agus brúigh OK.
D'fhéadfaí iarraidh ort an cód PIN Glais Leanaí a chur
isteach chun an liosta cainéal a chóipeáil.
5 - Nuair atá an chóipeáil déanta, bain amach pluga
an mhéaróg chuimhne USB.
6 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Is féidir leat an liosta cainéal atá cóipeáilte a uaslódáil
anois go dtí teilifís Philips eile.
Leagan Liosta Cainéal
Seiceáil leagan reatha an liosta cainéal...
1 - Roghnaigh Socruithe > Cainéil agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
2 - Roghnaigh Cóipeáil Liosta Cainéal agus
roghnaigh Leagan Reatha, ansin brúigh OK.
3 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
26