User manual

Table Of Contents
Roghnaigh dath an bhalla taobh thiar den teilifís agus
cuirfidh an teilifís na dathanna Ambilight in oiriúint dó.
Socraigh Ambilight chun casadh as láithreach nó
céimniú amach go mall nuair a chasann tú as an
teilifís
Socruithe > Ambilight > Ardsocruithe > Cas as
teilifís> Maolaigh amach do as / Cas as láithreach.
Tiúnáil ISF
Socruithe > Ambilight > Ardsocruithe > Tiúnáil
ISF.
Déanann saineolaí Chalabrú ISF tiúnáil agus glasáil ar
an dath is ansa leat do Ambilight. Nuair atá an
Calabrú ISF déanta, roghnaigh Socruithe >
Ambilight > Stíl Ambilight > Lean dath > Warm
white/ISF chun tiúnáil ISF a úsáid do Ambilight.
14.4
Éicea-Socruithe
Socraigh an scáileán go As chun fuinnimh a choigilt
Socruithe > Éicea-Socruithe > Scáileán as.
Roghnaigh Scáileán as, castar as an scáileán teilifíse,
chun an scáileán teilifíse a chasadh air arís, brúigh
aon eochair ar an gcianrialtán.
Cas air an braiteoir solais thimpellaigh ionsuite
Socruithe > Éicea-Socruithe > Braiteoir solais.
Roghnaigh Braiteoir solais, íslíonn an braiteoir ionsuite
timpeallach gile an scáileán teilifíse nuair a éiríonn sé
níos dorcha. Coigeartaíonn an braiteoir solais ionsuite
an pictiúr go huathoibríoch do choinníollacha solais
an tseomra.
Socraigh uaineadóir casadh as teilifís
Socruithe > Éicea-socruithe > Uaineadóir
casadh as.
Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun an
luach a athrú. Díghníomhachtóidh an luach 0 (As)
an casadh as uathoibríoch.
Roghnaigh Uaineadóir casadh as, casann an teilifís
as go huathoibríoch chun fuinneamh a choigilt.
* Casann an teilifís as má tá comhartha teilifíse á fáil
aici ach mura mbrúnn tú eochair ar an gcianrialtán i
rith tréimhse 4 uaire.
* Casann an teilifís as mura bhfuil sé ag fáil comhartha
teilifíse ná ordú ón gcianrialtán ar feadh 10 nóiméad.
* Má úsáideann tú an teilifís mar mhonatóir nó má
úsáideann tú glacadóir digiteach chun féachaint ar an
teilifís (Bosca bairr - STB) agus mura n-úsáideann tú
cianrialtán na teilifíse, ba cheart duit an socrú chun an
gléas a chasadh as go huathoibríoch a
dhíghníomhachtú tríd an luach a athrú go 0.
14.5
Socruithe Ginearálta
Diosca Crua USB
Ní mór duit Diosca Crua USB a shuiteáil agus a
fhormáidiú sula ndéanann tú taifead ar chainéal.
Socruithe > Socruithe ginearálta > Diosca Crua
USB.
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos nó a
thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh
agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach
comhad ón Diosca Crua USB. Má tá uait craoltaí a
thaifeadadh le sonraí ón Eolaire Teilifíse ón Idirlíon, ní
mór duit an nasc Idirlín a shuiteáil sula suiteálann tú
an Diosca Crua USB.
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don
teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a
úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus
ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua
USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta.
Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a
fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an
méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh
athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá
suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le
ríomhaire.
* Nasc Diosca Crua USB atá níos lú ná 2TB.
Chun Diosca Crua USB a fhormáidiú…
1 - Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc
USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt
USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
2 - Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3 - Roghnaigh Taifeadtaí má tá uait an Teilifís a
chur ar sos nó Taifeadtaí a roghnú, seachas sin,
roghnaigh Feidhmchláir chun feidhmchláir a stóráil.
Lean na treoracha ar an scáileán.
4 - Bainfear as gach comhad agus sonraí tar éis
formáidithe.
5 - Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe,
fág nasctha go buan é.
55