User manual
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Scáileán Baile
- 2 Suiteáil
- 3 Cianrialtán
- 4 Ag Casadh Air agus As
- 5 Cainéil
- 6 Suiteáil Cainéal
- 7 Nasc Gléasanna
- 8 Nasc do Android TV
- 9 Feidhmchláir
- 10 Idirlíon
- 11 Mear-Roghchlár
- 12 Naisc, Liosta
- 13 Líonraí
- 14 Socruithe
- 15 Meáin
- 16 Eolaire Teilifíse
- 17 Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar Sos
- 18 Fóin Chliste agus Táibléid
- 19 Cluichí
- 20 Ambilight
- 21 Sár-Roghanna
- 22 Freeview Play
- 23 Netflix
- 24 Alexa
- 25 Bogearaí
- 26 Sonraíochtaí
- 27 Cúnamh agus Tacaíocht
- 28 Sábháilteacht agus Cúram
- 29 Téarmaí Úsáide
- 30 Cóipchearta
- 31 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
Chun an liosta taifeadtaí a oscailt…
1 - Brúigh TV GUIDE.
2 - Brúigh an eochair datha Taifeadtaí .
3 - Sa liosta taifeadtaí, roghnaigh na
tábanna Nua, Feicthe nó Éagtha agus
brúigh OK chun d'amharc a scagadh.
4 - Agus taifeadadh roghnaithe sa liosta agat, is féidir
leat an taifeadadh a bhaint as leis an eochair
datha Bain As nó taifeadadh leanúnach a
stopadh leis an eochair datha Stop Taifeadadh .
Is féidir leat taifeadadh a athainmniú leis an eochair
datha Athainmnigh .
5 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Is féidir le craoltóir teorainn a chur leis an líon
laethanta ar féidir féachaint ar thaifeadadh. Nuair a
théann an tréimhse seo in éag, marcálfar an
taifeadadh mar éagtha. Is féidir le taifeadadh sa liosta
an líon laethanta sula ngabhfaidh sé in éag a
thaispeáint.
Nuair a chuireann an craoltóir cosc le taifeadadh
sceidealaithe nó nuair a bhristear isteach ar
chraoladh, marcáiltear taifeadadh mar Teipthe.
Coimhlintí Taifeadta
Nuair atá dhá thaifeadadh sceidealta ag forluí ar a
chéile, tá coimhlint taifeadta ann. Chun coimhlint
taifeadta a réiteach, is féidir leat am tosaithe agus am
críochnaithe ceann amháin nó an dá thaifeadadh a
athrú.
Chun am tosaithe agus am críochnaithe taifeadta
sceidealta a athrú…
1 - Brúigh TV GUIDE.
2 - Brúigh an eochair datha Taifeadtaí .
3 - Ar bharr an scáileáin,
roghnaigh Sceidealta agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh an táb Taifeadtaí i liosta na
dtaifeadtaí atá sceidealta agus na meabhrúchán agus
brúigh OK chun féachaint ar na taifeadtaí atá
sceidealta amháin.
5 - Roghnaigh an taifeadadh sceidealta atá ag
coimhlint le taifeadadh sceidealta eile agus agus
brúigh an eochair datha Athraigh Am .
6 - Roghnaigh am tosaithe nó am críochnaithe agus
athraigh an t-am leis na heochracha (suas) nó
(síos). Roghnaigh Cuir i bhFeidhm agus brúigh OK.
7 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Auto End Margin
Is féidir leat an t-achar ama a chuirfidh an teilifís go
huathoibríoch le deireadh gach taifeadadh sceidealta
a shocrú.
Chun an t-achar ama uathoibríoch ag deireadh an
taifeadta a shocrú…
1 - Brúigh TV GUIDE.
2 - Brúigh an eochair datha Taifeadtaí .
3 - Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Auto End
Margin agus brúigh OK.
4 - Brúigh (suas) nó (síos) agus
brúigh OK chun an t-achar ama a chuirtear le
taifeadadh a shocrú go huathoibríoch. Is féidir leat
suas le 45 nóimead a chur le taifeadadh.
5 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Taifeadadh de láimh
Is féidir leat taifeadadh a sceidealú nach bhfuil
nasctha le clár teilifíse. Socraíonn tú an cineál tiúnóra,
an cainéal agus an t-am tosaithe agus críochnaithe tú
féin.
Chun taifeadadh a sceidealú de láimh…
1 - Brúigh TV GUIDE.
2 - Brúigh an eochair datha Taifeadtaí .
3 - Ar bharr an scáileáin,
roghnaigh Sceidealta agus brúigh OK.
4 - Brúigh OPTIONS , roghnaigh Sceidealaigh agus
brúighOK.
5 - Roghnaigh an tiúnóir a bhfuil uait taifeadadh
uaidh agus brúigh OK.
6 - Roghnaigh an cainéal a bhfuil uait taifeadadh
uaidh agus brúigh OK.
7 - Roghnaigh lá an taifeadta agus brúigh OK.
8 - Socraigh am tosaithe agus críochnaithe an
taifeadta. Roghnaigh cnaipe agus úsáid na
heochracha (suas) nó (síos) chun na
huaireanta agus na nóiméid a shocrú.
9 - Roghnaigh Taifead agus brúigh OK chun an
taifeadadh de láimh a sceidealú.
Taispeánfar an taifeadadh sa liosta taifeadtaí
sceidealta agus meabhrúchán.
Féach ar Thaifeadadh
Chun féachaint ar thaifeadadh…
1 - Brúigh TV GUIDE.
2 - Brúigh an eochair datha Taifeadtaí .
3 - Sa liosta taifeadtaí, roghnaigh an taifeadadh atá
uait agus brúigh OK chun tosú ag féachaint.
4 - Is féidir leat úsáid a bhaint as na
heochracha (cuir ar
sos), (seinn), (atochras), (mearchasadh)
nó (stop).
5 - Chun athrú ar ais go féachaint ar theilifís,
brúigh EXIT.
68